Fíneálacha Páirceála

  • Tá fíneáil pháirceála faighte agam – cén chaoi a n-íocfaidh mé í?

    Is féidir fíneálacha páirceála a íoc

    • Ar líne ar shuíomh gréasáin MyCoCo.
    • Ar an teileafón ar 091 536400, (9am go 5pm, Luan go hAoine)
    • Ag an oifig airgid, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...

  • Céard iad na cionta páirceála ar féidir fíneáil a eisiúint mar gheall orthu?

    Rialaíonn Fodhlíthe um Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus na Rialacháin Pháirceála Náisiúnta páirceáil mhídhleathach. Tá sé i gceist go gcuideodh na fodhlíthe agus na rialacháin seo le gach úsáideoir bóthair trí bhaic a bhaint agus trí bhrú tráchta a laghdú, trí shábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus trí aistriú seilbhe spásanna páirceála ar an sráid a mheadu – agus beidh na sráideanna níos inrochtana do gach duine dá bharr.

     

    Cionta Páirceála – Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

    Offence No Méid Irish
    103 40 Feithicil a pháirceáil go hiomlán nó go páirteach laistigh de mharcálacha bóthair ag áit stad/seasaimh bus, mar shárú ar Airteagal 36(2)(l) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    105 40 Feithicil a pháirceáil ar líne aonair bhuí ag am coiscthe, mar shárú ar Airteagal 37(1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú
    106 40 Feithicil a pháirceáil ar feadh tréimhse níos faide ná an t-am ceadaithe, mar shárú ar Fhodhlíthe um Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, 2009
    107 40 Feithicil a pháirceáil i gcuas páirceála ar shlí a bhac úsáid na gcuasanna taobh leis, mar shárú ar Airteagal 37(5) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    108 40 Feithicil a pháirceáil in áit pháirceála ina bhfuil an pháirceáil faoi réir íoc táillí gan ticéad bailí íoca agus taispeána, cead páirceála nó cead míchumais, mar shárú ar Fhodhlíthe um Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2009.
    110 40 Feithicil a pháirceáil ag Áit Seasaimh do Thacsaithe ceaptha, mar shárú ar Airteagal 36(2)(e) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    111 40 Feithicil a pháirceáil in áit pháirceála ina bhfuil an pháirceáil faoi réir íoc táillí gan ticéad bailí inléite páirceála a thaispeáint, mar shárú ar Fhodhlíthe um Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2009.
    112 60 Gan diosca reatha cánach a thaispeáint, mar shárú ar Ailt 73(1) agus (76) den Acht Airgeadais, 1976, arna leasú.
    113 40 Feithicil a stopadh nó a pháirceáil ar ghlanbhealach, mar shárú ar Airteagal 40(2) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    115 40 Feithicil nach feithicil earraí é a pháirceáil agus a úsáid chun earraí a lódáil nó a dhílódáil i gcuas lódála, mar shárú ar Airteagal 42 (1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997 , arna leasú.
    216 80 Feithicil a pháirceáil go hiomlán nó go páirteach ar an gcosán, mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    117 40 Feithicil a pháirceáil go hiomlán nó go páirteach laistigh de mharcanna bóthair ag stad bus atá ar fáil do bhusanna cathrach amháin, mar shárú ar Airteagal 36(2)(l) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    118 40 Feithicil earraí a pháirceáil i gcuas lódála ar feadh tréimhse níos faide ná an t-am ceadaithe, mar shárú ar Airteagal 42(2) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    119 40 Feithicil a pháirceáil ag áit seasaimh ceaptha do thacsaithe nó a fhágáil i gcuas tacsaithe gan duine ina feighil, mar shárú ar Airteagal 36(2)(e) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    120 40 Feithicil a pháirceáil ar línte dúbailte buí, mar shárú ar Airteagal 36(2)(a) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    221 80 Feithicil a pháirceáil ar an lárstráice, mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    122 40 Feithicil a pháirceáil laistigh de chúig (5) mhéadar d'acomhal, mar shárú ar Airteagal 36(2)(c) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    123 40 Feithicil a pháirceáil i limistéar corrthrádála le linn uaireanta trádála, mar shárú ar Airteagal 36(2)(j) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    124 40 Feithicil a pháirceáil i limistéar do choisithe amháin, mar shárú ar Airteagal 45(2) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    125 40 Feithicil a pháirceáil ar shlí a bhacann an tslí isteach in áitreabh, mar shárú ar Airteagal 36(2)(g) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    126 40 Feithicil a pháirceáil faoi chomhartha 'Níl Cead Páirceáil', mar shárú ar Airteagal 36(2)(b) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    127 40 Feithicil a pháirceáil os comhair líne leanúnach bhán, mar shárú ar Airteagal 36(2))(d) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    128 40 Feithicil a pháirceáil ar shlí a chuireann isteach ar ghnáthshreabhadh na tráchta nó a bhacann trácht eile nó a chuireann é i mbaol, mar shárú ar Airteagal 36(2)(k) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    229 80 Feithicil a pháirceáil i lána bus nó ar "shráid bus amháin", atá contrártha Airteagal 39(2) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    130 40 Feithicil a stopadh os comhair na slí isteach i scoil, mar shárú ar Airteagal 41(1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    131 40 Feithicil a stopadh nó a pháirceáil i gCuas Páirceála d'Fheithiclí i gClub Carr, mar shárú ar Airteagal 44A(1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    132 80 Feithicil a stopadh nó a pháirceáil i gCuas Athluchtála d'Fheithiclí Leictreacha, mar shárú ar Airteagal 44B (1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    233 80 Feithicil a pháirceáil ar ghruaimhín mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    134 200 Feithicil a pháirceáil i spás ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas gan cead bailí do dhaoine faoi mhíchumas a bheith taispeáinte, mar shárú ar Airteagal 44(1) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.
    135 40 Veain champála, carbhán, teach soghluaiste nó feithicil a úsáidtear ar aon slí eile mar chóiríocht agus a pháirceáiltear thar oíche i gcarrchlós poiblí a pháirceáil laistigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe contrártha le Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Rialú Páirceála) 2009.
    138 40 Toirmeasc ar áit chónaithe shealadach a pháirceáil, a fhágáil, a chur suas nó a choiméad ar na bóithre laistigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe agus forordaithe in Aguisín V d'fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus contrártha le Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Rialú Páirceála) 2009
    139 40 Feithicil mhór seirbhíse poiblí a pháirceáil ar feadh tréimhse níos faide náuair an chloig in áit ina bhfuil comhartha "Cosc ar Pháirceáil" agus fógra ag gabhail leis agus na focail "except buses/Ach amháin busanne" air.

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom Fodhlíthe um Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a íoslódáil?

    Barr...

  • Cé mhéad a ghearrfar orm má eisítear fíneáil pháirceála orm?

    Nuair a eisíonn Maor Tráchta nó Pobail Fíneáil Pháirceála, tá 28 lá ag an duine a fhaigheann í, ó dháta eisithe na fíneála, chun íocaíocht a dhéanamh.

    Mura ndéantar íocaíocht laistigh de 28 lá méadóidh méid na fíneála 50% agus féadfaidh an duine, sa tréimhse 28 lá ina dhiaidh sin, an méid níos mó arb ionann é agus €300.00/€120 / €90.00 / €60.00 a íoc.

    Mura bhfaightear íocaíocht sa tréimhse 56 lá, tosófar ar imeachtaí cúirte. Má chiontaítear duine go hachomair as Gan Fógra um Tháille Sheasta a Íoc d’fhéadfaí táille suas le €1,000 agus costais a ghearradh ar an duine.

    Féadfaidh an Maor Tráchta nó Maor Pobail Fógra um Tháille Sheasta a sheirbheáil tríd an bpost nó trí fhógra a ghreamú leis an bhfeithicil.

    Táillí: Fíneáil Pháirceála

    Cion

    Táille Lá 1 go 28

    Táille Incriminte Lá 29 go 56

    Lá 57 +

    Páirceáil i mBá Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas gan Cead Páirceála Bailí a Thaispeáint

    €200

    €300

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Feithicil a pháirceáil go hiomlán nó go páirteach ar an gcosán, mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.

    €80

    €120

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Feithicil a pháirceáil ar an lárstráice, mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.

    €80

    €120

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Feithicil a pháirceáil i lána bus nó ar "shráid bus amháin", atá contrártha Airteagal 39(2) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.

    €80

    €120

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte


    Feithicil a pháirceáil ar ghruaimhín mar shárú ar Airteagal 36(2)(i) de na Rialacháin Tráchta ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú.

    €80

    €120

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Gan Diosca Reatha Cánach a Thaispeáint

    €60

    €90

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Na Cionta Eile ar fad a Chuireann Maoir Thráchta / Maoir Phobail i bhfeidhm faoi láthair

    €40

    €60

    Toghairm agus imeachtaí Cúirte

    Barr...

  • An féidir liom achomharc a dhéanamh ar Fhíneáil Pháirceála?

    Má fuair tú Fógra um Tháille Sheasta Pionóis/Fíneáil Pháirceála agus má mheasann tú nach bhfuil sé cóir, tá tú i dteideal achomharc i scríbhinn a chur isteach.

    Ba cheart achomhairc a sheoladh chuig:

    An Rannán Tráchta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

    Nó ar ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie

    Ba cheart achomharc a scríobh go soiléir agus go hinléite agus ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas iontu:

    • Ainm, seoladh, uimhir chlárúcháin feithicle an iarrthóra.
    • Uimhir do thicéid páirceála
    • An chúis leis an achomharc agus aon cháipéis tacaíochta cosúil le grianghraif, sonraí marcálacha bóthair

     

    • Ní chuirfear san áireamh ach achomhairc a fhaigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe laistigh de 28 lá ó dháta eisiúna an Fhógra um Tháille Sheasta.
    • Bí ar an eolas go n-ardaíonn fíneálacha go huathoibríoch faoi 50%, 28 lá tar éis iad a eisiúint. Mura n-éiríonn le d’achomharc, beidh tú dliteanach as an táille incriminte.
    • Is gá gach cáipéis tacaíochta a chur isteach mar chuid den iarratas bunaidh ar achomharc. Ní ghlacfar le cáipéisí breise tar éis an t-achomharc a chur isteach ná ní chuirfear san áireamh iad.
    • Ní chuirfear achomhairc san áireamh ach i gcúinsí maolaitheacha.

     

    Nuair a fhaighimid d’achomharc, déanfaimid na nithe seo a leanas:

    • tosóimid á phróiseáil láithreach trínár nósanna imeachta próiseála achomharc.
    • déanfaimid d’achomharc a mheas i gcomhar leis an bhfianaise a chuir an Maor Tráchta ar fáil i ndáil leis an ticéad a eisiúint.
    • cuirfimid ár gcinneadh in iúl duit i scríbhinn.
    • taifeadfaimid sonraí d’achomhairc chun críocha rialaithe agus iniúchta.

    Íoslódáil foirm achomhairc ar fhíneáil pháirceála/fhógra um tháille sheasta.

    Barr...

  • Fuair mé Meabhrúchán um Fhíneáil Pháirceála a Íoc ach tá achomharc curtha isteach agam, céard a dhéanfaidh mé?

    Seoltar meabhrúcháin um fhíneáil pháirceála go huathoibríoch 7, 21 & 35 lá tar éis fíneáil a eisiúint, d’ainneoin ar seoladh achomharc isteach nó nár seoladh.

    Cuirfear toradh d’achomhairc in iúl duit tríd an bpost agus ní gá duit aon ghníomh eile a ghlacadh go dtí go bhfaigheann tú deimhniú maidir le toradh d’achomhairc.

    Ach ba cheart a thabhairt faoi deara go n-ardaíonn fíneálacha go huathoibríoch faoi 50%, 28 lá tar éis iad a eisiúint. Mura n-éiríonn le d’achomharc, beidh tú dliteanach as an táille incriminte.

    Barr...

  • Fuair mé Meabhrúchán um Fhíneáil Pháirceála sa phost, ach ní bhfuair mé ticéad um fhíneáil pháirceála ar mo charr – an gá dom í a íoc?

    Is gá. Uaireanta d’fhéadfaí ticéid a bhaint d’fheithiclí e.g. d’fhéadfadh an ghaoth iad a shéideadh nó d’fhéadfadh an bháisteach iad a mhilleadh. Seoltar na meabhrúcháin chuig úinéirí cláraithe na bhfeithiclí a fhaigheann na fíneálacha ionas go mbeidh úinéir nach bhfuair an ticéad ar an eolas go bhfuil a leithéid le híoc. Bíonn na sonraí ar fad maidir leis an gcion agus leis an bhfíneáil pháirceála ar gach meabhrúchán íocaíochta agus tá sé ina cheangal dlí.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Rialacha an Bhóthair?

    Íoslódáil Rialacha an Bhóthair mar a d’fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (PDF 5MB)

    Barr...