Gradaim an Mhéara

Mayor's Awards Photo Launch

Tá ainmniúcháin do Ghradaim an Mhéara 2023 AR OSCAILT anois.

Tá áthas orm Gradaim Bhliantúla an Mhéara a fhógairt inniu, Déardaoin, an 1 Feabhra 2024, mar aitheantas ar bhliain eisceachtúil eile d’obair dheonach. Is léiriú iad na gradaim seo ar an méid a rinne daoine aonair, pobail agus grúpaí deonacha ar fud Chathair na Gaillimhe.

Mar Mhéara, tá mé ag spreagadh daoine aonair, pobail agus grúpaí deonacha chun ainmniúcháin daoine aonair/grúpaí a chur chun cinn a bhfuil fíordhifríocht déanta acu inár gcathair. Ar an ábhar seo, an chéad bhliain is fiche de na Gradaim, táim ag súil go mór le fíorspiorad an phobail a aithint agus a cheiliúradh de réir na Meithle Gaeilge fadbhunaithe a thugann pobail le chéile.

Céard iad Gradaim an Mhéara?

Tugann Gradaim an Mhéara deis aitheantas a thabhairt do dhaoine a dhéanann am agus iarracht chun áit níos fearr a dhéanamh dá bpobal. Tá aithne againn go léir ar dhaoine a fhaigheann am chun tacú lena gcomharsana, le grúpaí áitiúla agus lena bpobal ar bhealach an-suntasach in ainneoin a saol agus a sceideal thar a bheith gnóthach. Má tá duine aonair nó grúpa ann ar cheart aitheantas a fháil dó as a gcuid iarrachtaí, déan iad a ainmniú le do thoil.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhios a bheith ag gach oibrí deonach go bhfuil a gcuid oibre déanta acu agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh as a luach bunúsach dár sochaí, rud a chabhraíonn le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Bróisiúr Ghradaim an Mhéara 2024

Cé atáthar in ann a ainmniú le haghaidh Ghradaim an Mhéara?

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh ainmniúcháin do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht dheonach sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas:

·        Gradam Ealaíon, Cultúir, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge           

·        Gradam do Chónaitheoirí agus do Cheantair Áitiúla

·        Gradam na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta

·        Gradam d'Oibrí Deonach Saoránach Sinsearach na Bliana

·        Gradam Inbhuanaitheachta Comhshaoil

·        Gradam d'Oibrí Deonach Spóirt na Bliana

·        Gradam Tacaíochta Leanaí agus Óige

·        Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana     

·        Gradam d'Oibrí Deonach na Bliana Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Barr...

Cén chaoi a n-ainmneoidh mé duine éigin?

Más mian leat duine aonair nó grúpa a ainmniú d’aon cheann de na catagóirí gradaim seo, is féidir leat foirm ainmniúcháin ar líne a chomhlánú ag www.galwaycity.ie/MayorsAwardsNomination. Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil freisin ó Halla na Cathrach agus ó Leabharlanna na Cathrach.

Is é 4pm Dé hAoine, an 23 Feabhra 2024 an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán ar líne.

Forim Ainmniúcháin Gradaim an Mhéara 2024

Barr...

Cén uair a bhíonn siad ar siúl?

Beidh searmanas bronnta na nGradam ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin, 1 Bealtaine 2024 in Óstán Galway Bay, Bóthar na Trá, Gaillimh, agus mar i gcónaí is dócha gur oíche iontach do chách a bheidh ann.

Barr...

Céard a fhaigheann na buaiteoirí? 

Bronnfar bronntanas cuimhneacháin agus sparánacht €500 ar na buaiteoirí lena n-úsáid i dtreo a gcuid oibre deonaí. Bronnfar Teastas Méara atá deartha go haonarach ag Searmanas na nGradam ar gach ainmnithe a bheidh ar siúl Dé Céadaoin 1 Bealtaine 2024 in Galway Bay Hotel, Bóthar na Trá, Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradaim an Mhéara, seol ríomhphost chuig mayorsawards@galwaycity.ie nó cuir glaoch ar 091 536 461 / 091536358.

Barr...