Cáin Mhaoine Áitiúil

  • Céard í an Cháin Mhaoine Áitiúil?

    Cáin bhliantúil is ea Cáin Mhaoine Áitiúil a ghearrtar ar gach maoin chónaitheach sa Stát. Tháinig an Cháin i bhfeidhm in 2013. Bhí íocaíocht leathbhliana dlite in 2013, agus tá íocaíocht don bhliain iomlán dlite ó 2014 i leith. Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhailíonn an Cháin Mhaoine Áitiúil.

    Barr...

  • Céard é an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil?

    Féadfaidh údarás áitiúil bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a mhionathrú faoi 15% ar a mhéad ina cheantar féin. Ní mór don údarás áitiúil cinneadh a dhéanamh bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a mhionathrú faoin 30 Meán Fómhair gach bliain chun go mbeidh feidhm leis an gcinneadh ón 1 Samhain (an dáta dlite) agus, dá bharr sin, dliteanas na Cánach Maoine Áitiúla a dhearbhú do cháiníocóirí i gceantar an údaráis áitiúil sin an bhliain dár gcionn.

    Barr...

  • Céard le haghaidh a n-úsáidtear an t-airgead a bhailítear faoin gCáin Mhaoine Áitiúil sa Chomhairle?

    Cuireann an t-airgead sin leis an gcostas a bhaineann le réimse seirbhísí de chuid na Comhairle a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta, cothabháil na mbóithre, soilsiú poiblí, seirbhísí dóiteáin, leabharlanna, saoráidí áineasa agus taitneamhachta, tacaíochtaí ealaíon agus cultúrtha, bainistiú bruscair agus glantachán sráide, tacú le tionscnaimh phobail, agus an fhorbairt gheilleagrach.

    Barr...

  • Cén uair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le ráta na Cánach Maoine Áitiúla i nGaillimh a athrú?

    Déanfar an cinneadh faoin 30 Meán Fómhair gach bliain. Ag Cruinniú Speisialta den Chomhairle Dé Céadaoin, an 17 Meán Fómhair 2014, chomhaontaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe gan ráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú le haghaidh 2015 – ní bheidh fachtóir coigeartaithe áitiúil i bhfeidhm.

    Agus cinneadh á dhéanamh gach bliain cibé acu an ráta a athrú nó a fhágáil mar atá, déanann na comhaltaí tofa na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

    • Ioncam agus Caiteachas measta na Comhairle don bhliain dár gcionn
    • Seasamh airgeadais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag an am
    • An éifeacht airgeadais mheasta a bheadh ag an ráta athraithe sa bhliain dár gcionn
    • Aiseolas ón gComhairliúchán Poiblí

    Barr...