Madraí

 

  • Cén sórt freagrachtaí atá ar Úinéirí Madraí?

    Féachann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le húinéireacht fhreagrach madraí a chur chun cinn – agus is iad ceadúnú agus rialú madraí bun agus barr an scéil.

    Is peata álainn dílis é madra agus is comrádaí maith é. Mar sin féin, má tá tú ag smaoineamh ar mhadra a fháil, nó má tá madra agat cheana féin, tá sé tábhachtach smaoineamh i ndáiríre faoin méid ama a theastaíonn ó mhadra. Tá freagracht mhór ort mar úinéir madra – ní amháin go bhfuil freagrachtaí ort maidir le do mhadra, ach beidh freagrachtaí ort maidir le do phobal freisin.

    1. Tá sé de dhualgas morálta agus mar fhreagracht dlíthiúil ar úinéirí madra glanadh suas i ndiaidh a madra féin. Is guais shláinte é salachar madra agus scriosann sé an timpeallacht ar chách. Glan suas i ndiaidh do mhadra nó d’fhéadfaí fíneáil €150 a ghearradh ort. Tá sluaistíní caca le fáil saor in aisce in áiteanna poiblí éagsúla ar fud na cathrach agus i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    2. Níor cheart ligean do mhadraí a bheith ag imeacht leo i limistéir phoiblí, i limistéir ghlasa ná timpeall ar chomharsanachtaí. Ba cheart go mbeadh madra faoi smacht a n-úinéara ag gach tráth agus ba cheart go mbeadh rud éigin air a léiríonn aitheantas an úinéara, cosúil le coiléar leis an ainm nó suaitheantas.

    3. Ba cheart pórtha contúirteacha a choinneáil ar éill agus mantóg a bheith orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil ar phórtha contúirteacha breathnaigh ar: Céard iad na rialacháin maidir le pórtha áirithe madraí? agus an freagra níos faide síos

    4. Ba cheart d’úinéirí madraí a ndícheall a dhéanamh a chinntiú nach mbíonn madraí ag tafann ar feadh tréimhsí fada ama, rud a chuireann isteach agus a chiapann comharsana.

    5. Ní mór ceadúnas a bheith ag gabháil le gach madra. Cosnaíonn ceadúnas bliantúil madraí €20 agus is féidir é a cheannach ó oifig an phoist.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi cheadúnas madraí a cheannach ó An Post, cliceáil anseo.

    6. Ón 1 Lúnasa 2008, ní cheadaítear madraí ar thránna ná in uiscí thránna Chathair na Gaillimhe idir 9am agus 8pm i rith mhíonna na Bealtaine, an Mheithimh, Iúil, Lúnasa agus Mheán Fómhair.
    Roimh 9am agus tar éis 8pm idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, ceadaítear madraí ar an trá ach iad a bheith ar éill agus nach bhfuil siad contúirteach ná ag cur isteach ar dhaoine. Ní bhaineann an fodhlí seo ach le tránna Bhóthar na Trá, Grattan, Bhaile an Locháin agus Thrá na gCeann agus lena gcuid uiscí; níl aon tionchar ag a thabhairt isteach ar an bPromanáid.

    7. Tá Rialacháin nua tugtha isteach le haghaidh micrishliseáil agus clárú a dhéanamh ar gach madra faoin 31 Márta 2016.
    Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le cleachtas do thréidlia, nó bunachar sonraí oiriúnach a chuardach le haghaidh ionphlandóir neamhthréidliach leis an oiliúint cheart mar atá leagtha amach sna Rialúcháin.
    Ní mór d'úinéir a chinntiú go bhfuil micrishlis oiriúnach á úsáid ag ionphlandóir, agus go mbeidh an mhicrishlis cláraithe ar bhunachar sonraí oiriúnach.

    Breathnaigh ar na fodhlíthe maidir le rialú madraí le haghaidh Chathair na Gaillimhe

    Barr...

  • An dteastaíonn Ceadúnas Madraí uaim?

    Má tá madra agat atá os cionn 4 mhí d’aois, ní mór duit de réir an dlí ceadúnas a bheith agat don mhadra sin.

    Ní gá ceadúnas a fháil le haghaidh madraí treorach do na daill ná le haghaidh madraí nach mbeidh sa tír níos faide ná 30 lá.

    Feicfidh tú thíos tábla de na cineálacha éagsúla ceadúnas madraí, na costais agus an áit ar féidir an ceadúnas a cheannach.

    Rátaí na gCeadúnas Madraí

    An Cineál Ceadúnas Madraí Costas Le Ceannach Ó
    Gnáthcheadúnas Madra Aonair €20 Oifig an Phoist
    Ceadúnais ghinearálta madraí do chúpla madra (e.g. cró madraí) €400 Údarás Áitiúil
    Ceadúnas Saoil Madraí €140 Údarás Áitiúil

    Barr...

  • Cén costas atá ar Cheadúnas Madraí?

    Feicfidh tú thíos tábla de na cineálacha éagsúla ceadúnas madraí, na costais agus an áit ar féidir an ceadúnas a cheannach.

    Rátaí na gCeadúnas Madraí

    An Cineál Ceadúnas Madraí Costas Le Ceannach Ó
    Gnáthcheadúnas Madra Aonair €20 Ar líne (Lean na treoracha thíos) nó ag aon Oifig an Phoist
    Ceadúnais ghinearálta madraí do chúpla madra (e.g. cró madraí) €400 Údarás Áitiúil
    Ceadúnas Saoil Madraí €140 Ar líne (Lean na treoracha thíos) nó ag aon Oifig an Phoist

    Má tá madra agat atá os cionn 4 mhí d’aois, ní mór duit de réir an dlí ceadúnas a bheith agat don mhadra sin.

    Ní gá ceadúnas a fháil le haghaidh madraí treorach do na daill ná le haghaidh madraí nach mbeidh sa tír níos faide ná 30 lá.

    • 1. Cliceáil ar an nasc don chineál ceadúnais atá uait, tabharfar tú chuig Licences.ie agus iarrfar ort síniú isteach nó cláraigh do chuntas chun go bhféadfaidh tú leanúint ar aghaidh
    • 2. Mura bhfuil cuntas agat cheana féin, roghnaigh Cláraigh agus comhlánaigh an fhoirm chlárúcháin ghearr agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’
    • 3. Seolfar ríomhphost chugat chun go mbeidh tú in ann do Chuntas a Ghníomhachtú. Cliceáil ar an gcnaipe Gníomhaigh sa ríomhphost seo. Tabharfar tú láithreach chuig an bhfoirm iarratais a bheidh roghnaithe agat.
    • 4. Comhlánaigh an fhoirm. Tabhair ar aird go gcaithfear na réimsí éigeantacha go léir atá marcáilte le réiltín dearg, a chomhlánú sula bhféadfaidh tú d’iarratas a chur isteach agus a íoc
    • 5. Nuair a chuirfidh tú isteach an fhoirm agus nuair a bheidh an costas íoctha agat gheobhaidh tú ríomhphost deimhniúcháin.
    • 6. Eiseofar an ceadúnas chugat tríd an bpost laistigh de 10 lá oibre
    • 7. Tá cóip de d’iarratas le fáil trí chliceáil ar M’iarratais

    Barr...

  • Cén sórt freagrachtaí atá ar úinéirí madraí maidir le Salú ag Madraí?

    Tá sé de dhualgas morálta agus mar fhreagracht dlíthiúil ar úinéirí madra glanadh suas i ndiaidh a madra féin.

    Faoi Alt 22 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 is cion é ligean do mhadra atá faoi do smacht salú in áit phoiblí. Ciallaíonn sé sin nach mór don úinéir/duine atá i gceannas an mhadra faecas madra a ghlanadh agus fáil réidh leis ar bhealach oiriúnach, sláintiúil.

    Ba cheart don úinéir / duine atá i gceannas a chinntiú go n-iompraíonn siad mála dramhaíola madraí leo i gcónaí agus é a dhiúscairt ar bhealach cuí.

    Barr...

  • Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil le Maor Madraí/Póna Madraí?

  • Bíonn maor madraí ar dualgas ag Póna Madraí an Bhaile Bháin, Bóthar Thuama, Gaillimh, Luan go hAoine ó 9.30am go 10.30am agus ó 4.00pm go 5.00pm. Taobh amuigh de na huaireanta sin, d’fhéadfadh an maor a bheith ar patról sa chathair.
    Is féidir glaoch ar an bPóna Madraí ar 091 536400.

    Tá dualgais éagsúla ar an Maor Madraí:

    • seiceálann sé ceadúnais madraí
    • déanann sé imscrúdú ar ghearáin faoi mhadraí contúirteacha nach bhfuil faoi smacht
    • feidhmíonn sé an póna madraí

    Déanann saoistí pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe monatóireacht freisin ar rialú madraí.

    I measc na gcumhachtaí atá ag maoir madraí tá siad in ann ainm agus seoladh duine a iarraidh áit a bhfuil cúiseanna réasúnacha ann a chreidiúint go bhfuil cion á déanamh, nó déanta, ag duine faoin reachtaíocht um rialú madraí; féadfaidh siad aon mhadra a ghabháil agus a choimeád agus dul isteach in aon áitreabh (seachas áit chónaithe), ar mhaithe le gabháil nó coimeád den sórt sin. Is cion é bac nó cosc a chur ar mhaor madraí a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh.

    Barr...

  • An féidir liom madra a cheannach ón bPóna Madraí?

    Is féidir madraí a cheannach ón bPóna ar €65.
    (Nóta: tá Céannacht (ID) agus Bille Fóntais ag teastáil le micrishlis a chlárú)

    Barr...

  • Céard a tharlóidh má chuirtear mo mhadra isteach i bpóna?

    Is iad seo na buntáillí:

    • a) €50 le Madra gan Cheadúnas a fháil ar ais
    • b) €30 le Madra le Ceadúnas a fháil ar ais

    Chomh maith leis sin tá Ráta dídine €10 san Oíche ann (5 oíche ar a mhéid) agus aon táille thréidliachta is infheidhme.

    Barr...

  • An gceadaítear madraí ar thránna?

    Ón 1 Lúnasa 2008, ní cheadaítear madraí ar thránna ná in uiscí thránna Chathair na Gaillimhe idir 9am agus 8pm i rith mhíonna na Bealtaine, an Mheithimh, Iúil, Lúnasa agus Mheán Fómhair. Roimh 9 am agus tar éis 8pm idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, ceadaítear madraí ar an trá ach iad a bheith ar éill agus nach bhfuil siad contúirteach ná ag cur isteach ar dhaoine. Baineann an fodhlí seo amháin le tránna Bhóthar na Trá, Grattan, Bhaile an Locháin agus Thrá na gCeann agus lena gcuid uiscí; níl aon tionchar ag a thabhairt isteach ar an bPromanáid.

    Breathnaigh ar na fodhlíthe maidir le rialú madraí le haghaidh Chathair na Gaillimhe

    Barr...

  • Céard is féidir liom a dhéanamh faoi mhadraí a bhíonn ag tafann?

    Is cion é tafann madra iomarcach a bhíonn ina núis. Más féidir, ba cheart duit labhairt leis an duine nó leis an ngnó ar leo an madra chun an scéal a mhíniú agus iarracht a dhéanamh an scéal a réiteach. Mura féidir é sin a dhéanamh, ba cheart gearán maidir le tafann iomarcach a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit ar dtús é a rá le húinéir an mhadra go bhfuil sé i gceist agat gearán a chur isteach chuig an gCúirt Dúiche.

    Chun tuilleadh eolais a fháil ar Rialacháin maidir le Torann agus gearán maidir le torann a chur isteach téigh chuig www.citizensinformation.ie.

    Barr...

  • Céard iad na rialacháin maidir le pórtha áirithe madraí?

    Leagann na Rialacháin um Rialú Madraí, 1998 síos rialacha maidir leis na pórtha seo a leanas (agus cineálacha/crosphórtha) madraí:

    • Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
    • Tarbh-bhrocaire Sasanach
    • Tarbh-bhrocaire Staffordshire
    • Tarbhmhaistín
    • Pinséir Dobermann
    • Alsáiseach
    • Dronnach Róidéiseach
    • Rótvaidhléir
    • Aicíte Sheapánach
    • Tósa Seapánach
    • Iallmhadra

    Luaitear sna rialacha:

    • Ní mór do dhuine os cionn 16 bliana d’aois atá in ann iad a chur faoi smacht na madraí sin (nó cineálacha/trasphórtha díobh) a choinneáil ar éill gearr láidir
    • Ní mór mantóg a chur ar na madraí sin (nó cineálacha agus trasphórtha díobh) uair ar bith a mbíonn siad in áit phoiblí
    • Ní mór coiléar a bheith ar na madraí sin (nó cineálacha agus trasphórtha díobh) ar a bhfuil ainm agus seoladh a n-úinéara ag gach tráth.

    Níl feidhm leis na rialacha maidir le mantóg agus le hiall i gcás madraí a bhíonn ag na Gardaí, Gardaí Cuain Bhaile Átha Cliath, Gardaí Aerfoirt an Stáit agus foirne tarrthála bona fide in oibríochtaí tarrthála. Níl feidhm leis na rialacha maidir le mantóg a chur ar mhadra i gcás madraí treorach do na daill.

    Ina theannta sin, tugann an tAcht um Rialú Madra, 1986 cumhachtaí sonracha do na cúirteanna ordú a thabhairt gur chóir madra, a mheasann an chúirt a bheith contúirteach, a choinneáil faoi smacht cheart nó a chur chun báis.

  • Céard iad na Fodhlíthe maidir le Rialú Madraí le haghaidh Chathair na Gaillimhe?

    Breathnaigh ar na fodhlíthe maidir le rialú madraí le haghaidh Chathair na Gaillimhe

  • Naisc Áisiúla Eile:

    Barr...

  • An féidir liom mo Mhadra a thabhairt uaim do Phóna Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Is féidir Madra gan Cheadúnas a thabhairt uait ar tháille €50 agus is féidir Madra le Ceadúnas a thabhairt uait ar tháille €25
    (N.B. Cóip den Cheadúnas ag Teastáil)

    Barr...