-
Céard iad Gradaim an Mhéara?
Is tionscnamh bliantúil de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe iad Gradaim an Mhéara chun aitheantas a thabhairt don obair dheonach a dhéanann daoine i gCathair na Gaillimhe.
Tugann na gradaim aitheantas do dhaoine agus d’eagraíochtaí den scoth a raibh tionchar suntasach acu ar chaighdeán a bpobail i gCathair na Gaillimhe, trína dtiomantas dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí pobail agus deonacha gan aon íocaíocht.
Iarrtar ainmniúcháin faoi chatagóirí éagsúla gach bliain e.g.
- Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht & Cúrsaí Gaeilge
- Áitritheoirí agus Limistéir Áitiúla
- Seirbhís Shóisialta & Pobail
- Oibrí Deonach Níos Sine na Bliana
- Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
- Leanaí agus Tacaíocht don Óige
- Oibrí Óg Deonach na Bliana
- Oibrí Deonach na Bliana
-
Cén uair a bhíonn siad ar siúl?
Bíonn Searmanas na nGradam ar siúl mí Aibreáin, agus bronntar gradaim don bhliain roimhe sin.
-
Cé atáthar in ann a ainmniú le haghaidh Ghradaim an Mhéara?
Tá fáilte roimh ainmniúcháin ó dhaoine atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe le haghaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht dheonach, a bhíonn ar siúl sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas:
- Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht & Cúrsaí Gaeilge
- Áitritheoirí agus Limistéir Áitiúla
- Seirbhís Shóisialta & Pobail
- Oibrí Deonach Níos Sine na Bliana
- Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
- Leanaí agus Tacaíocht don Óige
- Oibrí Óg Deonach na Bliana
- Oibrí Deonach na Bliana
-
Cén chaoi a n-ainmneoidh mé duine éigin?
Caithfidh tú foirm ainmniúcháin a líonadh maidir leis an té atá tú ag ainmniú.
De ghnáth iarrtar cuntas mar seo a leanas faoin duine atá á ainmniú:
- Gníomhaíochtaí an ainmní agus an méid atá bainte amach acu agus an obair atá déanta acu
- sna gníomhaíochtaí sin
- An difear a rinne an t-ainmní sa phobal
- Na cúiseanna go bhfuil an Gradam tuillte ag an ainmní
Chomh luath is a sheoltar Gradaim an Mhéara (i mí Eanáir go hiondúil) bíonn foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ó oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus i mbrainsí leabharlainne sa chathair.
Is féidir freisin an fhoirm ainmniúcháin a íoslódáil ó leathanach gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.Íoslódáil Foirm Ainmniúcháin Ghradaim an Mhéara
Bí cinnte go seolann tú an fhoirm ainmniúcháin ar ais faoin spriocdháta de bhrí nach nglacfar le foirmeacha a gheofar tar éis an dáta sin.
-
Céard a fhaigheann na buaiteoirí?
Faigheann na buaiteoirí i ngach catagóir duais airgid thirim agus píosa de Chriostal na Gaillimhe a choimisiúnaítear go speisialta.
Gheobhaidh gach duine a ainmnítear teastas freisin a shíneoidh Méara Chathair na Gaillimhe.
