Scéim na Gaeilge

  • Céard í Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Ullmhaíodh Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Forbraíonn sé soláthar seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha chuig an bpobal, ar bhonn céimnithe.

    Barr...

  • Céard í aidhm Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Lena chinntiú go n-éascófar dóibh siúd a lorgaíonn soláthar seirbhísí Gaeilge i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn sé?

    Tógtar ar gach Scéim ar bhonn céimnithe. Maireann gach Scéim 3 bliana. Mar sin féin, tá feidhm lena gealltanais, fiú má tá dáta na Scéime caite.

    Barr...

  • Cén chaoi a dtiocfaidh mé ar chóip de Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Faigh naisc thíos do chóipeanna do Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    1ad Scéim Teanga (2006-2009) 2ra Scéim Teanga (2009-2012) 3ú Scéim Teanga: (2016-2019) 4ú Scéim Teanga: (2019-2022)

    Barr...

  • Más mian liom gearán a dhéanamh faoi leibhéal na seirbhíse a fuarthas trí Ghaeilge, céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Má cheapann tú nár cloíodh lena raibh tú i dteideal ó thaobh seirbhísí de, trí mheán na Gaeilge, mar atá leagtha amach i Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, nó in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is féidir leat Foirm um Ghearán faoin tSeirbhís do Chustaiméirí a chomhlánú

    Barr...

  • Mura bhfuair mé sásamh maidir le cinneadh ar ghearán/achomharc liom, cé leis a labhróidh mé?

    Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh arna dhéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le do ghearán/achomharc, is féidir leat bheith i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga. Faigh thíos, le do thoil, nasc chuig suíomh gréasáin na hOifige:

    www.coimisineir.ie

    Barr...

  • Cé leis ar féidir liom bheith i dteagmháil má tá ceist agam faoi Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, nó gnéithe eile den Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe?

    Má tá aon cheist agat faoi Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, nó aon ghné eile den Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe, is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

    Marcus Ó Conaire
    Oifigeach Gaeilge

    Seirbhísí Corparáideacha
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Rphost: Marcus.OConaire@galwaycity.ie
    Teil: 091 5366538

    Barr...