Latest News

Seirbhísí Leictreachais agus Pluiméireachta d’Údaráis Áitiúla


Seirbhísí Leictreachais agus Pluiméireachta d’Údaráis Áitiúla

Beidh Creataí d'Údaráis Áitiúla maidir le soláthar Seirbhísí Leictreachas agus Pluiméireachta á bhfoilsiú ag Ionad um Sholáthar Oibríochtúil an Údaráis Áitiúil (LGOPC) in 2017 agus 2018.

Beidh comórtas á reáchtáil ag an LGOPC chun soláthraithe a cheapadh don Chreat. Beidh comórtais á rith ansin ag na húdaráis áitiúla leis na soláthraithe seo ina gceantar ar leith féin d'fhonn seirbhísí leictreachais agus pluiméireachta a sholáthar.

Chun fógra maidir leis an dáta foilsithe a fháil agus chun teacht ar an doiciméadacht, cinntigh le do thoil go bhfuil tú cláraithe le suíomh gréasáin na hOifige um Sholáthar Rialtais, www.etenders.gov.ie.

Más mian leat breis eolais a fháil mar gheall ar na Creataí seo a bheidh ag teacht aníos, déan teagmháil le Deasc Chabhrach an LGOPC ag 076 1064020 nó seol ríomhphost go dtí eproc@kerrycoco.ie.

Ainm an Chreata

Dáta

Foilsithe

Dáta

Foilsithe

Suíomh Gréasáin Foilsithe

Ceapachán ar Chreat-chomhaontú Ilpháirtí le haghaidh

SEIRBHÍSÍ LEICTREACHAIS

d'Údaráis Áitiúla

09 - Eanáir -2017

17-Feabhra-2017 15.00 uair an chloig

www.etenders.gov.ie

Ceapachán ar Chreat-chomhaontú Ilpháirtí le haghaidh

SEIRBHÍSÍ PLUIMÉIREACHTA

d'Údaráis Áitiúla

Seachtain na 16 - Eanáir 2017

Seachtain na 20 - Feabhra 2017

www.etenders.gov.ie