BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH
Acht na mBóithre 1993 - Alt 75
Rialacháin na mBóithre 1994 - Airteagal 12
Fógra Cinnidh
TUGTAR LEIS SEO FÓGRA go bhfuil ordú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an bóthar a leanas a dhúnadh:-
Sráid Forster: Gach feithicil, ach amháin busanna, tacsaí agus hacnaithe.
Sráid Eglinton: Gach feithicil, ach amháin busanna, tacsaí agus hacnaithe.
Sráid Gheata Liam: Gach feithicil, ach amháin busanna, tacsaí agus hacnaithe.
Tréimhse an Dúnta: Ón 10am go dtí an 4pm, Déardaoin 22 Meán Fómhair, 2016.
An Chúis: Lá Saor ó Charranna na hEorpa.
Bealaí Malartacha: Cuirfear bealaí malartacha ar fáil don trácht, i bhfoirm bealaí atreoraithe ar chomharthaí.
Bealaí Atreoraithe:
Sráid Forster - Tá bealach atreoraithe ar fáil via Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Loch a' tSáile, Bóthar na Long, Bóthar na nDuganna, Bóthar na nDuganna Nua & Bóthar na gCeannaithe. Beidh bealach isteach i gcónaí ag cónaitheoirí. Beidh comharthaíocht do mhalairt slí in airde roimh thús an dúnta.
Sráid Eglinton & Sráid Gheata Liam - Tá bealach atreoraithe ar fáil via Ascaill Naomh Uinseann, Barr an Chalaidh, & Sráid an Iarsaigh, nó via Cnoc na Radharc, Bóthar na mBan, Bóthar Áth Cinn & Ascaill Naomh Uinseann. Beidh bealach isteach i gcónaí ag cónaitheoirí. Beidh comharthaíocht do mhalairt slí in airde roimh thús an dúnta.
Sínithe: Caroline Phelan,
Stiúrthóir Seirbhísí (Gníomhach), Pleanáil & Iompar,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats,
Bóthar an Choláiste, Gaillimh.