Latest News

Fógra Chuig Úinéirí agus Áititheoirí Talún a Bhfuil Crainn agus Fálta ar Thaobh an Bhóthair


Fógra Chuig Úinéirí agus Áititheoirí Talún a Bhfuil Crainn agus Fálta ar Thaobh an Bhóthair

Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil sé de dhualgas ar úinéirí agus ar áititheoirí talún faoi théarmaí Acht na mBóithre, 1993, gach cúram réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú nach mbaineann aon dainséar leis na crainn, na fálta agus aon fhásra eile a fhásann ar a gcuid talún do dhaoine a bhíonn ag úsáid nó ag obair ar bhóthar poiblí agus níor chóir go bhféadfadh contúirt a bheith leo.

IS É/Í AN tÚINÉIR/AN tÁITITHEOIR A BHEIDH DLITE ÍOC AS AON DAMÁISTE NÓ GORTUITHE A BHEIDH MAR THORADH AR GHUAISEACHA MAR SIN.

Is samplaí de na guaiseacha a d'fhéadfadh a bheith ann iad crainn mharbha nó crainn a bhíonn ag fáil bháis, crainn nó fálta a chuireann bac ar chosáin agus a fhágann go mbíonn comharthaí bóthair agus soilse poiblí doiléir nó a chuireann bac ar radharc dhaoine ar an mbóthar romhat.

Éilítear ort crainn agus fálta mar sin a leagan, a ghearradh, a thógáil, a bhearradh siar nó a bhaint.

Níor chóir aon obair maidir le fálta a ghearradh a dhéanamh, an méid agus is féidir sin, sa tréimhse neadaithe ríthábhachtach idir an

1ú Márta agus an 31ú Lúnasa .

Ní mór comharthaí dóthanacha a bheith ar fáil agus an Chomhairle Cathrach agus na Gardaí a chur ar an eolas sula gcuirfear tús leis an obair.

IS CION É GAN CLOÍ LEIS NA DUALGAIS SEO AGUS IS FÉIDIR AN DLÍ A CHUR ORT MURA gCLOÍTEAR LEO.

Pleanáil & Iompar,
Fortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Fón:
091-536400
Facs:
091-894357
Ríomhphost
: roads@galwaycity.ie
www.galwaycity.ie

Caroline Phelan,

Stiúrthóir Seirbhísí (Gníomhach).