Forbairt Neamhúdaraithe

  • Céard is Forbairt Neamhúdaraithe ann?

    Aon fhorbairt a dteastaíonn cead pleanála ina leith agus nach bhfuil an cead sin aici, nó atá ag dul ar aghaidh ach ag sárú na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach ina cead pleanála, rangaítear í sin mar ‘fhorbairt neamhúdaraithe’.

    Is cion é forbairt neamhúdaraithe a chur i gcrích agus féadfaidh aon duine a bhfuil sé déanta acu a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmithe. Ciallaíonn forfheidhmiú an bealach a gcinntíonn an t-údarás pleanála go mbeidh forbairt neamhúdaraithe ag comhlíonadh an dlí pleanála.

    Ní féidir tabhairt faoi ghníomh forfheidhmithe pleanála ach amháin nuair atá rud éigin déanta gan an cead nó an toiliú iomchuí. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach féidir tabhairt faoi ghníomh forfheidhmithe pleanála murar theastaigh cead/toiliú ón obair a rinneadh ar an gcéad dul síos, cosúil le:

    • Athrú ar úsáid struchtúir nuair nach athrú ábhartha atá i gceist
    • Forbairtí beaga, cosúil le síneadh beag ar theach nó painéil ghréine a chur ar dhíon do thí.

    Is iondúil go mbíonn tairseacha áirithe i gceist a bhaineann, mar shampla, le méid nó le hairde. Má sháraítear na tairseacha sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh leis na díolúintí.
    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi fhorbairt neamhúdaraithe?

    Ní mór gach gearán maidir le forbairt neamhúdaraithe a dhéanamh i scríbhinn trí ríomhphost chuig planningenforcement@galwaycity.ie, nó i litir chuig an Rannóg pleanála nó trí Fhoirm Chláraithe Gearáin maidir le Pleanáil a chomhlánú.

    Nuair a thugann tú tuairisc go bhfuil amhras ort gur sáraíodh rialú pleanála, cabhraíonn sé má bhíonn an oiread eolais agus is féidir agat faoin gcás mar atá sé anois agus mar a bhí sé roimhe seo e.g. an seoladh beacht, cén uair a thosaigh gníomhaíochtaí, sainghné na n-oibreacha tógála féin nó na húsáide agus ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-úinéirí is eol duit nó daoine eile atá freagrach.

    Moltar duit a lua nuair atá tú ag scríobh chuig an údarás pleanála go bhfuil tú ag déanamh uiríll i scríbhinn faoi alt 152 den Acht um Pleanáil agus Forbairt.

    Bíonn an t-eolas agus an fhaisnéis a bhíonn ag daoine as an bpobal agus, mar shampla ag grúpaí áitritheoirí, an-chabhrach. Beidh faisnéis ag an údarás pleanála ina chuid taifid féin agus is féidir do chuid faisnéise a chur leis sin.

    Caitear go rúnda le gach gearán ach é sin a iarraidh.
    Barr...

  • Cén nós imeachta atá ann chun gearáin maidir le forbairtí neamhúdaraithe a láimhseáil?

    Nuair a fhaigheann sé gearán, ní mór don údarás pleanála imscrúdú a dhéanamh faoin bhforbairt neamhúdaraithe líomhnaithe. Tá achoimre ar an bpróiseas sa tábla thíos:

    Gníomh

    Scálaí Ama

    Gearán i scríbhinn faighte ag an údarás pleanála

     

    Litir rabhaidh le heisiúint

    Taobh istigh de shé seachtaine ó fhaightear gearán

    Freagra ón bhforbróir neamhúdaraithe líomhnaithe

    Taobh istigh de cheithre seachtaine ón dáta a seoltar an litir rabhaidh.

    Cinneadh glactha ag an údarás pleanála ar cibé an dteastaíonn gníomh breise

    Taobh istigh de 12 sheachtain, ón dáta a eisítear an litir rabhaidh, más féidir.

    Is Fógra Forfheidhmithe a bheidh i gceist leis an ngníomh breise de ghnáth ina n-iarrtar ar an duine atá i gceist an cás a réiteach. Mura gcloíonn duine le Fógra Forfheidhmithe is féidir leis an údarás pleanála an cás a thabhairt chun cúirte. Tugtar fógra i scríbhinn don ghearánach maidir leis na céimeanna forfheidhmithe ar fad a glacadh.

    Tá treoir bhreise maidir le forfheidhmiú pleanála ar fáil anseo: Treoir don Fhorfheidhmiú Pleanála in Éirinn
    Barr...

  • Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil forbairt neamhúdaraithe ag tarlú ar láithreán áirithe?

    Má tá fiosrú agat maidir le forbairt neamhúdaraithe ar láithreán áirithe téigh i dteagmháil leis an Rannán um Fhorfheidhmiú Pleanála ar 091 536400 nó seol ríomhphost chuig planningenforcement@galwaycity.ie .
    Barr...