How can we help you?
English
Sonraí Íomhá:

'Continental Christmas Market'
Alex Zarodov

Ionaid Phobail

  • An gcuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon áiseanna spóirt/caitheamh aimsire ar fáil?

    Is le Comhairle Cathrach na Gaillimhe na háiseanna caitheamh aimsire seo a leanas agus is í a bhíonn ina mbun:

    Breathnaigh ar léarscáil de láthair na n-áiseanna thuasluaite.

    Barr...

  • An bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as Ionaid Phobail i gCathair na Gaillimhe?

    Is le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí Ionad Pobail agus is í a bhíonn ina mbun.

    Tá Halla Spóirt i ngach ionad, atá in ann freastal ar raon leathan spóirt, seomraí cruinnithe agus riachtanais ilfheidhmeacha.

    Barr...

  • Cén sórt gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sna hIonaid Phobail?

    Cuirtear réimse mór gníomhaíochtaí spóirt faoi dhíon ar fáil sna hionaid, e.g. badmantan, cispheil, cearáité, eitpheil, sacar faoi dhíon, cicdhornálaíocht, etc. Freastalaíonn siad freisin ar ghníomhaíochtaí fóillíochta eile mar dhamhsa, ióga, etc. agus ar imeachtaí sóisialta mar Ghrúpaí Gníomhacha ag Dul ar Scor, Grúpaí Máithreacha agus Páistí Beaga, etc.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuirfidh mé an tIonad Pobail in áirithe?

    Is féidir na hIonaid a chur in áirithe trí ghlaoch teileafóin nó ríomhphost. Is iad seo sonraí teagmhála na nIonad:

    • 091 867594 d’Ionad Pobail Chnoc na Cathrach
    • 091 753022 d’Ionad Pobail na Rinne Móire agus
    • 091 524244 d’Ionad Pobail Westside
    • nó seol ríomhphost chuig centrebookings@galwaycity.ie

    Barr...

  • Céard iad uaireanta oscailte agus dúnta na nIonad Pobail?

    Is iad seo a leanas Uaireanta Oscailte an tSamhraidh d’Ionad Pobail Chnoc na Cathrach (ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa 2015):

    • Luan - Déardaoin, 9am go dtí 5pm
    • Oscailte ar an Aoine ó 9am go dtí 4pm
    • Dúnta ar an Satharn agus ar an Domhnach

    Is iad seo a leanas Uaireanta Oscailte Ionad Pobail na Rinne Móire:

    • Luan - Aoine: 8.00am go dtí 11.00pm
    • Satharn - Domhnach: 8.00am go dtí 3.00pm Dúnta ar Laethanta Saoire Poiblí

    Is iad seo a leanas Uaireanta Oscailte Ionad Pobail Westside:

    • Luan - Aoine: 8.00am go dtí 11.00pm
    • Satharn: 8.00am go dtí 3.00pm Dúnta ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Poiblí

    Barr...

  • Cé na táillí a ghearrtar ar úsáid na nIonad Pobail?

    Tá Sceideal Táillí na nIonad Pobail anseo a leanas:

    Ionad Pobail Chnoc na Cathrach

    AN PRÍOMH-HALLA SPÓIRT

    • Grúpaí Pobail €40.00 (in aghaidh na huaire)
    • Grúpaí Tráchtála €60.00 (in aghaidh na huaire)

    SEOMRAÍ ILCHUSPÓRA

    • Grúpaí Pobail €30.00 (in aghaidh na huaire)
    • Grúpaí Tráchtála €40.00 (in aghaidh na huaire)

    SEOMRAÍ CRUINNITHE

    • Seomraí Cruinnithe: €20.00 (in aghaidh an tseomra)

    Ionad Pobail na Rinne Móire

    Roimh 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €25 in aghaidh na huaire €33 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €15 in aghaidh na huaire €20 in aghaidh na huaire
    Badmantan €10 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €11 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    Cithfholcadáin €25 €33

    Tar éis 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €30 in aghaidh na huaire €38 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €20 in aghaidh na huaire €23.50 in aghaidh na huaire
    Badmantan €14 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €13 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    Cithfholcadáin €25 €33.00

    Ionad Pobail Westside

    Roimh 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €23 in aghaidh na huaire €33 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €10 in aghaidh na huaire €20 in aghaidh na huaire
    Badmantan €10 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €10 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    An Seomra Beag €7 in aghaidh na huaire €9 in aghaidh na huaire
    Cithfholcadáin €25 €33

    Tar éis 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €25 in aghaidh na huaire €38 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €15 in aghaidh na huaire €23.50 in aghaidh na huaire
    Badmantan €10 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €13 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    An Seomra Beag €8 in aghaidh na huaire €10 in aghaidh na huaire
    Cithfholcadáin €25 €33

    Barr...

  • Cén chaoi a n-íocfaidh mé as m’áirithint san Ionad Pobail?

    Is féidir íoc as áirithint san Ionad Pobail díreach le:
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Féadfaidh tú íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

    • Airgead tirim
    • Seic
    • Cárta Visa/Master/Léasair

    Má tá tú ag déanamh íocaíochta le Cárta Visa/Master/Léasair déan d’íocaíocht le do thoil tríd an Rannóg Airgeadais ar 091 536960.

    Barr...

  • An tIonad Pobail i gCnoc na Cathrach

    Seoladh: Cnoc na Cathrach, Gaillimh

    Breathnaigh ar léarscáil den láthair

    Teileafón: 091 867594

    Is iad seo a leanas Uaireanta Oscailte an tSamhraidh d’Ionad Pobail Chnoc na Cathrach (ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa 2015):

    • Luan - Déardaoin, 9am go dtí 5pm
    • Oscailte ar an Aoine ó 9am go dtí 4pm
    • Dúnta ar an Satharn agus ar an Domhnach

    Áiseanna:
    An Príomh-Halla (32m x 19m)
    (Dromchla polúireatáin gan uaim Durasport P)

    Sampla de Ghníomhaíochtaí, Imeachtaí:

    • Cispheil
    • Sacar faoi dhíon
    • Badmantan
    • Eitpheil
    • Teacht le Chéile don Phobal (800 duine ar a mhéad)

    Seomra Ilchuspóra (15m x 10m)
    (Urlár crochta de dhéanamh Adhmad Junckers Maple)

    Sampla de Ghníomhaíochtaí, Imeachtaí:

    • Ranganna Drámaíochta, Ealaíona Oscartha
    • Aeróbaic, Aclaíocht, Damhsa,
    • Teacht le Chéile don Phobal (150 duine ar a mhéad)
    • Cruinnithe Poiblí (150 duine ar a mhéad)

    Seomraí Cruinnithe (3):

    • An Seomra Glas - Seomra cruinnithe le haghaidh grúpaí beaga (ochtar ar a mhéad)
    • Deic Féachana - (Grúpaí/Ranganna: 30 - 40 duine ar a mhéad)
    • Stáisiún Caife - Imeachtaí sóisialta, cluichí cártaí, etc. (30 - 35 duine ar a mhéad)

    Cén chaoi a ndéanfaidh mé áirithint?
    Chun áit a chur in áirithe, cuir glaoch teileafón ar 091 867594 i rith uaireanta oscailte an Ionaid, 091 536400 i rith gnáthuaireanta oifige nó cuir ríomhphost chuig centrebookings@galwaycity.ie, tráth a seiceálfar an bhfuil áit ar fáil agus a bhfreastalófar ar d’áirithint más féidir é.

    Ba cheart íocaíocht ar úsáid Ionad Pobail Chnoc na Cathrach a dhéanamh díreach chuig:
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Féadfaidh tú íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

    • Airgead tirim
    • Seic
    • Cárta Visa/Master/Léasair

    Má tá tú ag déanamh íocaíochta le Cárta Visa/Master/Léasair déan d’íocaíocht le do thoil tríd an Rannóg Airgeadais ar 091 536960

    Tá Sceideal Táillí Ionad Pobail Chnoc na Cathrach anseo a leanas
    (Ráta Cíosa DE RÉIR NA HUAIRE)

    AN PRÍOMH-HALLA SPÓIRT

    • Grúpaí Pobail €40.00 (in aghaidh na huaire)
    • Grúpaí Tráchtála €60.00 (in aghaidh na huaire)

    SEOMRAÍ ILCHUSPÓRA

    • Grúpaí Pobail €30.00 (in aghaidh na huaire)
    • Grúpaí Tráchtála €40.00 (in aghaidh na huaire)

    SEOMRAÍ CRUINNITHE

    • Seomraí Cruinnithe: €20.00 (in aghaidh an tseomra)

    Barr...

  • Ionad Pobail na Rinne Móire

    Seoladh: Ascaill na Rinne Móire, Gaillimh

    Teileafón: 091 753022

    Uaireanta Oscailte:
    Luan - Aoine: 8.00am go dtí 11.00pm
    Satharn - Domhnach: 8.00am go dtí 3.00pm.
    Dúnta ar Laethanta Saoire Poiblí

    Áiseanna:

    1 Phríomh-Halla Amháin:

    Sampla de Ghníomhaíochtaí, Imeachtaí:

    • Cispheil
    • Sacar faoi dhíon
    • Babhláil faoi dhíon
    • 4 Chúirt Badmantain
    • 1 Seomra Cleachtaidh/Traenála
    • Cicdhornálaíocht
    • Cearáité
    • Aeróbaic
    • Grúpa Máithreacha & Páistí Beaga

    Seomraí Cruinnithe: 1

    Tá Seomraí Feistis agus Áiseanna Cithfholctha ar fáil freisin.

    Cén chaoi a ndéanfaidh mé Áirithint chun na hÁiseanna a úsáid?
    Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Airíoch atá i bhfeighil Ionad Caitheamh Aimsire na Rinne Móire ar 091 753022 chun áirithint a dhéanamh.

    Déantar íocaíocht as úsáid Ionad Caitheamh Aimsire na Rinne Móire díreach chuig:
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Féadfaidh tú íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

    • Airgead tirim
    • Seic
    • Cárta Visa/Master/Léasair

    Má tá tú ag déanamh íocaíochta le Cárta Visa/Master/Léasair déan d’íocaíocht le do thoil tríd an Rannóg Airgeadais ar 091 536960

    Táillí Ionad Pobail na Rinne Móire

    Roimh 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €25 in aghaidh na huaire €33 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €15 in aghaidh na huaire €20 in aghaidh na huaire
    Badmantan €10 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €11 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    Cithfholcadáin €25 €33

    Tar éis 6.00pm

    Áiseanna Grúpaí Pobail Grúpaí Eile
    An Príomh-Halla €30 in aghaidh na huaire €38 in aghaidh na huaire
    An Halla Cleachtaidh €20 in aghaidh na huaire €23.50 in aghaidh na huaire
    Badmantan €14 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte €13 in aghaidh na huaire in aghaidh na cúirte
    Cithfholcadáin €25 €33.00

    Barr...

  • Ionad Caitheamh Aimsire Westside

    Seoladh: Bóthar Shéamais Uí Chuirc, An Caisleán Nua, Gaillimh

    Teileafón: 091 524244

    Uaireanta Oscailte:
    Luan - Aoine: 8.00am go dtí 11.00pm.
    Satharn: 8.00am go dtí 3.00pm Dúnta ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Poiblí

    Áiseanna:

    An Príomh-Halla:

    • Sampla de Ghníomhaíochtaí, Cispheil
    • Imeachtaí, Sacar faoi dhíon ina measc
    • Babhláil faoi dhíon
    • Badmantan
    • 1 Seomra Cleachtaidh/Traenála
    • Cicdhornálaíocht
    • Cearáité
    • Aeróbaic

    Dhá Sheomra Cruinnithe 1 mór agus 1 beag

    Tá Seomraí Feistis agus Áiseanna Cithfholctha ar fáil freisin

    Cén chaoi a ndéanfaidh mé Áirithint chun na hÁiseanna a úsáid?

    Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Airíoch atá i bhfeighil Ionad Caitheamh Aimsire Westside ar 091 524244 chun áirithint a dhéanamh.

    Déantar íocaíocht as úsáid Ionad Caitheamh Aimsire Westside díreach chuig:
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Féadfaidh tú íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

    • Airgead tirim
    • Seic
    • Cárta Visa/Master/Léasair

    Má tá tú ag déanamh íocaíochta le Cárta Visa/Master/Léasair déan d’íocaíocht le do thoil tríd an Rannán Caitheamh Aimsire agus Conláiste ar 091 536960

    Táillí Ionad Pobail Westside