Latest News

Dréachtchlár na dToghthóirí 2017/2018


Dréachtchlár na dToghthóirí 2017/2018

Tá Dréachtchlár na dToghthóirí 2017/2018 (cáipéis bhándearg) foilsithe anois agus is féidir féachaint air ag Oifigí Poist, Stáisiúin an Gharda Síochána, Leabharlanna Poiblí agus oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, nó ar líne ag www.checktheregister.ie

Is é an Clár atá á ullmhú faoi láthair a bheidh i bhfeidhm do gach toghchán a d'fhéadfaí a reáchtáil idir an 15 Feabhra 2017 agus an 14 Feabhra 2018. Aon duine nach bhfuil a (h)ainm ar an Dréachtchlár seo, nó a bhfuil a (h)ainm mícheart air, is féidir leis/léi éileamh a dhéanamh ar chlárú nó ar iontráil a cheartú ach an t-éileamh a chur i scríbhinn chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe tráth nach déanaí ná an 25 Samhain 2016. Is féidir an fhoirm oifigiúil (RFA1) atá le húsáid a fháil, ar iarratas, ó oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sí ar fáil ar líne freisin ag www.galwaycity.ie

Ba cheart do gach duine a bheidh 18 mbliana d'aois nó os a chionn an 15 Feabhra 2017 an Dréachtchlár a sheiceáil anois lena chinntiú go mbeidh siad in ann vóta a chaitheamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Dréachtchlár, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536 538 i gcaitheamh gnáthuaireanta oifige nó seol ríomhphost chuig register@galwaycity.ie

Dermot Mahon,
Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin.