Latest News

Tairiscint Ranganna 2016


Tairiscint Ranganna 2016

Tairiscint

Tugtar cuireadh duit iarratas a chur isteach maidir le clár ranganna Gaeilge a theagasc do bhaill foirne i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a sholáthar don bhliain acadúil 2016-2017. Dá mbeadh spéis agat anseo, bheimis buíoch díot ach na nithe seo a leanas a bheith sonraithe san iarratas:

Cur chuige

  • Clár a shonraíonn agus a chuimsíonn cleachtadh ar na scileanna éagsúla teanga - léamh, labhairt, éisteacht agus scríobh, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar chúrsaí foghraíochta;
  • lena linn sin, bheifí ag súil le ranganna atá foghlaimeoir-lárnach agus a mbeadh an cur chuige cumarsáideach i bhfeidhm iontu;
  • go ndíreofaí ar shainriachtanais na bhfoghlaimeoirí áirithe seo - is é sin, go bhfuil siad fostaithe san earnáil phoiblí agus go mbíonn orthu, ar uairibh, seirbhís a chur ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge;
  • Go mbeadh an clár spriocdhírithe dá mba ghá - táthar ag súil leis go mbeadh deis ag na foghlaimeoirí seo cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge amach anseo;
  • Siollabas sonrach le clár cúrsa a leagann amach ábhar na ranganna seo ó sheachtain go seachtain, le feidhmeanna cinnte teanga atá bunaithe ar dhea-chleachtas teagaisc.

Tacaíocht bhreise/Foghlaim Neamhspleách

  • Gné ar leith nó tacaíocht bhreise sa chlár a chuireann ar chumas na bhfoghlaimeoirí seo bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha le linn an chúrsa seo agus ina dhiaidh - portfoilió teanga, clár ríomhfhoghlama, ciorcail chomhrá, srl.

Sruthú cumais

  • A shonrú an mbeidh tástálacha cumais nó réamhthástáil eile mar chuid de phróiseas rangaithe/sruthú cumais an chúrsa.

Sceideal

  • Sceideal na ranganna a leagan amach a fhaide agus is féidir ag an tráth seo, agus a lua an mbeifí in ann tabhairt faoi na ranganna seo le linn ghnáthuaireanta oibre an lae.

Cáilíochtaí Lucht Teagaisc

  • Cáilíochtaí agus taithí na dteagascóirí a bheadh ag tabhairt faoi na ranganna seo, go háirithe taithí agus cáilíochtaí a bhaineann le Gaeilge a theagasc d'aosaigh;

Costas

  • Costas in aghaidh an fhoghlaimeora.
  • Briseadh síos sonrach ar an gcostas sin.

Ábhar breise

  • Aon ní eile a cheaptar a bhaineann le hábhar.

Eolas breise

  • D'fhéadfaí go mbeadh níos mó ná tréimhse teagaisc amháin sa tseachtain i gceist leis na ranganna seo - bheifí ag súil go mbeadh idirdhealú le déanamh ag brath ar leibhéal teanga na bhfoghlaimeoirí.
  • Bheadh súil go mbeadh 2 sheimeastar i gceist leis na ranganna seo, is é sin, ranganna ó Mheán/Dheireadh Fómhair 2016 go Márta/Aibreán 2017, le rang amháin do gach leibhéal in aghaidh na seachtaine.
  • Bheimis buíoch dá ndéanfaí an t-iarratas seo go dátheangach. Is féidir an t-iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig ailish.bhreathnach@galwaycity.ie, roimh an Aoine 09/09/15.
  • Déanfar an t-iarratas seo a mheas agus tabharfar le fios go gairid ina dhiaidh sin má d'éirigh leis an iarratas.
  • Saoráil faisnéise: Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tá an Chomhairle i dteideal faisnéis a nochtadh faoin gcomórtas seo, lena n-áirítear aitheantas an iarratasóra/na n-iarratasóirí ar sholáthar seirbhíse, do dhuine ar bith a dhéanann iarratas ar fhaisnéis.
  • Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hAilish Bhreathnach ag (091) 536835 nó ag ailish.bhreathnach@galwaycity.ie.