Páirceáil i gCathair na Gaillimhe

  • Cén saghas páirceála atá ar fáil i gCathair na Gaillimhe?

    Páirceáil Íoc agus Taispeáin an cineál páirceála is coitianta atá ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Ceannaíonn tú ticéad ó mheaisín Íoc agus Taispeáin roimh ré a cheadaíonn duit páirceáil ar shráideanna cathrach sainithe nó i gcarrchlóis phoiblí, ar feadh tréimhse ama áirithe. Caithfear an ticéad Íoc agus Taispeáin a thaispeáint go soiléir ar dheais d’fheithicle. Tugadh páirceáil Íoc agus Taispeáin isteach i gCathair na Gaillimhe ionas go mbeadh páirceáil níos áisiúla ar fáil i gCathair na Gaillimhe agus chun an bhainistíocht tráchta trí chéile a fheabhsú.

    Cineálacha Láithreacha Páirceála Íoc agus Taispeáin:

    1. Páirceáil ar an tsráid
    2. Carrchlóis Phoiblí
    3. Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas

    Barr...

  • Cén chaoi agus cén áit a bhfeidhmíonn páirceáil ar an tsráid?

    Caithfear ticéad Íoc agus Taispeáin a cheannach roimh ré ó mheaisín ticéid ar an tsráid ar mian leat páirceáil uirthi nó in aice léi. Ceadaíonn an ticéad duit páirceáil sa limistéar páirceála ainmnithe ar an tsráid ar feadh dhá uair an chloig ar a mhéad. Ba cheart an ticéad Íoc agus Taispeáin a thaispeáint go soiléir ar dheais d’fheithicle.

    Coinníollacha Páirceála Íoc agus Taispeáin ar an tSráid:

    • Gearrtar táille as an bpáirceáil 8.30am – 6.30pm o Luan go Satharn agus 1pm – 6pm ar an Domhnach.
    • Ní féidir páirceáil ach ar feadh dhá uair an chloig ar a mhéad.
    • Is iad na táillí a ghearrtar:
      • 50 cent ar 15 nóiméad
      • €2 ar uair an chloig
      • €4 ar dhá uair an chloig
      • Tá íostáille 50 cent i gceist
    • Glacann gach meaisín le boinn
    • Glacann roinnt meaisíní le híocaíocht trí Chárta Creidmheasa
    • Ní thugann meaisíní sóinseáil
    • Ní ghlactar le nótaí.
    • Cion páirceála atá ann fanacht i spás páirceála Íoc agus Taispeáin níos faide ná an uastréimhse dhá uair an chloig.
    • Ba cheart go mbeadh an ticéad Íoc agus Taispeáin le feiceáil go soiléir ar dheais d’fheithicle.
    • Páirceáiltear carranna ar phriacal an úinéara.

    Breathnaigh ar léarscáil de Láithreacha Páirceála Íoc agus Taispeáin i gCathair na Gaillimhe.

    Barr...

Cén chaoi agus cén áit a bhfeidhmíonn carrchlóis phoiblí?

Carrchlóis Phoiblí
Roinntear Carrchlóis Phoiblí mar seo a leanas:

  • Carrchlóis Fadtéarma
  • Carrchlóis Ghearrthéarma

Carrchlóis Fadtéarma is ea carrchlóis ina bhfuil táille €6.50 sa lá i bhfeidhm d’ainneoin an t-am nó an t-achar a bhítear sa charrchlós.

Tá Carrchlóis Fadtéarma suite ag:

  • Rásraon na gCon, Bóthar an Choláiste,
  • Bóthar na Díge (in aice leis an Dubhlann)
  • Carrchlós Ard-Eaglais na Gaillimhe.

Ó dheireadh mhí Aibreáin 2022, is féidir ticéad Íoc agus Taispeáin míosúil €100 a cheannach freisin sna Carrchlóis Fadtéarmacha atá suite ag Rásraon na gCon (Bhóthar an Choláiste), Bóthar na Díge agus Ardeaglais na Gaillimhe. Íoctar an ticéad míosúil le cárta Creidmheasa/Dochair amháin Tá meaisín sonrach chun ticéad míosúil a cheannach suiteáilte i ngach carrchlós fadtéarmach. Tá an meaisín inaitheanta le greamán buí, agus tá comhartha maith ar an suíomh. Ní eiseoidh ach na meaisíní seo ticéid mhíosúla. Beidh ort uimhir chláraithe na feithicle a thabhairt agus ticéad €100 á cheannach agat.

 

  • Carrchlóis Ghearrthéarma is ea carrchlóis a mbaineann ráta €2 in aghaidh na huaire leo. Tá ráta lae €20 ar fáil freisin.

    Tá Carrchlóis Ghearrthéarma suite ag:

    • Sráid an Mhuilinn
    • Bóthar Shandair, Baile Nua Mhic Ghabhann

    Breathnaigh ar léarscáil den áit a bhfuil na carrchlóis phoiblí fadtéarma agus ghearrthéarma suite.

    Tabhair faoi deara go bhfuil dhá charrchlós dromchla saor in aisce i mBóthar na Trá

    1. Ar an bpríomhphromanáid, Bóthar na Trá
    2. Carrchlós Toft in aice le Atlantaquaria na Gaillimhe, Bóthar na Trá

    Carrchlóis Phoiblí

    • Is féidir ticéid a cheannach ó mheaisíní sna carrchlóis le hairgead nó le cárta creidmheasa.
    • Gearrtar táille as an bpáirceáil 8.30am – 6.30pm o Luan go Satharn agus 1pm – 6pm ar an Domhnach.
    • Páirceáiltear carranna ar phriacal an úinéara.

    Barr...

  • An bhfuil aon charrchlóis phríobháideacha i gCathair na Gaillimhe?

    Carrchlóis Phríobháideacha

    Láthair Líon Spásanna
    Óstán Jury, Sráid na Céibhe 348
    Óstán an Chuain, Bóthar Nua na nDuganna 114
    Ionad na Faiche Móire, an Fhaiche Mhór 452
    Óstán Radisson, Bóthar Loch an tSáile 260
    Carrchlós Pháirc an Aonaigh, Bóthar Pháirc an Aonaigh 400
    Debenhams, 1-4 Sráid an Iarsaigh 580
    Carrchlós Chlós Uí Eidhin, Bóthar na gCeannaithe 480

    Barr...

  • D’íoc mé as páirceáil ar an tsráid, ach níor eisigh an meaisín ticéad dom. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Déan nóta d’uimhir an mheaisín agus d’aon chosúlacht go bhfuil locht air – mar shampla: an bhfuil fuaim ag teacht uaidh amhail is go bhfuil páipéar á phriontáil ach go bhfuil sé i bhfostú, nó an bhfuil locht á mhíniú ar scáileán an mheaisín?

    Déan teagmháil le Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar an nguthán ar 091 563400 nó ar ríomhphost: customerservice@galwaycity.ie a luaithe agus is féidir agus tabhair an méid seo a leanas le fios:

    • uimhir an mheaisín (le feiceáil ar thaobh an mheaisín de ghnáth)
    • locht (má tá sé le feiceáil ar an scáileán)
    • an méid airgid a chuir tú isteach sa mheaisín
    • an tréimhse ama is mian leat páirceáil
    • uimhir chlárúcháin d’fheithicle.

    Barr...

  • Tá mé ag imeacht ar feadh roinnt laethanta. An féidir liom íoc as páirceáil le haghaidh roinnt laethanta le chéile?

    Ní féidir – ní féidir íoc as tréimhse níos faide ná lá amháin.

    Barr...

  • An féidir ticéid Íoc agus Taispeáin ó shráid amháin a úsáid ar shráid eile?

    Is féidir. Féadfaidh custaiméirí an ticéad céanna a úsáid i láthair eile Íoc agus Taispeáin, fad is nach sáraíonn siad an t-am sonraithe ar an ticéad páirceála Íoc agus Taispeáin.

    Barr...

  • An féidir ticéid Íoc agus Taispeáin ó charrchlós amháin a úsáid i gcarrchlóis eile de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Ní féidir, caithfear an ticéad a thaispeántar a cheannach sa charrchlós ina bhfuil d’fheithicil páirceáilte. Tá uimhir an mheaisín agus an limistéar priontáilte ar gach ticéad Íoc agus Taispeáin agus ní féidir é a úsáid ach sa limistéar a luaitear.

    Barr...

  • An féidir liom mo mhótarcháin a íoc in oifigí Chomhairle Contae na Gaillimhe?

    Ní féidir – riarann Comhairle Chontae na Gaillimhe Mótarcháin thar ceann na Comhairle Cathrach mar sheirbhís chomhroinnte.

    Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:

    Comhairle Chontae na Gaillimhe,
    Halla an Chontae,
    Cnoc na Radharc,
    Gaillimh

    Teil: 091 509000

    Breathnaigh ar http://www.galway.ie/ga/seirbhisi/boithre/motarchain/

    Féadfaidh tú do Mhótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie

    Barr...

  • Ba mhaith liom feithicil atá páirceáilte go mídhleathach a thuairisciú.

    Déan teagmháil le Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091 536400 nó customerservice@galwaycity.ie le huimhir chlárúcháin na feithicle agus láthair na feithicle. Cuirfimid na Maoir Thráchta ar an eolas faoin bhfadhb.

    Barr...

  • Ba mhaith liom feithicil thréigthe a thuairisciú.

    Cliceáil anseo chun tuairisc a thabhairt faoi fheithicil thréigthe.

    Barr...