Íocaíochtaí a Dhéanamh

  • Is mian liom íocaíocht a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe – céard iad na roghanna íocaíochta atá agam?

    Íocaíochtaí ar líne

    Is féidir na rudaí seo a leanas a íoc ar líne:

    Muirir Thráchtála Uisce agus Dramhuisce

    Íoctar Muirir Thráchtála Uisce go díreach le Veolia Galway City seachas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
    Breathnaigh ar ‘Cén chaoi a n-íocaim Muirir Thráchtála Uisce agus Dramhuisce?’ chun eolas breise a fháil faoi na modhanna íocaíochta.

    Rátaí Tráchtála

    Is féidir Rátaí Tráchtála a íoc mar seo a leanas:

    • Dochar Díreach/Buanordú: Comhlánaigh Foirm an Dochair Dhírigh agus seol an fhoirm ar ais chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe, nó comhlánaigh Foirm Bhuanordaithe agus seol an fhoirm chuig do bhanc go díreach.
    • Airgead tirim: Ní mór bualadh isteach chuig an oifig airgid i Halla na Cathrach tú féin chun íoc in airgead tirim. (Tabhair faoi deara: ná seol airgead tirim sa phost.)

    Gach íocaíocht eile

    Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar chúig bhealach éagsúla.

    1. Post:

    Is féidir leat iad seo a leanas a sheoladh isteach:

    • Seic
    • Dréacht Bainc
    • Ordú Poist

    Iníoctha le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, dátaí agus sínithe mar is ceart.

    seol airgead tirim sa phost.

    Má tá tú ag íoc tríd an bpost, ba cheart duit d’uimhir thagartha custaiméara nó uimhir thagartha na fíneála a lua agus sonraí ar an mbille atá á íoc a thabhairt.

    Ba cheart d’ainm, do sheoladh agus uimhir theagmhála nó seoladh ríomhphoist a thabhairt freisin ar fhaitíos go mbeadh ceisteanna ann.

    2. Go pearsanta:

    Is féidir bualadh isteach chuig an Oifig Airgid go pearsanta.

    Tá an Oifig Airgid suite ar urlár na talún i Halla na Cathrach.

    Is iad seo a leanas na huaireanta oscailte:
    Luan go hAoine 9.00am - 4.00pm

    Is féidir gach cineál íocaíochta a dhéanamh san Oifig Airgid seachas Muirir Thráchtála Uisce.

    Is féidir leat do bhillí/shonraisc a íoc le haon cheann de na modhanna íocaíochta seo:

    • Airgead tirim
    • Seic
    • Ordú Poist
    • Dréacht Bainc
    • Cárta creidmheasa (lena n-áirítear American Express)
    • Cárta léasair

    3. Teileafón:

    Is féidir leat íocaíocht a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le cárta creidmheasa nó léasair (lena n-áirítear American Express) ar an bhfón.

    Íocaíocht

    Uimhir theileafóin

    Táillí Dramhaíola nó Íocaíochtaí ar Iasachtaí Tithíochta 091 536439
    Diúscairt earraí toirtiúla 091 536595
    Fíneálacha tráchta 091 536400

    Bíonn na línte fóin ar oscailt: Luan go hAoine, 9.00am go 5.00pm

    Ba cheart go mbeadh d’fhaisnéis aitheantais chustaiméara ábhartha, d’uimhir chuntais nó an uimhir fíneála in aice láimhe agat agus d’íocaíocht á déanamh.

    4. Ina Thráthchodanna:

    Is féidir leat socrú a dhéanamh íocaíochtaí áirithe a dhéanamh ina ngálaí, le socrú roimh ré leis na rannáin ar leith

    Íoslódáil an Fhoirm Bhuanordaithe

    5. Le Gíoró Bainc:

    Má fhaigheann tú sonrasc ón gComhairle Cathrach agus Gíoró Bainc leis, is féidir an bille sin a íoc ag Banc nó ag Oifig Phoist ar bith.

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom eolas a fháil ar Mhuirir Thráchtála Uisce agus Dramhuisce?

    Tá Veolia Galway City ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun an tseirbhís billeála le haghaidh táillí uisce tráchtála a fheidhmiú agus a chothabháil. Eisítear sonraisc le haghaidh na dtáillí uisce méadraithe gach ráithe.

    Is é seo a leanas an seoladh comhfhreagrais:
    Veolia Water Ireland, Harris House, Bóthar Thuama, Gaillimh.

    Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:

    Íosghlao: 1890 836 542

    Teil: 091 767570

    Facs: 091 767576

    Barr...

  • Cén chaoi a n-íocaim Muirir Thráchtála Uisce agus Dramhuisce?

    Is féidir sonraisc a íoc:

    • Ag aon bhrainse bainc ach an duillín gíoró atá ceangailte leis an sonrasc a úsáid
    • Trí dhul isteach chuig Oifig Veolia ag an seoladh ar do shonrasc. Glacfar le híocaíocht le seic, le hairgead tirim, nó le cárta creidmheasa nó léasair
    • D’íocaíocht a chur sa phost chuig Oifig Veolia ag an seoladh ar do shonrasc agus an seic a dhéanamh iníoctha le Veolia Galway City.
    • Is féidir íoc le cárta creidmheasa ach glaoch ar 091 767570.

    Barr...