Latest News

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 oscailte d’ainmniúcháin


Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 oscailte d’ainmniúcháin

Dúirt sé: “Chuir bhur gcuid oibre go mór le scéal cultúrtha na Gaillimhe thar na mblianta. Chruthaigh sé a scéal speisialta féin don chathair a bhfuilimid bródúil as. Guím gach rath ar bhur gcuid oibre”.

Cuireann an preasócáid seo tús le bliain speisialta do Ghaillimh le Gaeilge agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Tá Gradam Sheosaimh Úí Ógartaigh, Gradam gnó dátheangach na Gaillimhe, eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, oscailte d’ainmniúcháin anois.

Ag fógairt urraí an Ghradaim dúirt an Méara:

“Táim an-sásta a fhógairt gurb é an Galway Advertiser príomhurra na meán arís i mbliana. Tá TG4 ag déanamh athnuachana ar a chuid urraíochta do na buaiteoirí san iomlán, mar aon le hurraí na gcatagóirí a leanas; Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.Údarás na Gaeltachta, ARÓ agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag cur urraíochta ar fáil don bhuaiteoir iomlán freisin. Braitheann rath an Ghradaim go mór ar thacaíocht agus ar rannpháirtíocht an phobal gnó agus ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt daoibh go léir as bhur dtacaíocht leanúnach agus rannpháirtíocht sa Ghradam. Is comhartha ómóis an Gradam chomh maith, don fhear gnó iomráiteach agus fear a bhí gníomhach ar son na Gaeilge agus a bhfuil a ainm luaite leis an nGradam, an tUasal Seosamh Ó hÓgartaigh [nach maireann], ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.”

Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, agus í ag labhairt faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh gur fiú go mór d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht i gcathair na Gaillimhe páirt a ghlacadh ann:

“Tá sé feicthe againn go léir an chaoi a raibh an Ghaeilge ina buntáiste  do Ghaillimh chun an teideal Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach mar sin, go leanfaimid orainn ag cur ‘Gaillimh–Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020’ chun cinn i gcónaí inár gcuid iarrachtaí cultúrtha agus nach luífimid ar na maidí sna hiarrachtaí sin.  I dteannta a chéile, tarraingeoidh muid aird idirnáisiúnta ar an gcáil atá ar chathair na Gaillimhe mar chathair uathúil chultúrtha dhátheangach.”

Trí pháirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, tá tú ag cur le próifíl do ghnó agus freisin tá seans agat réimse duaiseanna agus buntáistí iontacha a bhuachan de luach os cionn €23,000. Tá trí mhí fágtha sula dtosaíonn an próiseas moltóireachta, mar sin,  tá neart ama chun an Ghaeilge a shní isteach i do ghnó nó i d’eagraíocht agus tá Gaillimh le Gaeilge ar fáil chun cuidiú i rith an phróisis go léir.

Tá an Gradam oscailte do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe nach mbíonn ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge ná ag feidhmiú faoi choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo agus tá Gaillimh le Gaeilge ar fáil chun tú a threorú tríd an bpróiseas. Is fiú an tairbhe an trioblóid! Logáil isteach i www.gleg.ie chun iontráil a dhéanamh ar líne nó déan teagmháil le 091 568876. Is féidir leat do ghnó féin a ainmniú nó is féidir leat gnó dhuine eile a ainmniú don Ghradam. An spriocdháta d’ainmniúcháin ná; Dé Luain, 13 Feabhra 2017. Táimid ag fanacht le d’iarratas!