Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean

  • Tá an baol ann go bhfágfar gan dídean mé. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Tá roinnt seirbhísí ann a d’fhéadfadh cabhrú leat má tá an baol ann go bhfágfar gan dídean thú.

    • An tOibrí Sóisialta sa Rannóg Tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
      Seirbhísí gairmiúla faoi rún iad na seirbhísí ar fad a chuirtear ar fáil. Is féidir leis an Oibrí Sóisialta comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil maidir le fadhbanna tithíochta, tionóntachta agus sóisialta.

      Bíonn Roinn na hOibre Sóisialta ag obair go dlúth le comhlachtaí reachtúla agus deonacha chun troid i gcoinne na heaspa dídine. Dírítear go príomha ar thacú le daoine aonair agus le teaghlaigh teacht ar na seirbhísí oiriúnacha sa phobal ag céim luath ionas nach bhfágfar gan dídean iad.

      Sonraí teagmhála: Seirbhísí Oibre Sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe,
      Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
      Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste,
      Gaillimh

      Teil: 091 894372
      Ríomhphost: Housing@galwaycity.ie

    • Threshold

      Seirbhís tosaigh comhairle agus tacaíochta is ea Threshold le haghaidh daoine a bhfuil fadhbanna tithíochta acu agus daoine atá i mbaol go bhfágfar gan dídean iad. Tá an tseirbhís saor in aisce, neamhspleách agus faoi rún. Breathnaigh ar www.threshold.ie nó saorfhón 1800 454 454 chun tuilleadh eolais a fháil

      Ionad Comhairle Threshold na Gaillimhe
      5 Prospect Hill,
      Galway
      Tel: 1800 454 454 (Freephone)
      Ríomhphost: advicegalway@threshold.ie

    • COPE na Gaillimhe
      Tá sé mar aidhm ag COPE na Gaillimhe feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, i dteach dá gcuid féin, do dhaoine atá buailte ag an easpa dídine, do mhná agus do leanaí a ndéantar foréigean baile orthu, agus do dhaoine breacaosta.

      Cuireann COPE na Gaillimhe réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine atá gan dídean nó atá i mbaol go bhfágfaí gan dídean iad, lena n-áirítear Seirbhísí Coisctheacha dóibh siúd i mbaol easpa dídine, Cóiríocht Éigeandála do dhaoine gan dídean, Cóiríocht Idirthréimhseach agus Tacaíocht Athlonnaithe agus Tionóntachta dóibh siúd atá ag aistriú ó bheith gan dídean go maireachtáil go neamhspleách.

      COPE na Gaillimhe
      2-5 Teach Calbro,
      Bóthar Thuama,
      Gaillimh
      Teil: 091 778750
      www.copegalway.ie

    • SIMON - Clann Shíomóin na Gaillimhe
      Cuireann Clann Shíomóin na Gaillimhe réimse leathan seirbhísí tacaíochta agus cónaithe ar fáil do dhaoine gan dídean agus do dhaoine atá i mbaol go bhfágfar gan dídean iad. Soláthraíonn siad tograí tithíochta éagsúla lena gcuimsítear tograí a bhfuil leibhéal ard tacaíochta agus leibhéal íseal tacaíochta i gceist leo. Acmhainn an-tábhachtach is ea an Fhoireann For-Rochtana Pobail dá gcuid chun cabhrú leis an easpa dídine a chosc agus chun cabhrú le cothú tionóntachtaí a chinntiú.

      Cuireann Clann Shíomóin na Gaillimhe seirbhísí tacaíochta breise ar fáil chun freastal ar riachtanais theiripeacha amhail sláinte, meabhairshláinte, agus cóireáil do mhí-úsáid substaintí.

      Clann Shíomóin na Gaillimhe
      11 Sean Mulvoy Centre,
      Sean Mulvoy Road,
      Galway,
      H91 EAY0
      Teil. 091 381828
      Ríomhphost: info@galwaysimon.ie

    • An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha
      Má tá cíos á íoc agat le tiarna talún príobháideach agus má tá aighneas idir tú féin agus an tiarna talún, soláthraíonn an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha seirbhís réitigh díospóidí do thiarnaí talún agus tionóntaí. Ní gá go mbeadh tionóntacht cláraithe chun leas a bhaint as an tseirbhís seo. Cabhraíonn idirghabhálaí leis na páirtithe le tuiscint a fháil ar sheasamh an pháirtí eile agus teacht ar réiteach ar an díospóid atá inghlactha ag an dá pháirtí.

      Déan teagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar (01) 6350 600 ó Luan go hAoine idir 9.30am agus 1.00pm, nó téigh chuig a shuíomh gréasáin ag www.prtb.ie

    • An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS)
      Seirbhís neamhspleách faoi rún atá saor in aisce agus neamhbhreithiúnach is ea an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid le haghaidh daoine atá i bhfiacha nó a bhfuil an baol ann go mbeidh siad i bhfiacha.

      Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála d’oifig na Gaillimhe:

      Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) Dheisceart na Gaillimhe
      An 3ú hUrlár, The Halls
      Sráid na Céibhe,
      Gaillimh

      Teil: 0761 07 2570
      Ríomhphost: galway@mabs.ie
      Suíomh gréasáin: www.mabs.ie

      Uaireanta oscailte: Luan go Déardaoin, 9.30am - 1.00pm agus 2pm - 5.30pm / Aoine 9.30am - 1pm agus 2pm - 5pm

    • An Roinn Coimirce Sóisialaí
      Mura bhfuil sé ar do chumas íoc as cóiríocht as do chuid acmhainní féin agus mura bhfuil agat mar ioncam ach íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfaí go mbeifeá i dteideal liúntas cíosa. Braitheann sé freisin ar riachtanais tithíochta bhailí a bheith deimhnithe i measúnú a dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bíonn rialacha eile ann freisin amhail tástáil acmhainne agus tástáil maidir le gnáthchónaí.

      Chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Cíosa, ba cheart duit dul i dteagmháil le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar a dtugtaí Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo).

      An Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh, Gaillimh
      Geata na Cathrach,
      Faiche an Aonaigh,
      Gaillimh

      Teil: 091 536700, 091 536702 & 091 536720

      Uaireanta oscailte: 9.30 - 12.30, ar oscailt Déardaoin ó 10.30

    • Keepingyourhome.ie

      Is iad an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) a chuireann keepingyourhome.ie ar fáil. Tá mar aidhm leis an suíomh gréasáin faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil ar na seirbhísí atá ar fáil agus ar rudaí a bhfuil tú ina dteideal má bhíonn deacrachtaí agat an cíos a íoc nó íocaíochtaí morgáiste a dhéanamh.

      keepingyourhome.ie bunaithe ar ábhar atá ar an suíomh gréasáin citizensinformation.ie agus ar mabs.ie, suíomh gréasáin na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid.

    • Déan teagmháil leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil

      Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as cúnamh dlí agus comhairle ar an dlí sibhialta a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas íoc as seirbhísí den sórt sin. Ní chuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil cúnamh dlí ar fáil i gcúrsaí coiriúla. Soláthraítear seirbhísí an Bhoird ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear líonra de 33 ionad dlí lánaimseartha atá lonnaithe ar fud na tíre mar aon le roinnt ionaid dlí pháirtaimseartha eile.

      Chun sonraí a fháil ar an ionad dlí is gaire duit, breathnaigh ar www.legalaidboard.ie nó glaoigh ar 066 947 1000, Íosghlao: 1890 615 200

    Barr...

  • Tá mé gan dídean. Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh chun cabhair a fháil?

    Má tá seirbhísí dídine éigeandála ag teastáil uait, ba cheart duit clárú mar dhuine gan dídean ag an gcuntar tithíochta in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Bíonn sé ar oscailt idir 9.30am agus 1pm, Luan go hAoine. Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú agus glacfar cinneadh maidir le do theidlíocht i leith soláthar dídine éigeandála.

    Tá cuntar tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe lonnaithe i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Breathnaigh ar léarscáil den áit a bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe suite.

    Bíonn cuntar tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar oscailt ó 9.30am go dtí 1pm, Luan go hAoine.

    Teil. 091 849372

    Má theastaíonn cúnamh uait lasmuigh d’uaireanta oscailte an chuntair tithíochta, téigh i dteagmháil le COPE na Gaillimhe ar an uimhir shaorghlao 1800 788 887

    Má tá tú lasmuigh de Chathair na Gaillimhe, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg tithíochta in údarás áitiúil an cheantair ina bhfuil cónaí ort chun cúnamh, measúnú agus soláthar seirbhíse a fháil.

    Barr...

  • Ní as Éirinn mé. An féidir liom leas a bhaint as na seirbhísí do dhaoine gan dídean mar sin féin?

    Más náisiúnach de thír eile thú (lena n-áirítear lucht iarrtha tearmainn, dídeanaithe, agus daoine arb as tíortha aontachais an Aontais Eorpaigh iad), tá de rogha agat dul chuig an oifig seo a leanas: Oifig Aonad na nDaoine Gan Dídean, 77 Sráid Ghairdinéir, Baile Átha Cliath 1. 10am - 11.30am agus 2pm - 3.30pm (Luan go hAoine) nó teileafón 01 858 5100.

    Seiceálfaidh an tseirbhís sin an bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh príomhshrutha.

    Daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois

    Tá sé de fhreagracht ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagairt do do chuid riachtanas má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois agus gan dídean. Cabhróidh oibrí sóisialta de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leat. Má tá tú gan dídean nó i mbaol go bhfágfar gan dídean thú, téigh chuig oifig sláinte áitiúil an cheantair.

    Má tá sé tar éis 5pm (i.e. má tá an oifig sláinte áitiúil dúnta), téigh chuig an Stáisiún Gardaí is gaire duit agus rachaidh na Gardaí i dteagmháil leis an Oibrí Sóisialta atá ar dualgas do Cheantar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ionas gur féidir cóiríocht éigeandála a eagrú.

    Nuair a chuirfear measúnú i gcrích agus nuair a mheasfar go bhfuil tú i dteideal seirbhísí easpa dídine agus go bhfuil na seirbhísí sin ag teastáil uait, tairgfear cóiríocht éigeandála ar fáil duit. Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe athbhreithniú rialta air sin.

    Bíonn Cóiríocht Éigeandála do dhaoine gan dídean ar fáil ag na láithreacha seo a leanas i gCathair na Gaillimhe:

    • Seirbhís do Mhná
      COPE, Áras Osterley, 140 Bóthar na Trá Íochtarach,
      Teil. 091 521301

    • Seirbhís d’Fhir
      COPE, Fairgreen Hostel, Faiche an Aonaigh, Gaillimh
      Teil. 091 568818
    • Foréigean Baile
      COPE, Waterside House
      Teil. 091 565985
    • Seirbhís Tacaíochta do Theaghlaigh
      Teach Corrib Day Centre, COPE na Gaillimhe, Teach Westside, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh
      Teil: 091 525259
      Ríomhphost: daycentre@copegalway.ie
      Uaireanta oscailte:
      8.30am go 4.00p, (Luan go hAoine)
      8.30am go 2.00pm (Satharn)

    Barr...