Gnó Glas

  • Tá gnó agam i gCathair na Gaillimhe. Céard ba cheart a bheith ar eolas agam faoin gcomhshaol?

    Is é an rud is tábhachtaí d’aon ghnó maidir leis an gcomhshaol ná cloí leis an reachtaíocht ábhartha ar fad. Is féidir sonraí breise maidir le rialacháin agus reachtaíocht chomhshaoil a fháil ar http://www.epa.ie/pubs/legislation/.

    Mar sin féin, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh do ghnóthaí, ní amháin reachtaíocht a chomhlíonadh, ach a chinntiú freisin go mbeidh inbhuanaitheacht chomhshaoil i gcroílár gach straitéise agus cuspóra gnó a bheidh acu. Coiglíonn gnóthaí airgead nuair a fheabhsaíonn siad a bhfeidhmíocht chomhshaoil nó ‘nuair a éiríonn siad glas’, méadaítear iomaíochas agus tagann méadú ar éileamh tomhaltóirí. Chun tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar an suíomh gréasáin www.greenbusiness.ie.

    Barr...

  • An bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann tacú liom mo ghnó a dhéanamh ‘glas’?

    Tá. Cabhróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe leat na chéad chéimeanna a ghlacadh chun dul i ngleic le dramhaíl i d’eagraíocht agus cuideofar leat an méid atá ar siúl agat cheana féin a fheabhsú. Tá raon leathan tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí, ó chur i láthair go hábhar faisnéise. Beidh an tOifigeach Oideachais ar an gComhshaol in ann cuairt a thabhairt ar do ghnó agus cabhrú le hiniúchtaí dramhaíola agus le pleananna gníomhaíochta a ullmhú. Beidh tacaíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dírithe go príomha ar chosc na dramhaíola.

    Barr...

  • Céard iad na buntáistí a bhaineann ‘éirí glas’ i mo ghnó?

    Ar cheann de na príomhbhuntáistí a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe tá coigilteas costas. Má chruthaítear éifeachtúlacht mhéadaithe acmhainní, agus giniúint laghdaithe dramhaíola, laghdaítear go mór ar chostais an ghnó.

    I measc na mbuntáistí eile bheadh caidreamh le custaiméirí agus éileamh tomhaltóirí níos fearr, forbairt branda dearfach cuideachta agus, ar ndóigh, comhlíonadh feabhsaithe na reachtaíochta comhshaoil.

    Barr...

  • Céard is cosc ar dhramhaíl ann?

    Ba cheart go mbeadh cosc ar dhramhaíl ar an gcéad chéim i gcónaí i mbainistiú dramhaíola. Seachas an cheist ‘cén bosca bruscair ar cheart dom é seo a chur ann?’ a chur, fiafraigh ‘ar theastaigh an rud seo uaim ar chor ar bith?’.

    Nuair nach ngintear dramhaíl i dtús báire, faighimid réidh leis an ngá le dramhaíl a láimhseáil, a iompar, a chóireáil agus a dhiúscairt. Ní bheadh aon chál dúinn ach an oiread a bheith ag íoc as na seirbhísí sin.

    Tá baint ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le roinnt tionscadal a bhaineann le cosc ar dhramhaíl agus is ball gníomhach de Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil í.

    Barr...

  • Céard é Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil?

    Is clár comhoibrithe é Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil idir an Clár Náisiúnta um Chosc na Dramhaíola de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an Líonra go mbeidh sé de chumas ag údaráis áitiúla cosc na dramhaíola a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil agus pobail ar mhaithe lena réigiúin. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar www.localprevention.ie.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina ball gníomhach de Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil ó bunaíodh é in 2010 agus faigheann sí treoir ó thacaíocht agus ó shaineolas an líonra nuair a bhíonn sí ag obair le gnóthaí, le heagraíochtaí agus le pobail maidir le cosc na dramhaíola.

    Barr...

  • Ba mhaith liom iniúchadh dramhaíola a dhéanamh ar mo ghnó. Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?

    Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Comhshaoil ag environment@galwaycity.ie. Tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe cúnamh agus treoir duit le do chuid dramhaíola a bhainistiú go héifeachtach. Tabharfaidh siad sonraí teagmhála eagraíochtaí eile duit freisin a d’fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat, cosúil le www.greenbusiness.ie.

    Barr...

  • An bhfuil aon scéimeanna dámhachtana ann do ghnóthaí glasa?

    Tá. Is caighdeán deimhnithe comhshaoil le haghaidh earnáil an fháilteachais í an Dámhachtain Fáilteachais Ghlais a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aici. Tairgeann scéim na nDámhachtainí Fáilteachais Ghlais dámhachtain Éiceathurasóireachta freisin. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.gha.ie. Ina theannta sin, aithníonn agus ceiliúrann na Dámhachtainí Glasa bliantúla dea-chleachtas glas in Éirinn thar 23 catagóir éagsúil. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.greenawards.ie

    Barr...