How can we help you?
Gaeilge
Image Details:

'Continental Christmas Market'
Alex Zarodov

Latest News

Leabhar Comhbhróin ag Músaem Cathrach na Gaillimhe

Jun 14, 2016

Osclóidh Méara Chathair na Gaillimhe, An Comh. Noel Larkin, leabhar comhbhróin ag Músaem Cathrach na Gaillimhe, Paráid na Spáinneach, inniu, an Mháirt 14 Meitheamh ar a 11am 2016 i gcuimhne na n-íospartach a bhásaigh san eachtra lámhaigh a tharla le laethanta beaga anuas, in Orlando, Florida.

Rith Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe rún comhbhróin d'aonghuth le muintir Orlando agus an pobal LADT ar fud an domhain ag a gcruinniú ar an Luan 13 Meitheamh.

Beidh na leabhair ar fáil don phobal le síniú i Músaem Cathrach na Gaillimhe, i gcaitheamh uaireanta oscailte go dtí an Satharn 18 Meitheamh.