How can we help you?
Gaeilge
Image Details:

'Quay Street'
Aengus McMahon

Features

UNESCO City of Film Designation Announced / Tá ainmniúchán Chathair Scannán UNESCO fógartha

Dec 18, 2014

Declan Gibbons, Galway Film Centre, Patricia Philbin, Galway City Council, Mayor of Galway, Cllr Donal Lyons, David Wilson Bradford City of Film and Gary McMahon, Galway City Council celebrate the announcement of Galway UNESCO City of Film. Photo:Andrew Downes GalwayCityofFilm

English | Gaeilge

UNESCO City of Film designation announced - A permanent global legacy for the creative industries of Galway


On 28th November 2014, UNESCO Director-General, Ms Irina Bokova, announced that after close examination of the application prepared by the city of Galway and taking into account the favourable support from the Irish National Commission for UNESCO, as well as the endorsement of nominated Creative Cities, she had decided to designate Galway as a member of UNESCO's Creative Cities Network in the category Film.

Under the UNESCO Creative Cities Network, Galway is now one of only five cities in the world to achieve this much sought-after status. Galway joins Sydney, Australia and Galway's twin city of Bradford in the UK as a designated City of Film. This is a permanent global designation. This status brings the highest internationally recognised standard of excellence in the creative industries to Galway. The title of Creative City of Film also includes membership of UNESCO's Creative Cities Network.

Galway Film Centre in association with Galway City and County Councils drove the bid process which started two years ago. The final bid submission on behalf of the consortium of over 50 organisations drawn from across Galway city and county was submitted in March 2014. Following a fiercely competitive evaluation process, sixty three cities worldwide were shortlisted by UNESCO to fifty cities with twenty making the final selection, one of which was Galway, which won the highly prestigious and permanent title of UNESCO City of Film.

Galway, now formally joins the UNESCO's Creative Cities Network as a designated UNESCO City of Film. This permanent status and designation gives Galway immediate access to a global platform, joining over sixty cities worldwide including major metropolitan and cultural centres such as Sydney, Seoul, Shanghai, Montreal, Buenos Aires, Berlin and Edinburgh. Galway's twin city of Bradford in the UK was the first city to be awarded the title of UNESCO City of Film in 2009.

The UNESCO Creative cities network seeks to develop international cooperation amongst cities that have identified creativity as a strategic factor for sustainable development. Galway city and county already boast an impressive, healthy and growing film and TV industry, worth in the region of €72m to the local economy and employing over 600 people full time. Such international recognition, propels Galway into an impressive worldwide network, opening new opportunities in the world of film and TV. UNESCO city of film presents Galway with hugely positive economic, creative and artistic opportunities, sharing in a vast international resource while fostering worldwide cooperation for sustainable urban development.

Speaking in response to the announcement, Mayor of Galway, Cllr. Donal Lyons, said,

"I am absolutely thrilled on behalf of the city of Galway and would like to thank and congratulate everyone who has been involved in this successful bid. This is fantastic news for the film, TV, artistic and cultural community, and of course the city and region as a whole. It reflects so positively on Galway's strong heritage of film and acknowledges our current level of creative activity, pointing to a bright future for the production, promotion and appreciation of film in Galway and the West."

The Mayor went on to note, "The designation of Galway as a UNESCO City Of Film will, of course, add to and enhance our international status as a creative city and will be enormously beneficial to our bid to be named European Capital of Culture 2020. Galway is now recognised internationally for our quality of artistic work and engagement, which is testament to all those working in this creative vibrant and lucrative film and TV sector."


Cathaoirleach of Galway County Council, Cllr Mary Hoade, joined the Galway City Mayor by saying, "This designation shows how a determined group of people, supported by statutory and other bodies, can come together and show the world what a fabulous, creative and resourceful place Galway is. I would like to thank UNESCO and also ensure our active participation in the creative cities network and reiterate our commitment to the further development and support of the film and audio visual sector in Galway "

Galway, UNESCO City of Film announcement comes on the back of a hugely successful week for the Galway Film Centre which held its annual Film and TV seminar on Thursday and Friday. This year's seminar hosted heavy hitters from the world of Film and TV including Beau Willimon, creator and show runner of the hugely successful Netflix drama series, House of Cards, Gub Neal, former head of Channel 4 drama and producer of the hit series The Fall, Claire Jennings, BAFTA winning producer of Coraline and The Curse of the Were Rabbitt, amongst many others leading names.

A visibly delighted Declan Gibbons, manager of Galway Film Centre, said, "This is hugely significant for Galway to be honoured and awarded the UNESCO City of Film status and it has already opened doors for us. I travel to the Houses of Parliament in London on Tuesday morning (2nd December) to meet the Director General of the BBC, the Head of Sky Arts, the CEO of the BFI as well as Michael Palin and Terry Gilliam as part of a UNESCO event organised by Bradford City of Film. If we hadn't gotten the designation I would not be going. This will open so many opportunities for Galway that it is actually quite overwhelming."

The process involved a formal application which was submitted in March 2014 in a bid led by Galway City Council and Galway County Council and facilitated by Galway Film Centre. The application went through a lengthy evaluation process involving international experts, research centres, universities and international associations specialising in urban development, culture and creative industries.

Over 50 organisations were involved in the Galway bid which was co-ordinated primarily by Declan Gibbons, Galway Film Centre, Lelia Doolan, Galway Picture Palace and Dr Jenny Dagg NUI Galway. Other key players involved were Galway County Council Arts Office, Galway City Council Arts Office, Bord Scannán na hÉireann / The Irish Film Board, Galway Film Fleadh, GMIT, Údarás na Gaeltachta, Abú Media, Creative Europe Desk Galway, Cinemobile, Huston School of Film & Digital Media as well as many local producers and production companies.

Galway's twin city of Bradford in the UK was the first city to be awarded UNESCO City of Film and Galway is only the second Irish city to be recognised by UNESCO. Dublin won UNESCO City of Literature in 2009.

Today, Galway celebrates this historic achievement and looks forward to the next chapter as a world centre of excellence and creativity.

Top...


Tairiscint ar Aitheantas UNESCO buaite ag Gaillimh!

Tá ainmniúchán Chathair Scannán UNESCO fógartha – Oidhreacht dhomhanda buan do na tionscail chruthaitheach i nGaillimh

D'fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO, Irina Bokova Uasal, i bPáras inniu ( Dáta) go bhfuil Gaillimh ainmnithe anois mar Chathair Scannán UNESCO. Faoin Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO, tá Gaillimh anois ar cheann de chúig chathair ó ar fud an domhain a bhfuil an stádas seo bainte amach aici, stádas a bhfuil ardéileamh air. Tá an stádas céanna mar Chathair Scannán ainmnithe ag Gaillimh anois agus atá ag cathair Sydney na hAstráile agus ag comhchathair na Gaillimhe féin, Bradford san Ríocht Aontaithe. Is ainmniúchán domhanda buan atá i gceist leis seo. Tugann an stádas seo an sárchaighdeán is airde a aithnítear go hidirnáisiúnta ó thaobh na dtionscal cruthaitheach go Ghaillimh. Chomh maith leis an teideal mar Chathair Chruthaitheach na Scannán, beidh ballraíocht ag Gaillimh freisin i Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO.

Ba iad Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a stiúir an próiseas tairisceana, próiseas é seo a cuireadh tús leis dhá bhliain ó shin. Cuireadh an aighneacht tairisceana dheiridh thar ceann an chuibhreannais, de bhreis agus 50 eagraíocht in iomlán ó ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe, faoi bhráid i mí an Mhárta, 2014. I ndiaidh próiseas meastóireachta a bhí fíor-iomaíoch, b'éigean do UNESCO liosta de sheasca trí cathair ó ar fud an domhain a ghearradh síos go dtí caoga cathair agus, as sin, níor éirigh ach le fiche cathair acu sin a bheith ar an ngearrliosta ar deireadh. Bhí Gaillimh ar cheann acu, agus d'éirigh le Gaillimh an teideal mór le rá seo, teideal atá buan mar Chathair Scannán UNESCO a bhuachan.

Tá Gaillimh ceangailte go foirmiúil anois le Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO agus í ainmnithe mar Chathair Scannán UNESCO. Agus an stádas agus an t-ainmniúchán buan seo bainte amach aici, beidh teacht láithreach ag Gaillimh ar an ardán domhanda, tá an chathair anois i gcomhar le breis agus seasca cathair ó ar fud an domhain, i measc ionaid ollmhór cathrach agus cultúir mar Sydney, Súl, Shang-hai, Montréal, Buenos Aires, Beirlín agus Dún Éideann. Bhí comhchathair na Gaillimhe, Bradford na Ríochta Aontaithe, ar an gcéad chathair ar bronnadh an teideal Cathair Scannán UNESCO uirthi in 2009.

Tá sé mar aidhm ag Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO comhoibriú idirnáisiúnta a fhorbairt i measc na gcathracha a dtugtar aitheantas don chruthaitheacht iontu mar fhachtóir straitéiseach don fhorbairt inbhuanaithe. Tá tionscal scannán agus Teilifíse le háireamh, atá folláin agus atá ag dul i méid, i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe cheana féin agus luaitear luach thart ar €72m leis don gheilleagar áitiúil agus agus tá breis agus 600 duine fostaithe ann go lánaimseartha. Cuirfidh aitheantas idirnáisiúnta den sórt seo líonra domhanda le háireamh ar fáil do Ghaillimh agus cuirfear deiseanna nua ar fáil i ndomhan na scannán agus na Teilifíse. Tabharfaidh Cathair Scannán UNESCO deiseanna an-dearfach eacnamúla, cruthaitheacha agus ealaíonta do Ghaillimh, beifear in ann acmhainn ollmhór idirnáisiúnta a roinnt anois agus comhoibriú domhanda a chothú don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Donal Lyons ar fháil an scéala,

"Táimse thar a bheith ríméadach thar ceann chathair na Gaillimhe agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach uile duine a raibh baint acu leis an tairiscint seo agus comhghairdeas a dhéanamh leo. Is scéala iontach é seo don phobal scannán, Teilifíse, ealaíonta agus cultúir agus ar ndóigh don chathair agus don réigiún tríd agus tríd. Is léiriú an-dearfach é ar oidhreacht láidir scannán na Gaillimhe agus tugtar aitheantas leis don leibhéal gníomhaíochta cruthaitheach atá ann i gcónaí, agus bheadh muinín agat go mbeadh todhchaí bríomhar ag léiriú, ag cur chun cinn agus ag léarthuiscint scannán i nGaillimh agus san Iarthar."

Deir an Méara freisin, "go gcuirfidh ainmniúchán Ghaillimh mar Chathair Scannán UNESCO le stádas idirnáisiúnta na cathrach mar chathair chruthaitheach agus go bhfeabhsódh sin tuilleadh mar thoradh air, agus go rachaidh sé chun sochair go mór don tairiscint atá á dhéanamh againn a bheith ainmnithe mar Phríomhchathair Cultúir na hEorpa 2020. Tá aitheantas idirnáisiúnta ag Gaillimh anois don obair ealaíonta d'ardchaighdeán atá againn, a bhuíochas sin do na daoine go léir atá ag obair san earnáil scannán agus Teilifíse, earnáil atá cruthaitheach, bríomhar agus brabúsach.


D'aontaigh Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Mary Hoade lena raibh ráite ag Méara Chathair na Gaillimhe agus deir gur léiriú é an t-ainmniúchán atá faighte ar dhíograis ghrúpa daoine a tháinig le chéile agus a fuair tacaíocht ó chomhlachtaí reachtúla agus eile agus gur éirigh leo sin a léiriú don domhan mór gur áit iontach, cruthaitheach agus gustalach í Gaillimh. Theastaigh uaithi buíochas a ghlacadh le UNESCO agus a thabhairt le fios freisin go mbeifear rannpháirteach go gníomhach san líonra cathracha cruthaitheacha agus a tiomantas a léiriú arís do bhreis forbartha agus tacaíochta don earnáil scannán agus closamhairc i nGaillimh".



Tagann an fógra maidir le Cathair Scannán UNESCO do Ghaillimh i ndiaidh sheachtain den scoth d'Ionad Scannán na Gailimhe. Bhí a seimineár bliantúil Scannán agus Teilifíse acu Déardaoin agus Dé hAoine seo caite. Bhí daoine móra le rá ó dhomhan na Scannán agus na Teilifíse i láthair ag seimineár na bliana seo, ina measc Beau Willimon, cruthaitheoir agus reathaire clár den tsraith drámaíochta ar éirigh thar cionn leis ar Netflix, House of Cards, chomh maith leGub Neal, iar-cheannasaí ar dhrámaíocht Channel 4 agus léiritheoir ar an tsraith móréileamh The Fall, agus Claire Jennings, léiritheoir Coraline and The Curse of the Were Rabbitt a bhain gradam BAFTA amach, i measc go leor daoine iomráiteacha eile.

Deir Declan Gibbons, bainisteoir Ionad Scannán na Gaillimhe agus é an-ríméadach go deo gur "céim iontach suntasach é seo do Ghaillimh an onóir seo a bhaint amach agus stádas Cathair Scannán UNESCO a bheith bronnta ar Ghaillimh agus go bhfuil doirse oscailte ag an stádas sin cheana féin dóibh. Tá sé chun taisteal chuig Tithe Rialtais Londain maidin Dé Máirt (2 Nollaig) chun casadh ar Ardstiúrthóir an BBC, Ceannasaí Sky Arts, ar Phríomhfheidhmeannach an BFI chomh maith le Michael Palin agus Terry Gilliam mar chuid d'ócáid eile de chuid UNESCO atá eagraithe ag Cathair Scannán Bradford. Murach go bhfuil an t-ainmniúchán seo faighte ní bheadh seisean ag dul ag an ócáid sin. Deir sé go dtabharfaidh sé seo go leor deiseanna do Ghaillimh agus gur deacair machnamh a dhéanamh ar chomh suntasach agus atá sé."

Maidir leis an bpróiseas féin, cuireadh iarratas foirmiúil faoi bhráid i mí an Mhárta 2014, tairiscint é sin a bhí faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus cúnamh acu ó Ionad Scannán na Gaillimhe. Chuaigh an t-iarratas trí phróiseas meastóireachta dian, bhí saineolaithe idirnáisiúnta, ionaid taighde, ollscoileanna, agus cumainn idirnáisiúnta a raibh saineolas acu ar fhorbairt uirbeach, cultúir agus ar thionscail chruthaitheach rannpháirteach ann.

Bhí breis agus 50 eagraíocht gníomhach i dtairiscint na Gaillimhe, tairiscint a bhí comhordaithe den chuid is mó acu seo a leanas, Declan Gibbons, Ionad Scannán na Gaillimhe, Lelia Doolan, Galway Picture Palace agus an Dr Jenny Dagg Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ar na daoine eile a raibh baint mhór acu leis, bhí Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Bord Scannán na hÉireann, Fleá Scannán na Gaillimhe, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Maigh Eo, Údarás na Gaeltachta, Abú Media, Creative Europe Desk Galway, Cinemobile, Scoil Scannán agus Meán Digiteach Huston chomh maith le go leor léiritheoirí agus cuideachtaí léiriúcháin áitiúla.

Ba í comhchathair na Gaillimhe, cathair Bradford san Ríocht Aontaithe an chéad chathair ar bronnadh an teideal Cathair Scannán UNESCO uirthi agus is í Gaillimh an dara cathair in Éirinn go dtí seo a bhfuil aitheantas UNESCO bainte amach aici. Bronnadh Cathair Litríochta UNESCO ar Bhaile Átha Cliath in 2009.

Inniu, tá Gaillimh i mbun ceiliúrtha ar an éacht stairiúil seo a bheith bainte amach acu agus táthar ag súil go mór leis an gcéad chéim eile mar shárionad sárchleachtais agus cruthaitheachta.

Top...