Soláthar Uisce

  • Cén fáth nach bhfuil aon uisce ag teacht as mo sconna uisce fhuair ag mo dhoirteal sa chistin?

    Go hiondúil tagann an soláthar uisce chuig do sconna fuar ag do dhoirteal sa chistin díreach ó do phríomhsholáthar uisce. Mura bhfuil aon uisce fuar i do chistin b’fhéidir go bhfuil do sholáthar uisce casta as toisc go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun obair dheisiúcháin i do cheantar.

    Breathnaigh ar liosta d’aon bhriseadh ar an soláthar uisce atá ar eolas i gCathair na Gaillimhe.

    Mura liostaítear an briseadh ar an soláthar uisce mar bhriseadh atá ar eolas ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ba cheart duit seiceáil le do chomharsana go bhfeicfidh tú an bhfuil an soláthar uisce acusan mar an gcéanna. Má tá an fhadhb chéanna acu siúd lena soláthar uisce, ba cheart duit tuairisc a thabhairt d’Uisce Éireann faoi ar 1850 278 278

    Mura bhfuil aon bhriseadh ar sholáthar uisce do chomharsan, is dóigh go mbaineann an fhadhb le do theach féin.

    Má bhí an soláthar uisce casta as ar feadh tréimhse agus go bhfuil sé ar ais i do cheantar ach nach bhfuil sé ar ais i do theachsa, ba cheart duit glaoch ar Uisce Éireann chun é sin a chur in iúl dóibh ar 1850 278 278

    Barr...

  • An bhfuil aon bhriseadh ar an soláthar uisce i mo cheantar faoi láthair?

    Breathnaigh ar liosta d’aon bhriseadh ar an soláthar uisce atá ar eolas i gCathair na Gaillimhe.

    Mura liostaítear an briseadh ar an soláthar uisce mar bhriseadh atá ar eolas ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ba cheart duit seiceáil le do chomharsana go bhfeicfidh tú an bhfuil an soláthar uisce acusan mar an gcéanna. Má tá an fhadhb chéanna acu siúd lena soláthar uisce, ba cheart duit tuairisc a thabhairt d’Uisce Éireann faoi ar 1850 278 278

    Barr...

  • Caithfidh mé an soláthar uisce a chasadh as ag mo theach, céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Más tionónta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe thú, téigh i dteagmháil leis an rannóg Cothabhála Tithíochta ar 091 536849 agus gheobhaidh tú cúnamh uathu.

    Mura tionónta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe thú féadfaidh tú do bhuacaire/chomhla inmheánach a chasadh as mhúchadh – a bhíonn faoin doirteal sa chistin go hiondúil.

    Mura gcuidíonn sé sin leis an bhfadhb nó má tá deacracht agat an buacaire/comhla istigh a chasadh as, d’fhéadfá triail a bhaint as buacaire an phríomhphíobáin uisce a chasadh as.

    Bíonn buacaire an phríomhphíobáin uisce le fáil ar an gcosán taobh amuigh de do mhaoin go hiondúil nó ar an gcosán isteach chuig do theach.

    Mura bhfuil tú in ann do phríomhsholáthar uisce a chasadh as ba cheart duit an cheist a chur faoi bhráid Uisce Éireann ar 1850 278 278 agus beidh siadsan in ann cabhrú leat.

    Barr...

  • Cén fáth nach bhfuil aon bhrú ar an uisce atá ag teacht isteach go dtí mo theach?

    Má thugann tú laghdú ar an mbrú uisce faoi deara, seiceáil le do chomharsana go bhfeicfidh tú an bhfuil an fhadhb chéanna acusan. Mura bhfuil fadhb acu leis an mbrú uisce, b’fhéidir go bhfuil uisce ag sceitheadh ó do phíopaí seirbhíse.

    Má tá an sceitheadh ag tarlú idir do bhalla teorainn agus an mhaoin, is fútsa (úinéir na maoine) atá sé é a dheisiú agus ba cheart duit dul i dteagmháil le do phluiméir.

    Má tá an sceitheadh ag tarlú idir an príomhphíobán uisce (idir an bóthar agus an balla teorainn go hiondúil) is faoi Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá sé é a dheisiú. Ba cheart duit labhairt le hUisce Éireann ar 1850 278 278

    Barr...

  • Tá gnó in aice liom ag roinnt mo mhéadair uisce liom, an féidir liom méadar de mo chuid féin a fháil?

    Tá Uisce Éireann ar an bpointe teagmhála anois do gach ceist faoi na seirbhísí uisce a sholáthraítear duit, lena n-áirítear bainistíocht cuntais agus billeáil.

     

    Teileafón: 1850 778 778

    Gréasán:  www.water.ie/business

    Barr...