How can we help you?
Gaeilge
Image Details:

'Quay Street'
Aengus McMahon

Latest News

Fógra Cinnidh: Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - Sráid Dhoiminic Uachtarach & Sráid Liam Thiar

Apr 26, 2016

BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH
Acht na mBóithre 1993 - Alt 75
Rialacháin na mBóithre 1994 - Airteagal 12
Fógra Cinnidh


Liníocht: Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - Sráid Dhoiminic Uachtarach

Liníocht: Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - Sráid Liam Thiar

TUGTAR LEIS SEO FÓGRA go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an bóthar a leanas a dhúnadh:-

Sráid Dhoiminic Uachtarach: Ó Sráid Dhoiminic Íochtarach go dtí Sráid Anraí.

Tréimhse an Dúnta:

  • 20:00 Dé hAoine 3 Meitheamh 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Sathairn
  • 20:00 Dé hAoine 22 Iúil 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Sathairn
  • 20:00 Dé Sathairn 23 Iúil 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Domhnaigh
  • 20:00 Dé Luain 1 Lúnasa 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Máirt
  • 20:00 Dé Domhnaigh 18 Méan Fomhair 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Luain

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach malartach ar fáil via Cnoc na Dalláin nó Ardán na bhFiach, Bóthar an Athar Uí Ghríofa (R336), An Corrán (R337) & Bóthar na Mara agus vice-versa. Beidh bealach isteach i gcónaí ag cónaitheoirí. Beidh comharthaí in airde roimh an gcomóradh ag cur na mbealaí tráchta eile in iúl.

AGUS TUGTAR, LEIS SEO, FÓGRA go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an bóthar a leanas a dhúnadh:-

Sráid Liam Thiar: Ón Blue Note go dtí Monroe's.

Tréimhse an Dúnta: 20:00 Dé hAoine 29 Aibreán 2016 go dtí 02:00 maidin Dé Sathairn.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach malartach ar fáil ag dul siar via Ascaill na Muimhneach, Bóthar an Athar Uí Ghríofa agus Ascaill an Athar Uí Ghríofa. Beidh bealach malartach ar fáil ag dul soir via Ascaill an Athar Uí Ghríofa, Bóthar an Athar Uí Ghríofa agus Ardán na bhFiach. Beidh bealach isteach i gcónaí ag cónaitheoirí. Beidh comharthaí in airde roimh an imeacht ag cur na mbealaí tráchta eile in iúl.

An Chúis: Chun éascaíocht a dhéanamh ar shiamsaíocht a bheas á cur ar fáil ag Cumann Trádála Westend na Gaillimhe.

Bealaí Malartacha: Cuirfear bealaí malartacha ar fáil don trácht, i bhfoirm bealaí atreoraithe ar chomharthaí.

Sínithe: Joe O'Neill,
Stiúrthóir Seirbhísí, Pleanáil & Iompar,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats,
Bóthar an Choláiste, Gaillimh.