-
Céard iad na cearta atá agam maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an gComhshaol?
Tá sé de cheart agat faisnéis chomhshaoil áirithe a fháil ó údarás poiblí, ar nós údarás áitiúil.
Tagann an ceart sin maidir le rochtain ar fhaisnéis Chomhshaoil ó Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2011
-
Cén chaoi a n-iarrfaidh mé faisnéis ar an gComhshaol, atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Chun iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol déan na rudaí seo a leanas:
- Seol d’iarratas i scríbhinn ar ríomhphost nó sa phost
- ríomhphost: Patrick.Foley@galwaycity.ie agus Iarratas Rochtana ar Fhaisnéis ar an gComhshaol i dteideal an ábhair
- post: An tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
- Luaigh i do chomhfhreagras go bhfuil d’iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh faoi na 'Rialacháin um Rochtain maidir leis an gComhshaol 2007-2011'
- Luaigh, chomh cruinn agus is féidir leat, an cineál faisnéis chomhshaoil is mian leat a fháil
- Tabhair do shonraí teagmhála
Admhóidh an tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol go bhfuarthas d’iarratas agus déanfar iarracht freagra a thabhairt ort tráth nach deireanaí ná mí amháin tar éis an dáta a fhaightear d’iarratas.
Má tá d’iarratas ar fhaisnéis casta nó má tá lear mór faisnéise á lorg, scríobhfaimid chugat faoi cheann míosa agus cuirfimid ar an eolas thú faoi na deacrachtaí atá againn le d’iarratas a phróiseáil. Tabharfaimid dáta nua duit faoina dtabharfaimid freagra ort. Ní bheidh an dáta sin níos faide ná dhá mhí ó fuaireamar d’iarratas an chéad lá riamh.
- Seol d’iarratas i scríbhinn ar ríomhphost nó sa phost
-
Céard iad na catagóirí d’Fhaisnéis ar an gComhshaol is féidir liom a fháil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007?
Cumhdaítear sna Rialacháin agus sa Treoir faisnéis atá i bhfoirm scríbhinne, amhairc, closábhair, leictreonach nó in aon fhoirm ábhartha eile. Tá sé chatagóir faisnéise laistigh den Treoir sin:
- Staid ghnéithe an chomhshaoil, e.g. aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch.
- Imthosca a mbíonn tionchar acu, nó is dóigh a mbeidh tionchar acu, ar ghnéithe den chomhshaol, e.g. fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, scaoileadh eile isteach sa chomhshaol.
- Bearta atá deartha chun gnéithe den chomhshaol a chosaint, e.g. beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil.
- Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta maidir leis an gcomhshaol.
- Anailísí agus breithmheasa a úsáideadh taobh istigh den chreat beart a dearadh chun cosaint a thabhairt don chomhshaol.
- Staid shláinte agus shábháilteacht an duine, an slabhra bia, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid is go bhféadfadh tionchar a bheith ag gnéithe den chomhshaol orthu.
-
An bhfuil Táille i gceist chun Faisnéis a Iarraidh maidir leis an gComhshaol?
Mar a fhoráiltear sna Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, níl aon táille tosaigh ag teastáil nuair a chuirtear iarratas ar fhaisnéis isteach faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol chuig an Rannóg seo. Féadfaidh údarás poiblí áfach, táille réasúnach a ghearradh as faisnéis chomhshaoil a chur ar fáil de réir na Rialachán. Tá an táille seo socraithe ag €20.00 in aghaidh na huaire*
Táillí breise:
- Fotachóipeáil in aghaidh an leathanaigh: €0.04
- CD Rom: €10.00
- Radagraf: €6.00
*Tugtar neamhaird air seo má tá faisnéis phearsanta sa taifead, ach amháin nuair a bhaineann deonú an iarratais le líon suntasach taifead.
Táillí cóipeála: Tugtar neamhaird air seo más faisnéis phearsanta amháin atá sa taifead, agus nach mbeadh sé réasúnta, ag cuimhniú ar acmhainní an iarrthóra, táille a chur i bhfeidhm.
Cuirfear sonraí maidir leis na táillí, más ann dá leithéid, in iúl sna chéad chéimeanna de phróiseáil an iarratais.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí táillí maidir le faisnéis a thabhairt a chur ar neamhní má mheastar an costas a bheith níos lú ná €10.00.
-
An bhfuil sé de cheart agam achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear do m’iarratas ar fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Ceart chun Achomhairc
Tá cúiseanna ann go ndiúltaítear go dlíthiúil duit rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil. Mar sin féin, má dhiúltaíonn údarás poiblí do d’iarratas ar fhaisnéis nó nach láimhseálann sé d’iarratas go cuí, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg ón údarás poiblí.
Má theastaíonn athbhreithniú inmheánach uait, ní mór duit é a iarraidh taobh istigh de mhí amháin ón gcinneadh a fháil, trí d’achomharc a chur i scríbhinn chuig: An Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh athbhreithnithe a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil an teorainn ama a shíneadh má chreideann sé/sí go bhfuil sé réasúnach é sin a dhéanamh.
-
Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil leis an Oifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?
An tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Teileafón: +353 91 536400
Ríomhphost: Patrick.Foley@galwaycity.ie
