Íoc de réir Meáchain

    • Conas mar is féidir liom smacht a bheith agam ar chostas na seirbhíse Bailithe Bruscair Tí?

      Ná déan dearmad má tá a fhios agat cén sórt dramhaíola atá agat, smacht agat ar an gcostas.

      Is é an rud is tábhachtaí chun do chostais a smachtú do chuid dramhaíola a scaradh mar is ceart. Má bhíonn sé sa bhosca bruscair ceart, tá tú ar an mbóthar ceart.

      Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
      http://www.curwmo.ie/

      Is féidir teacht ar bhealaí agus ar leideanna chun do chostais dramhaíola a laghdú ar Shuíomh Idirlín Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
      http://www.curwmo.ie/pay-by-weight/

      Chun eolas a fháil maidir le conas dramhaíl bia a laghdú, féach ar shuíomh idirlín Stop ag Cur Bia Amú
      http://www.stopfoodwaste.ie/

      Top...


Cur i bhfeidhm 'Íoc de réir Meáchain' - Limistéir ainmnithe Bailithe Málaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

  • An mbeidh mé fós in ann mo dhramhaíl tí a chur i málaí lena bailiú?

    Ní bheidh, le héifeacht ón 1 Iúil 2016, ach amháin má tá tú i do chónaí i limistéar atá ainmnithe go sonrach ag d'údarás áitiúil agus má chomhlíonann tú na critéir riachtanacha le haghaidh bailiú málaí, féach thíos.

    De réir Airteagal 20(2) (g) (iv) de na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin), 2007, arna leasú:

    (iv) cinnte a dhéanamh de, ón 1 Iúil 2016, gur i ngabhdáin fhaofa atá deartha lena n-athúsáid, agus iontu sin amháin, a bhaileofar dramhaíl tí ón gcosán, ach amháin i gcás dramhaíl den sórt sin a bhailiú i LIMISTÉIR FAOI LEITH ARNA nAINMNIÚ AG ÚDARÁS ÁITIÚIL mar limistéar nach bhfuil feiliúnach ach do bhailiú dramhaíola den sórt sin i ngabhdáin nach féidir a úsáid arís, ar nós málaí,

    Tabharfar faoi athbhreithniú ar gach teaghlach ainmnithe tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh dháta an ainmnithe.

    Top...

  • Céard iad na critéir le go gceadófaí bailiú dramhaíola i málaí?

    Is iad seo a leanas na critéir chun teaghlach, áit chónaithe aonair nó ilaonad, a ainmniú mar theaghlach nach bhfuil feiliúnach ach do bhailiú dramhaíola tí ón gcosán i ngabhdáin nach féidir a úsáid arís, ar nós málaí:

    • 1. Níl aon spás taobh istigh de theorainn na réadmhaoine, tosach, cúl, ná taobh, chun 3 araid bhruscair a stóráil. Ní mór an dramhaíl a stóráil áit éigin, áfach, fiú nuair a chuirtear amach i málaí é. Ba chóir, dá bhrí sin, féachaint an féidir, i gcúinsí den sórt sin, úsáid a bhaint as araidí rothaí níos lú nó as gabhdáin eile is féidir a úsáid arís. Ina thaobh seo, má úsáidtear an critéar seo chun teaghlach a ainmniú, tabharfar faoi athbhreithniú ar an gcinneadh sin tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh an chinnidh sin, d'fhonn a dhéanamh amach an féidir úsáid a bhaint as araidí rothaí níos lú nó as gabhdáin eile is féidir a úsáid arís.
    • 2. Gnéithe fisiciúla a fhágann go bhfuil sé deacair araid bhruscair a bhogadh go dtí imeall tosaigh na réadmhaoine nó go dtí an teorainn is gaire lena bailiú, e.g. fána ghéar agus/nó céimeanna a chruthódh deacracht mhór.
    • 3. Tá an limistéar (e.g. sráid) róchúng le go bhféadfadh lastlong bruscair teacht ar thithe agus tá an áit is gaire ar féidir an bruscar a chur amach lena bhailiú níos mó ná 100m ón teach.
    • 4. Má chuireann sealbhóir tí / cónaitheoir an tÚdarás Áitiúil ar an eolas go bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist agus má dheimhníonn an tÚdarás Áitiúil é sin. Arís, má úsáidtear an critéar seo chun teaghlach a ainmniú, más cuí agus ag cur san áireamh go bhfuil sé i gceist gur eisceacht a bheadh i mbailiú málaí, tabharfar faoi athbhreithniú ar an gcinneadh sin tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh an chinnidh sin, d'fhonn a mheas cé acu atá nó nach bhfuil na himthosca eisceachtúla tar éis athrú sa chaoi is go bhféadfaí araidí rothaí a úsáid.
    • 5. Ach amháin mura féidir é a dhéanamh, cuirfear málaí amach lena mbailiú cóngarach don tslí isteach chuig an teach ónar tháinig an dramhaíl.
    >

    Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2016, ní mór málaí, dramhaíl athchúrsála agus iarmharach a cheannach ón mbailitheoir dramhaíola go díreach. Moltar duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le do bhailitheoir dramhaíola.

    Mar eolas, féach thíos sonraí teagmhala do na bailitheoirí bruscair atá ag ofráil seirbhís údaraithe bailiú málaí dramhaíola i gCathair na Gaillimhe.

    Barna Recycling - 091 771619sales@BarnaRecycling.com

    Top...

  • Cá bhfuil limistéir ainmnithe Chathair na Gaillimhe?

    Tá "Limistéar Bailithe Málaí" Chathair na Gaillimhe iata ag an gcúrsa taistil seo a leanas:

    Ag tosú ag Timpeallán na Seoigheach, feadh an Bhóthair Mhóir agus Chnoc na Radharc, isteach ar Bhóthar Bhreandáin Uí Eithir, Ardán Mháire Mhaigdiléana, Sráid Forster, Lána na bhFrinseach, feadh na Faiche Móire go dtí Plás Victoria, Bóthar na nDuganna, feadh Shráid na nDuganna go dtí an Balla Fada, Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, Paráid na Spáinneach, thar Dhroichead Wolfe Tone, ar aghaidh feadh Ardán na bhFiach agus Shráid Dhoiminic Uachtarach, Lána an Chaidéil agus Lána an Bhúrcaigh san áireamh, Sráid Liam Thiar, Ascaill na Muimhneach, Bóthar na Mara chomh fada le Séipéal na nÍosánach, ar aghaidh go dtí Sráid Anraí, an tSráid Nua Thiar, Bóithrín na Sliogán, Ascaill Phailmíre, Páirc Phailmíre, Ascaill Iósaif, Ardán Naomh Eoin, Sráid Heilin Naofa, an Bóthar Nua, Sráid an Mhuilinn, Páirc an Mhéara, Oileán Altanach, Sráid Dhoiminic Íochtarach, ó Dhroichead Uí Bhriain ar aghaidh feadh bhruach na habhann go dtí Cé na nGaltán, Bóthar Áth Cinn, Ardán an Bhreatnaigh, Plás Bhríde, Plás Bhríde Uachtarach, Ardán Bhríde agus ag críochnú ag Cnoc na Radharc.

    Tá na sráideanna seo a leanas san áireamh freisin:

    Bóthar na Trá Uachtarach, Ascaill na Trá san áireamh, go dtí acomhal Ardán San Antonia. Ascaill an Léana Bháite agus Ardán San Antonia.

    Féach freisin an léarscáil faoi cheangal.

    Ní chuirfear seirbhís bailithe dramhaíola i málaí ar fáil do theaghlaigh aonair sna limistéir thuasluaite ach amháin in imthosca eisceachtúla, féach na critéir thuas, sa chás nach féidir dramhaíl a bhailiú i ngabhdáin is féidir a úsáid arís, ar nós araidí rothaí, agus ní mór cead a fháil roimh ré ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Top...

  • Sonraí teagmhála:

    Sonraí teagmhála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
    Ríomhphost: environment@galwaycity.ie
    Teil: 091 536400.

    Top...

  • Foirm Díolúine ar Bhailiú Dramhaíola Araid Rothaí

    Foirm Díolúine ar Bhailiú Dramhaíola Araid Rothaí