-
Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil le Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Is tosaíocht do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar do chustaiméirí.
Mura bhfaighidh tú freagra ar do cheist ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, is féidir leat dul i dteagmháil ansin leis an Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí a chuideoidh leat le d’fhiosrú.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí mar seo a leanas:
- Teileafón: 091 536400
- Ríomhphost: customerservice@galwaycity.ie
- Go pearsanta nó sa phost: Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
-
Cén chaoi a dtabharfaidh mé Aiseolas Custaiméirí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh gach aiseolas (idir dhearfach agus diúltach) ónár gcustaiméirí.
Spreagaimid custaiméirí leis an aiseolas sin a thabhairt dúinn i scríbhinn
- ar ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie
- i litir chuig Seirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
-
Cén difríocht atá idir Gearán ó Chustaiméir agus Achomharc ó Chustaiméir?
Má tá ceist agat nó má tá tú míshásta le cinneadh nó le gné dár seirbhís, ba mhaith linn fios a bheith againn faoi ionas gur féidir linn an cheist a réiteach.
Tugtar le fios i ngearán go bhfuiltear míshásta leis an gcaoi a bpléann an Chomhairle lena custaiméirí agus í ag seachadadh a cuid seirbhísí, nó leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí a custaiméirí i seachadadh na seirbhísí sin.
Tugtar le fios in achomharc go bhfuiltear míshásta le cinneadh de chuid na Comhairle maidir le
- soláthar seirbhíse
- do theidlíocht ar sheirbhís nó ar shochar a bhaineann le seirbhís
- gníomhaíochtaí, atá faoi réir rialú na Comhairle.
Faisnéis maidir le gearán ó chustaiméir a dhéanamh
-
Cén chaoi a dtabharfaidh mé Gearán ó Chustaiméir?
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhíse a fuair tú féadfaidh tú glaoch a chur nó iarraidh labhairt le hOifigeach atá i gceannas ar an réimse lena mbaineann an gearán.
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, ba cheart duit Foirm Ghearáin ó Chustaiméir a líonadh isteach.
Íoslódáil Foirm Ghearáin maidir le Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (DOC, 24 kb)Ba cheart an gearán a sheoladh sa phost nó a thabhairt isteach chuig:
Gnóthaí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.Féadfaidh tú freisin do ghearán a chur i ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie
Nuair a bheidh tú ag cur gearán isteach ar ríomhphost, luaigh le do thoil i do ríomhphost gur mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh.
-
Céard é an Nós Imeachta atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun Gearáin agus Achomhairc a dhéanamh?
Gearáin maidir le Seirbhísí do Chustaiméirí
Caithfear go dáiríre leis na gearáin ar fad agus rachfar i ngleic leo i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta.
Má dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe botún, gabhfaimid ár leithscéal, déanfaimid iarracht míniú a thabhairt ar céard a tharla agus réiteoimid an scéal, nuair is féidir linn.
Nuair is iomchuí, déanfaimid athbhreithniú ar ár nósanna imeachta agus déanfaimid na hathruithe is gá ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.
Déanfaidh an Rannán Seirbhísí Corparáideacha monatóireacht ar an Nós Imeachta Gearán.
Má tá custaiméir fós míshásta leis an gcaoi ar phléigh an tOifigeach a bhí i gceannas an réimse lena mbaineann leis an ngearán, is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.Achomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí
Ní mór an tAchomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí a dhéanamh i scríbhinn, ag lua na gcúiseanna atá leis an achomharc agus é a chur ar aghaidh chuig an Rannán Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ainmneoidh an Stiúrthóir Seirbhísí do Ghnóthaí Corparáideacha Oifigeach iomchuí chun dul i ngleic leis an achomharc.
Agus admháil á tabhairt maidir le hAchomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí tabharfar tuairim maidir leis an tréimhse ama a thógfaidh sé an t-achomharc a láimhseáil. -
Cén chaoi a ndéanfaidh mé achomharc ar chinneadh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Ba cheart achomhairc a dhéanamh i scríbhinn chuig oifigeach atá níos sinsearaí ná an té a rinne an cinneadh, agus ba cheart cuntas a thabhairt freisin ar na cúiseanna go ndearnadh an t-achomharc.
Agus admháil á tabhairt maidir le hachomharc seirbhíse, tabharfar tuairim maidir leis an tréimhse ama a thógfaidh sé an t-achomharc a láimhseáil. Cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn faoi thoradh an achomhairc.
Ba cheart achomhairc a sheoladh i scríbhinn chuig Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ba cheart go luafaí san achomharc a chuireann tú isteach go bhfuil achomharc foirmiúil á sheoladh agat.
Achomhairc Reachtúla:
Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra deiridh maidir leis na gearáin nó leis na hachomhairc féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Ombudsman. Is gníomhaireacht neamhspleách í Oifig an Ombudsman a bhfuil sé mar ról aici a mheas cibé ar ghníomhaigh an comhlacht poiblí i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta i gcás ar leith.
Is iad seo a leanas seoladh agus sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman:
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil. 01 6785222 Íosghlao 1890 223 030
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irl.gov.ie
Suíomh gréasáin: www.http://ombudsman.gov.ie/
I gcásanna áirithe, bíonn foráil sa phróiseas cinnteoireachta le haghaidh achomharc chuig comhlachtaí seachtracha ar leith e.g. ní mór achomharc i gcoinne cinneadh pleanála a dhéanamh chuig an mBord Pleanála. -
Cá bhfaighidh mé Cairt Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Deirtear an méid seo a leanas i gCairt Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
Is tosaíocht lárnach do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Seirbhís agus Cúram d’ardchaighdeán a sholáthar do Chustaiméirí.
Leagtar amach sa chairt chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse atá Comhairle Cathrach na Gaillimhe meáite ar a sholáthar dár gcustaiméirí. Táimid dírithe ar sheirbhísí a sheachadadh go dtí an caighdeán éifeachtachta agus ionracais is airde agus an tseirbhís is fearr a sholáthar dár gcustaiméirí laistigh de na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil dúinn.
Caighdeáin Seirbhíse ar Ardchaighdeán- A chinntiú go gcloítear le caighdeáin seirbhíse ar ardchaighdeán
- A chinntiú go gcloítear leis na cearta um chóir chomhionann a leagtar síos sa reachtaíocht chomhionannais, agus go gcuirtear éagsúlacht san áireamh, ionas go gcuirfear le comhionannas do na grúpaí a chuimsítear sa reachtaíocht chomhionannais.
- Oifigí poiblí a sholáthar atá glan agus inrochtana agus a chloíonn le caighdeáin cheirde agus sábháilteachta agus a éascaíonn rochtain do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.
- Faisnéis shoiléir, thráthúil agus chruinn a thabhairt ag gach pointe teagmhála agus inár gcumarsáid.
- An fhaisnéis a theastaíonn uait a thabhairt duit ionas go mbeidh sé ar do chumas an chaoi a ndéantar cinntí a thuiscint go soiléir.
- Foireann ghairmiúil agus chabhrach a chaithfidh i gceart agus go cúirtéiseach leat
- Beidh aird chuí ag an bhfoireann ar do phríobháideacht agus ar do rúndacht
- Ainmneacha teagmhála na foirne a fháil chun idirbhearta leanúnacha a éascú
- A chur ar chumas custaiméirí aiseolas a thabhairt (idir dhearfach agus diúltach) agus aird ar chaighdeán na seirbhíse a fuair siad
- Nós imeachta soiléir maidir le gearáin agus achomhairc a thabhairt do chustaiméirí – is féidir na sonraí a fháil ar www.galwaycity.ie.
- Cur chuige struchtúrach a thabhairt i dtaca le comhairliúchán stuama lenár gcustaiméirí maidir le forbairt, le seachadadh agus le hathbhreithniú seirbhísí.
- Iarracht a dhéanamh rogha a thabhairt dár gcustaiméirí maidir le rochtain ar sheirbhísí agus seachadadh seirbhíse.
- Féachaint ar bhealaí nua le seirbhísí éifeachtúla ar ardchaighdeán a sheachadadh do chustaiméirí trí theicneolaíochtaí atá ar fáil agus ag teacht chun cinn a úsáid.
- Cúnamh a thabhairt do chustaiméirí ar mian leo oibriú linn trí mheán na Gaeilge nó i dteangacha eile, nuair is féidir sin a dhéanamh.
- Cloí lenár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
- Cur chuige comhordaithe agus comhtháite a chothú maidir le seirbhísí a sheachadadh dár gcustaiméirí.
- An fhoireann a aithint mar chustaiméirí inmheánacha agus a chinntiú go bhfuil oiliúint orthu, go dtéitear i gcomhairle leo agus go bhfaigheann siad tacaíocht maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad.
-
Cé chuige a rachaidh mé mura bhfuilim sásta le cinneadh faoi mo Ghearán/Achomharc?
Má mheasann tú gur caitheadh go míchothrom leat nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh maidir le do ghearán, is fútsa atá sé dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman.
De réir an dlí is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi aon cheann dár ngníomhartha nó ár nósanna imeachta riaracháin mar aon le moill nó easpa gnímh i do chuid déileálacha linn.
Tugann an Ombudsman seirbhís réitigh díospóide atá neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2Teil: Íosghlao 1890 223 030
Teil: 01 639 5600
Facs: 01 639 5674Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Suíomh gréasáin: http://www.ombudsman.ie
