Pleananna Ceantair Áitiúil

  • Céard is Plean Ceantair Áitiúil ann?

    Is cáipéis dhlíthiúil é Plean Ceantair Áitiúil agus ráiteas poiblí ina dtugtar beartais pleanála níos mionsonraithe, seachas an Plean Forbartha Cathrach, le haghaidh ceantar sa chathair a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh forbairt agus athrú mór orthu amach anseo. Ullmhaítear é i gcomhairle le pobail áitiúla, le muintir na háite, le soláthraithe seirbhíse, le comhlachtaí reachtúla agus le húinéirí talún. Leagtar amach straitéis ann le haghaidh pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe ceantair.

    Áirítear i bPlean Ceantair Áitiúil ráiteas i scríbhinn agus léarscáil(eanna), ina dtugtar cuntas ar chuspóirí na n-údarás áitiúil do cheantar an phlean. Soláthraítear freisin sa phlean na caighdeáin a threoróidh forbairt sa cheantar. Tá sé bailí ar feadh sé bliana ón dáta a nglacfaidh an Chomhairle leis, agus féadfar síneadh cúig bliana eile a chur leis an tréimhse sin trí rún a rithfidh comhaltaí na Comhairle. Ba cheart go mbeadh Pleananna Ceantair Áitiúil ag teacht leis na treoircháipéisí náisiúnta agus réigiúnacha agus le straitéis agus beartais lárnacha an Phlean Forbartha Cathrach. Ní mór dó freagairt do na deiseanna agus do na dúshláin a chruthaítear sna cúinsí geilleagracha reatha agus forbairt leanúnach gheilleagrach agus shóisialta a chur chun cinn.

    Beidh comhairliúchán poiblí ar siúl ag an Rannán Plean Forbartha agus Beartais le linn ullmhú an Phlean Ceantair Áitiúil. Is iad Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a ghlacann leis na Pleananna Ceantair Áitiúil.

    Cuirtear ullmhúchán do na Pleananna Ceantair Áitiúil san áireamh i bPlean Forbartha na Cathrach 2017-2023 le haghaidh le haghaidh tailte ag na hArdáin, Muirbheach agus ceantar Bhóthar Áth Cinn (ó dheas d’acomhal Bodkin).

    Barr...

  • Dréacht Phlean Ceantair Áitiúil na hArdáin

    Tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Dréacht-Phlean Limistéir Áitiúil do na tailte sa limistéar ar a dtugtar na hArdáin ar an taobh thoir den chathair (164ha).

     

    Dréacht Phlean Ceantair Áitiúil na hArdáin 2018-2024

    Tuarascáil Straitéiseach Timpeallachta

    Tuarascáil um Thástáil i Leith Measúnú Oiriúnachta

    Cinneadh Measúnú Oiriúnachta

    Public Notice Draft Ardaun Local Area Plan

    Fógra Poiblí Dréacht-Phlean Limistéir Áitiúil do na hArdáin

    Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na nArdán

    Tuarascáil um Thástáil i Leith Measúnú Straitéiseach Timpeallachta

    Tuarascáil um Thástáil i Leith Measúnú Oiriúnachta

    Fógra Poiblí Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na nArdán

    Plean Limistéir Áitiúil na nArdán agus Athruithe Ábhartha Beartaithe

    Fógra Poiblí: Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na nArdán 2018-2024

    Barr...

  • Achoimre ar an bPróiseas maidir le Plean Ceantair Áitiúil a Ullmhú

    Seo a leanas achoimre ar an tréimhse agus ar na próisis a bhaineann le Plean Ceantair Áitiúil a ullmhú agus a ghlacadh.

    1. Céim Chomhairliúcháin Phoiblí (Réamhdhréacht)

    Sula ndéantar Dréachtphlean a ullmhú, glacann an t-údarás áitiúil pé céimeanna a mheasann sé is gá chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena n-áirítear comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí neamhrialtasacha, cumainn chónaitheoirí, grúpaí pobail, agus leasanna gnó sa cheantar.

    2. Ullmhú an Dréachtphlean

    Ullmhaíonn an Chomhairle Cathrach an dréachtphlean i gcomhair taispeána agus cuirtear saincheisteanna a ardaíodh i gcéim an chomhairliúcháin réamhdhréachtaithe san áireamh.

    3. An Fógra Poiblí & An Plean ar Taispeáint

    Cuirtear fógra sna nuachtáin náisiúnta ag fógairt go bhfuiltear chun Plean Ceantair Áitiúil a ullmhú. Seoltar fógra agus cóip den Dréachtphlean Ceantair Áitiúil freisin chuig comhlachtaí forordaithe mar an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Údaráis um Bóithre Náisiúnta, BSL. Cuirtear an Dréachtphlean ar taispeáint ar feadh sé seachtaine ar a laghad agus cuirtear fáilte roimh aighneachtaí/bhreathnuithe ón bpobal agus ó gach páirtí leasmhar i rith an ama sin.

    4. Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a Ullmhú ar Aighneachtaí / Breathnuithe

    Ní mór an tuarascáil sin a sheoladh isteach chuig Comhaltaí Tofa na Comhairle Cathrach ionas go ndéanfaidh siad a machnamh air tráth nach deireanaí ná 12 sheachtain tar éis an fógra a fhoilsiú sna nuachtáin náisiúnta.

    5.Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh Curtha chuig na Comhaltaí Tofa lena Breithniú

    Bíonn sé seachtaine ag Comhaltaí Tofa chun a machnamh a dhéanamh ar an tuarascáil agus an plean a ghlacadh/a leasú.

    6. Leasú an Phlean Ceantair Áitiúil

    Má shocraíonn na Comhaltaí Tofa an Plean Ceantair Áitiúil a leasú ar bhealach seachas mar a mholtar i dTuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh, ní mór don Údarás Pleanála fógra maidir leis an leasú nó athrú beartaithe a fhoilsiú tráth nach deireanaí ná trí seachtaine tar éis rún a rith chun athrú ábhartha a dhéanamh ar an bplean.

    7. An Leasú Beartaithe a Chur ar Taispeáint

    Ní mór leasú/leasuithe beartaithe ar Phlean Ceantair Áitiúil a chur ar taispeáint poiblí ar feadh tráth nach lú ná ceithre seachtaine. Cuirtear aighneachtaí/breathnuithe i scríbhinn a fhaightear maidir leis na hathruithe ábhartha ar an bPlean Ceantair Áitiúil ar taispeáint go poiblí.

    8. Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a Ullmhú maidir le hAighneachtaí ar an Leasú Beartaithe

    Ullmhófar Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir le haighneachtaí/breathnuithe a fhaightear i dtaca le hathruithe ábhartha ar an bPlean Ceantair Áitiúil tráth nach deireanaí ná ocht seachtaine tar éis an fógra a fhoilsiú.

    9. Déanann Comhaltaí Tofa a Machnamh ar an Leasú / Athrú Beartaithe & Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh.

    Comhaltaí Tofa chun an Plean Ceantair Áitiúil a dhéanamh nó a leasú le leasú/leasuithe a mhol an tÚdarás Pleanála nó, má tá siad éagsúil ó na moltaí i dtuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh tráth nach deireanaí ná sé seachtaine tar éis an tuarascáil a fháil.