How can we help you?
Gaeilge
Image Details:

'Kirwan's Lane'
Alex Zarodov

Latest News

Leabhair Chomhbhróin ag Halla na Cathrach, Gaillimh

Oct 13, 2015

Osclóidh Méara Chathair na Gaillimhe, An Comh. Frank Fahy, dhá leabhar comhbhróin ag Halla na Cathrach, ar an Máirt 13 Deireadh Fómhair ag 2:00pm.

Tá leabhar amháin á oscailt i gcuimhne ar na daoine a bhásaigh sa tine an Satharn seo caite sa Charraig Mhaighin, Co. Átha Cliath.

Osclóidh an Méara Leabhar Comhbhróin chomh maith in ómós don Gharda Tony Golden a caitheadh agus é ar dualgas an Domhnach seo caite san Ó Méith i gContae Lú.

Beidh na leabhair ar fáil don phobal le síniú i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, i rith uaireanta oscailte go dtí an Aoine 23 Deireadh Fómhair.