Latest News

Bóithre le Bheith ina Mbóithre Poiblí


Bóithre le Bheith ina Mbóithre Poiblí

De réir fhoráil Acht na mBóithre, 1993, TUGANN COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE FÓGRA LEIS SEO go bhfuil sí ag smaoineamh ar dhearbhú a dhéanamh go mbeadh na bóithre ar an liosta thíos ina mbóithre poiblí. Breithneoidh an Chomhairle an t-ábhar seo ag cruinniú a thionólfar tráth nach luaithe ná an 12 Nollaig, 2016.

Tá na bóithre atá luaite léirithe ar léarscáil ar féidir í a iniúchadh i gcaitheamh uaireanta oifige, 9am go dtí 4pm, i bhFortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, i gcaitheamh na tréimhse go dtí an Chéadaoin, 3 Samhain, 2016 agus an dáta sin san áireamh. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte poiblí a thógáil i gcúram taobh istigh den limistéar a bhfuil imlíne dhearg timpeall air sna léarscáileanna, gan limistéir phríobháideacha san áireamh. Ní mór agóidí nó aighneachtaí maidir leis an togra a bheith faighte ag an té a bhfuil a ainm thíos tráth nach déanaí ná 4pm, Dé Luain, an 17 Samhain, 2016.

BÓTHAR

(Ainm an Eastáit)

CUR SÍOS

Bóthar Droma Ros Caoin

Ros Cam, Gaillimh.

Bóithre agus seirbhísí laistigh de na réimsí atá ar taispeáint ar Líníocht Uimh TIC 2016 003, laistigh den eastát tithíochta darb ainm Ros Cam, ag tosú ag a acomhal leis an L-5036-0, Bóthar Dhabhach Uisce agus ag síneadh soir fad 495 méadar líneach go dtí an bealach isteach chuig Eastát an Bhoireann Bheag.

Liníocht

Sínithe: Joe O'Neill,
Stiúrthóir Seirbhísí, Pleanáil agus Iompar,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.