An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014: Scéim Foilseacháin

[Read in English]

Réamhrá:

Scéim Foilseacháin ullmhaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus foilseofar í maidir le faisnéis na Comhairle i gcomhréir le Múnla agus Treoirlínte arna ndéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Beidh feidhm leis an Scéim ón 14 Aibreán, 2016.

Cuspóir na Scéime:

Tá an Scéim deartha chun éascú le soláthar faisnéise an méid agus is féidir sin a dhéanamh, ach amháin faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht agus, beidh aird ag comhlacht Saorála Faisnéise ar an leas poiblí maidir leis na nithe seo a leanas agus Scéim Foilseacháin á hullmhú, á hathbhreithniú nó á hathmheas:

(a) rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhíonn i seilbh comhlacht Saorála Faisnéise a cheadú;

(b) na cúiseanna le cinntí a dhéanann comhlacht Saorála Faisnéise a fhoilsiú; agus

(c) faisnéis a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne nó a bheadh chun leasa an phobail i gcoitinne i ndáil lena ngníomhaíochtaí agus feidhmeanna tríd agus tríd a fhoilsiú.

Leagan Amach agus Rochtain na Scéime:

Tá an Scéim gréasánbhunaithe agus tá naisc as sin chuig faisnéis faoi sé cheannteideal mar atá leagtha amach thíos agus déanfar iad a nuashonrú mar a dhéantar foráil dóibh faoin Acht. Beidh cóip chrua ar fáil le féachaint uirthi ach coinne a dhéanamh chuige sin.

A. Faisnéis faoi Chomhlacht Saorála Faisnéise

B. Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal

C. An Próiseas Cinnteoireachta do mhórmholtaí beartas

D. Eolas faoi chúrsaí airgeadais

E. Soláthar

F. Cuntas maidir le Nochtadh Saorála Faisnéise agus Eolas Eile a fhoilseofar go rialta