Deontas Oiriúnaithe do Dhaoine faoi Mhíchumas

  • Deontas um Chóiriú Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas

    Tá an Deontas um Chóiriú Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil le cabhrú chun oibreacha a dhéanamh atá riachtanach go réasúnach chun críocha teach a dhéanamh níos oiriúnaí do chóiríocht duine faoi mhíchumas a bhfuil lagú fisiciúil, céadfach, meabhairshláinte nó intleachtach fadtéarmach ag gabháil dóibh. Áirítear leis na cineálacha oibreacha a cheadaítear faoin scéim soláthar rampaí rochtana, áiseanna leithris thíos staighre, cathaoireacha staighre, ceathanna inrochtana, cóirithe chun rochtain cathaoir rothaí a éascú, síneadh, agus aon oibreacha eile atá riachtanach go réasúnach chun críocha teach a dhéanamh níos oiriúnaí do chóiríocht duine faoi mhíchumas.

    Caithfear Tuairisc ó Theiripeoir Saothair (OT) a chur isteach le d'iarratas ar aon cheann de na hoibreacha seo a leanas:

    • Athrú mór le húsáid seomra i do theach;
    • Cathaoir staighre;
    • Síneadh.

    Féadfaidh an Chomhairle Tuairisc OT a iarradh ar oibreacha eile má mheastar sin a bheith riachtanach tar éis iniúchadh tosaigh.

    Tá níos mó faisnéise ar fáil ar an deontas seo tríd an fhoirm iarratais thíos a íoslódáil.

    Foirm Iarratais: Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas