Soláthar

[Read in English]

Soláthar Poiblí Náisiúnta

Bunaíodh an tAonad Náisiúnta um Beartas Soláthar Poiblí (NPPPU) i mí an Mheithimh 2002 mar chuid den Roinn Airgeadais chun (i) beartas a fhoirmliú, (ii) comhairle agus taithí sárchleachtas maidir le soláthar a scaipeadh in earnáil phoiblí na hÉireann chun a gcumas soláthair a fheabhsú agus (iii) straitéis ríomh-sholáthar an Rialtais a sheachadadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.procurement.ie

 

Soláthar i gComhairle Cathrach na Gaillimhe

Tá ról comhordaithe ag an Rannán Soláthair sa Rannóg Airgeadais chun a chinntiú go mbíonn fócas eagraíochtúil ar dhea-chleachtas i bhfeidhm maidir le ceannachán agus go mbíonn nósanna imeachta in áit, go gcinnteofar luach ar airgead agus ardchaighdeán oscailteachta, trédhearcachta agus comhlíonadh le gach treoirlíne agus reachtaíocht iomchuí maidir le soláthar poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.galwaycity.ie/solathar/

 

Ag freagairt do Thairiscintí

Fógróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe gach tairiscint atá ar fáil ar shuíomh idirlín etenders, áit a bhfuil mionsonraí teagmhála i ndáil le sonraíochtaí tairiscintí aonair ar fáil freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar:
http://www.etenders.gov.ie/

 

Conarthaí Poiblí os cionn €10k a bhronntar ar ICT agus os cionn €25k ar na conarthaí eile ar fad

Foilseofar mionsonraí na gconarthaí poiblí a bhronnfar ón 14/04/16 go luath