Cruinnithe na Comhairle

  • Cén uair a bhíonn Cruinnithe na Comhairle ar siúl?

    Bíonn Cruinnithe Míosúla na Comhairle Cathrach ar siúl i Halla na Cathrach ag 3.00pm ar an dara Luan de gach mí.

    Ní bhíonn aon chruinnithe ar siúl i mí Lúnasa.

    Barr...

  • An féidir liom freastal ar Chruinniú na Comhairle?

    Tá sé de chead ag muintir an phobail freastal ar chruinnithe na Comhairle Cathrach ach chun an méid a fhreastalaíonn a rialú agus mar gheall ar shuíocháin a bheith teoranta molaimid duit áit a chur in áirithe más mian leat freastal ar chruinniú comhairle.

    Chun áit a chur in áirithe le freastal ar Chruinniú na Comhairle Cathrach téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí Corparáideacha ar 091 536431.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé cláir oibre Chruinnithe na Comhairle?

    Breathnaigh ar chláir oibre Cruinnithe na Comhairle.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé miontuairiscí Chruinnithe na Comhairle?

    Breathnaigh ar mhiontuairiscí Cruinnithe na Comhairle.

    Barr...