Iompróir gan Inneall

  • Céard is iompróir paisinéirí gan inneall ann?

    Modh iompair is ea iompróir paisinéirí gan inneall nach bhfuil inneall breosla ná leictreach ann cosúil le ricseá nó cóiste capaill, ar a dtugtar carr fostaithe chomh maith.

    Teastaíonn Ceadúnas chun feithicil paisinéara gan inneall a fheidhmiú laistigh den cheantar agus de na teorainneacha a rialaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe de réir na bhFodhlíthe um Iompróir Paisinéara gan Inneall 2013

    Barr...

  • Céard iad na fodhlíthe a bhaineann le hIompróirí Paisinéirí gan Inneall?

    Breathnaigh thíos chun teacht ar na fodhlíthe reatha i ndáil le hIompróirí Paisinéara gan Inneall.

    Nó féadfaidh tú dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar seo a leanas chun cóip a fháil:

    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste.
    Fortheach Choláiste Yeats,
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar cheadúnas ar Iompróir Paisinéirí gan Inneall?

    Is gá iarratas a dhéanamh le:

    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste.
    Fortheach Choláiste Yeats,
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Cliceáil anseo chun na cáipéisí a leanas a íoslódáil:

    Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannán Iompair agus Bonneagair, ag an seoladh thuas, tríd an bpost, ar facs nó go pearsanta chuig an gcuntar poiblí (9.00 am go 4.00pm, Luan go hAoine).

    Cinntigh go mbíonn an cháipéisíocht chuí ar fad agus an táille chuí leis an bhfoirm iarratais, mar a leagtar amach ar an bhfoirm iarratais.

    Déan teagmháil leis an Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste má bhíonn míniúchán ná cúnamh uait le d’iarratas mar gur féidir iarracht bhreise nach gá a sheachaint go minic.

    Barr...

  • Céard é costas an cheadúnais?

    Cosnaíonn an ceadúnas €100.

    Is féidir an táille a íoc le hairgead tirim, le seic nó le cárta creidmheasa ag an oifig airgid i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...

  • An féidir liom achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear ceadúnas a thabhairt dom d’Iompróir Paisinéirí gan Inneall?

    Féadfaidh iarrthóir achomharc a dhéanamh ar chinneadh de chuid na Comhairle iarratas a dhiúltú trí

    litir a scríobh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, Iompar agus Bonneagar, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, laistigh de mhí amháin ó dháta diúltaithe an iarratais.

    Barr...

  • Cén áit nach féidir Iompróir Paisinéirí gan Inneall a úsáid?

    Ní féidir Iompróir Paisinéirí gan Inneall a fheidhmiú sna háiteanna seo a leanas:

    • Sráideanna Coisithe
    • Cosáin Phoiblí, beag beann ar a leithead
    • Spásanna Glasa Poiblí Oscailte
    • Páirc Uí Chinnéide san Fhaiche Mhór
    • Promanáid Bhóthar na Trá
    • Tránna Poiblí

    Barr...