Cathair na Gaillimhe agus Éirí Amach na Cásca 1916

[Read in English]

Cé go meastar go minic nár tharla rud ar bith i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1916, is amhlaidh go raibh a lán ar bun sa chathair sa bhliain sin. Ba ar chúiseanna éagsúla nár tugadh faoi chuid mhór den ghníomh míleata a bhí pleanáilte. Mar sin féin, bhí ról ríthábhachtach ag Cathair agus ag Contae na Gaillimhe in eachtraí Sheachtain na Cásca 1916.

Mar chuid de na pleananna don Éirí Amach i gCathair na Gaillimhe, beartaíodh na Foirgnimh

Choilíneacha agus siopa Moon a bhí suite ag an acomhal idir Sráid Liam, Sráid Gheata Liam agus Sráid Eglinton a ghabháil, mar aon le hionsaí a dhéanamh ar na Dúnta de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar Shráid Eglinton, ar Shráid Dhoiminic agus i mBóthar na Trá. Bhí sé i gceist leis na pleananna sin freisin trácht iarnróid isteach sa chathair agus amach aisti a chosc nó a rialú. Beartaíodh, de réir cuntais stairiúla áirithe, ionsaí a dhéanamh ar Dhún Míleata na Rinne Móire.

Tuairiscíodh i bhfoinsí eile go ndéanfaí iarracht an ollscoil a ghabháil. Cuid ríthábhachtach de na pleananna ba ea na hoifigí poist a ghabháil. Beartaíodh freisin an líne iarnróid idir Órán Mór agus Gaillimh a ghearradh d'fhonn cosc a chur ar thuilleadh fórsaí de chuid Arm na Breataine Cathair na Gaillimhe a shroicheadh.

Bhíothas ag smaoineamh, de réir foinsí áirithe, faoin líne iarnróid idir Gaillimh agus an Clochán a scriosadh. Tugtar le fios i bhfoinsí frithráiteacha gur pleanáladh ionsaí a dhéanamh ar phearsanra an Aerchóir Ríoga freisin.

Beartaíodh roinnt úinéirí áirithe gnó áitiúil, go háirithe Martin McDonagh (Máirtín Mór) agus Joseph Young, a choinneáil faoi choimeád ar mhaithe le slógadh Óglaigh Náisiúnta Réamainn a chosc nó a shárú. Bhí roinnt fear gnó ag obair le blianta roimhe sin chun Monarcha Muinisean na Gaillimhe a bhunú freisin, cé nach ndearnadh na chéad sliogáin inti go dtí an bhliain 1918.

Mar a tharla, is amhlaidh go ndeachaigh na hÓglaigh Náisiúnta ar patról le hArm na Breataine agus le Constáblacht Ríoga na hÉireann. Bhí siad i láthair freisin ag an luíochán ag Crois an Chairn Mhóir, áit ar scaoileadh agus ar maraíodh Patrick Whelan, Constábla de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. Ba é an t-aon duine amháin a maraíodh le linn an Éirí Amach i gceantar na Gaillimhe. Bhí Whelan lonnaithe i Stáisiún Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar Shráid Eglinton i gCathair na Gaillimhe. Tá sé curtha sa Reilig Nua, ar an mBóthar Mór.

Cé gur bunaíodh Sinn Féin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1905, ba ina dhiaidh sin sa bhliain 1907 a tháinig Cumann na Gaillimhe i bhfeidhm. Athbhunaíodh é ní ba dhéanaí mar thoradh ar an Éirí Amach agus, faoi mar a tharla i gcás cuid mhór cumann eile de chuid Shinn Féin, athainmníodh é as Thomas Ashe a fuair bás sa bhliain 1917 agus é ar stailc ocrais.

Ag teacht sna sála ar bhunú Óglaigh na hÉireann i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1913, cuireadh ar bun i nGaillimh iad tar éis cruinniú i Halla an Bhaile sa bhliain 1914. Níorbh fhada gur shíothlaigh Bráithreachas Phoblacht na hÉireann isteach iontu, faoi mar a shíothlaigh siad isteach i bhFianna Éireann (Cumann Gasóg arna bhunú ag Bulmer Hobson agus ag Constance Markievicz) cúpla bliain roimhe sin. Cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun ar dtús in Aontroim sa bhliain 1901 agus athbhunaíodh iad i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sa bhliain 1909. Cuireadh Cumann na mBan ar bun i nGaillimh tamaillín tar éis é a bhunú i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1914.

I measc na n-eagraíochtaí ar tugadh cuireadh dóibh freastal ar bhunú Óglaigh na hÉireann, bhí Léig na nÉireannach Aontaithe, Conradh na Gaeilge, Cumann na mBan, Ord Ársa na nIbeirneach, Coillteoirí Náisiúnta na hÉireann, Comhairle na gCeardchumann agus eagraíochtaí eile.

Ní bheadh na heagraíochtaí sin go léir ar aon tuairim ina dhiaidh sin ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, áfach. Mar sin féin, bhí scoilt ann in Óglaigh na Gaillimhe sa bhliain 1914. Bhí scoilt náisiúnta ann ina dhiaidh sin, agus í ag eascairt astu seo a leanas: óráid ó Sheán Réamainn inar gealladh na hÓglaigh do chomhar cogaidh na Breataine; an baol Coinscríofa; agus roinnt saincheisteanna eile, lenar áiríodh an t-éileamh ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann smacht a fháil ar na hÓglaigh. Cuireadh Liam Ó Maoilíosa go Gaillimh sa bhliain 1914 chun aitheantas foirmiúil a thabhairt d'Óglaigh na hÉireann tar éis na scoilte agus ba eisean a ghlac le sciar na Gaillimhe de na raidhfilí. D'fhéadfadh go raibh suas le 3,000 arm i gceist leis sin. Beartaíodh sna pleananna go dtabharfaí Óglaigh Chathair agus Chontae na Gaillimhe agus Óglaigh as codanna de Chontae an Chláir le chéile, agus é de dhualgas orthu líne cosanta a choinneáil ar bun i Sionainn. Tá na cuntais atá le fáil i bhfoinsí foilsithe agus in agallaimh fhoilsithe ag teacht salach ar an léirmhíniú sin, áfach.

Is curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir agus i Reilig Rathúin atá a lán iarshaighdiúirí a bhí páirteach san Éirí Amach, i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha agus pearsanra de chuid Arm na Breataine in aice leo. Ba naimhdeach a bhí an-chuid de phobal na Cathrach díreach tar éis an Éirí Amach. Baile garastúin daingean a bhí i nGaillimh ag an am, áit a raibh mórdhún míleata ar an Rinn Mhór agus roinnt Dúnta de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. Bhíothas ag brath ar shaighdiúirí agus ar íocaíochtaí ón gCabhlach Ríoga in áiteanna amhail an Cladach agus sna ceantair dhuga. Go traidisiúnta, bhíothas i bhfách leis na Fíníní agus le Cogadh na Talún i gceantair amhail Rathún, an Bhearna agus an Caisleán Gearr, rud a bhí tacúil le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann agus a bheadh mar bhonn do ghrúpaí Ardphoblachtacha ina dhiaidh sin. Baill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann a bhí ina lán de na daoine a bhí páirteach i gConradh na Gaeilge agus i gcumainn CLG, cumann Chathair na dTreabh ina measc.

Luaigh Colm Ó Gaora an lascadh a fuair sé le linn an Éirí Amach ó mhná na Gaillimhe nuair a tháinig sé as Maigh Eo go Gaillimh chun tacú leis an Éirí Amach sa chathair.

Bhí mórbhratacha na Breataine in airde ag roinnt de na dílseoirí áitiúla sa bhaile. Údar áthais dóibh a bhí san ionsaí sliogán a rinne longa an Chabhlaigh Ríoga i gCuan na Gaillimhe ar an gceantar. Bhí mórbhratach na Breataine in airde ag úinéirí Theach Pháirc an Tobair, agus iad i bhfách le cur faoi chois an Éirí Amach. Ba bheag damáiste a rinne an Cabhlach Ríoga do Phoblachtaigh le linn an ionsaithe sliogán i gCrois Bhaile an Dúlaigh, i sráidbhaile Bhaile an Dúlaigh agus i seanreilig Órán Mór.

Na daoine sin a bhí faoi phríosúnacht shealadach i nGaillimh agus i nDúnta éagsúla agus in ionaid choinneála éigeandála éagsúla de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann díreach tar éis an Éirí Amach, cuireadh faoi phríosúnacht agus faoi imtheorannú iad

trí Dhugaí na Gaillimhe. Cuireadh na céadta duine faoi imtheorannú gan triail i bpríosúin i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, áit a ndearnadh príosúnaigh chiontaithe de roinnt díobh. Fuair a lán de na daoine faoi imtheorannú oideachas leathan sna campaí príosúin, rud a d'ullmhaigh iad don obair a bhain le rialtas malartach agus le sochaí shibhialta mhalartach a bhunú ina dhiaidh sin. I mórán cásanna, ba i bpríosún a bhuail Óglaigh as gach cearn na hÉireann lena chéile den chéad uair, áit ar cruthaíodh naisc agus ar forbraíodh beartais agus naisc réabhlóideacha agus oirbheartaíocht réabhlóideach. In éineacht leis na heachtraí míleata, ba iad sin príomhoidhreacht na bliana 1916.