An Próiseas Cinnteoireachta do mhórmholtaí beartas

[Read in English]

Cruinnithe na Comhairle

Bíonn Cruinnithe Míosúla Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar siúl i Halla na Cathrach ag 4.00pm ar an dara Luan den mhí. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.galwaycity.ie/council-meetings-details/

 

Coistí um Beartais Straitéiseacha

Croí-ghné den Leasú ar an gCóras Rialtais Áitiúil (faoin gclár "Rialtas Áitiúil níos Fearr - Clár d'Athrú" 1990) gur bunaíodh Coistí um Beartais Straitéiseacha (SNA'nna) i ngach Údarás Áitiúil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.galwaycity.ie/your-council/strategic-policy-committees-information/

 

Mór-Mholtaí beartas lena n-áirítear aon chleachtaí comhairliúcháin phoiblí

Feabhsúcháin Bóthair & Mórscéimeanna

Tionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Bonneagar Iompair na hÉireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag obair le chéile chun fís iompair a fhorbairt do Ghaillimh ina mbeidh gach gné den iompar ag obair le chéile chun réiteach inbhuanaithe comhtháite a chinntiú. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
www.n6galwaycity.ie

 

Páirceáil agus Siúil

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le Scoileanna Glasa An Taisce, le scoileanna i Lár na Cathrach agus le gnólachtaí áitiúla ag iarraidh cúnamh uaitse chun tacú linn an Scéim Páirceála agus Siúil a leathadh amach i gCathair na Gaillimhe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
www.galwaycity.ie/park-n-stride-2/

 

Bealach Rothaithe ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath

Tá Bealach Glas do Rothaithe agus do Choisithe á fhorbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus na hÚdaráis Áitiúla i Ros Comáin, san Iarmhí, sa Mhí, i gCill Dara & i mBaile Átha Cliath chun go mbeidh siad in ann dul idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath gan bóithre a úsáid. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.galwaytodublincycleway.ie

 

Eolas Cúlra maidir le mórmholtaí agus mórchinntí beartas

Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023

Leagtar amach i nDréachtphlean Forbartha na Cathrach 2017-2023 fís agus straitéis fhoriomlán d'fhorbairt inbhuanaithe Chathair na Gaillimhe sa todhchaí i ndáil le saincheisteanna mar Fhorbairt Eacnamaíoch; Tithíocht; Iompar; Gníomhaíocht thráchtála; Páirceanna agus Caitheamh Aimsire; Bithéagsúlacht; Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht, Turasóireacht agus Forbairt Shóisialta agus Phobail. Soláthraítear leis sin, an creat straitéiseach chun forbairt a threorú agus a bhainistiú, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar: www.galwaycity.ie/development-plan-2017-2023

 

Plean Ceantair Áitiúil na nArdán

Tá Plean Ceantair Áitiúil na nArdán atá beartaithe ag céim réamhdhréachta faoi láthair. Tá comhairliúchán ar siúl go leanúnach agus úsáid á mbaint as modhanna éagsúla chun gníomhú go díreach leis an bpobal, le comhlachtaí páirtithe leasmhara agus le húinéirí talún. Áirítear leo ceardlanna, cruinnithe/cuir i láthair, comhráite ar an tsráid agus comhairliúcháin aonair. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
www.galwaycity.ie/local-area-plans/local-area-plans-information

 

Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail

Tá dréachtleagan den Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (LECP) ar fáil. Tabhair ar aird le do thoil gur obair atá idir lámha é an LECP, chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar: www.galwaycity.ie/lecp

 

Straitéis Cultúir Chathair na Gaillimhe

Foilseofar mionsonraí Straitéis Chultúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go gairid.

 

Tairiscint ar Phríomhchathair Cultúir na hEorpa - Gaillimh 2020

Tá Gaillimh ag déanamh iarratais ar a bheith mar Phríomhchathair Cultúir na hEorpa 2020. Tugann an tairiscint deis dúinn teacht le chéile mar phobal, agus machnamh a dhéanamh ar cad atá uathúil fúinne ó thaobh cultúir na Gaillimhe agus saibhreas, bríomhaireacht agus éagsúlacht ár gcultúr Eorpach comhroinnte. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar: www.galway2020.ie

 

Straitéis Aoisbhá Chathair na Gaillimhe 2014 -2019

Mar chontae atá páirteach i dtionscnamh Aoisbhá na hÉireann, seoladh clár Aoisbhá Chathair agus Chontae na Gaillimhe an 27 Meán Fómhair, 2011. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.galwaycity.ie/publications/?filter=Age%20Friendly%20Strategy

 

Tuarascálacha ar fheidhmiú seirbhísí poiblí ag an gcomhlacht Saorála Faisnéise

Tuarascáil Iniúchta Reachtúil Rialtais Áitiúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2014. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:http://www.galwaycity.ie/publications/?filter=Statutory%20Audit%20Report%20of%20Galway%20City%20Council