Latest News

Fógra Rúin: Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - Ardeaglais: Lúb-Bhóthar an Phríosúin chuig Bóthar na hOllscoile (an chuid Iartharach amháin)


Fógra Rúin: Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - Ardeaglais: Lúb-Bhóthar an Phríosúin chuig Bóthar na hOllscoile (an chuid Iartharach amháin)

BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH
Acht na mBóithre 1993 - Alt 75
Rialacháin na mBóithre 1994 - Airteagal 12
Fógra Rúin


Liníocht

TUGTAR LEIS SEO FÓGRA go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh trína ndúnfar:-

Ardeaglais: Lúb-Bhóthar an Phríosúin chuig Bóthar na hOllscoile (an chuid Iartharach amháin).

Tréimhse an Dúnta: Ón 8am ar an Luan 13 Feabhra go dtí 6pm ar an Mháirt 21 Feabhra, 2017.

An Chúis: Leis an Nóibhéine bhliantúil ag an Ardeaglais a éascú.

Bealaí Malartacha: Beidh bealach isteach agus amach ó Charrchlós na hArdeaglaise ann via an bealach amach is gaire do Dhroichead na mBradán.

Bealaí Atreoraithe: Is féidir le carranna taisteal ar Bhóthar an Phríosúin agus teacht amach ar an Oileán Altanach agus ansin Sráid an Mhuilinn.

Beidh bailiú/tuirlingt paisinéirí bus teoranta don taobh thoir do Bhóthar an Phríosúin.

Is féidir na doiciméid a scrúdú ag an Roinn Iompair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le linn ghnáthuaireanta oifige, ón 9am ar maidin go dtí an 4pm tráthnóna, Luan go hAoine. Is féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an dúnta shealadaigh bheartaithe i scríbhinn chuig an té a bhfuil a síniú tugtha thíos, roimh an 12 nóin, Déardaoin, 19 Eanáir, 2017.

Sínithe: Thomas Connell,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Iompar, Áineas & Conláiste agus Seirbhísí Corparáideacha.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats,
Bóthar an Choláiste, Gaillimh.