Latest News

Imeachtaí líonraithe do ghnólachtaí turasóireachta i nGaillimh


Imeachtaí líonraithe do ghnólachtaí turasóireachta i nGaillimh

Mar fhreagra ar iarratais ón earnáil turasóireachta áitiúil, tá trí imeacht líonraithe do ghnólachtaí turasóireachta á n-eagrú ag Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Fáilte Éireann;

Déardaoin an 9ú Márta, Óstán Bhaile Locha Riach , Baile Locha Riach, 09.30-12.30.

Dé Máirt an 14ú Márta, Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, 09.30-12.30.

Déardaoin an 16ú Márta, Óstán Chonnacht, Gaillimh, 09.30-12.30.

Is éard a bheidh san imeacht ná 2.5 uair an chloig de choinní líonraithe le gnólachtaí turasóireachta eile, agus tabharfaidh Fáilte Éireann tuairisc gearr ar an obair atá á déanamh acu agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Is gá clárú roimh ré chun freastal ar na himeachtaí seo, agus is féidir le gnólachtaí turasóireachta clárú ag an nasc seo: www.surveymonkey.com/r/GalwayTourismNetworking

Moltar clárú go luath mar go bhfuil srian ar an líon áiteanna atá ar fáil ag na himeachtaí. Is é Dé Céadaoin an 1ú Márta an dáta deiridh chun clárú.

Tá na himeachtaí seo á n-eagrú i ndiaidh dul i gcomhairle le lucht an tionscail turasóireachta. Is iad na chéad imeachtaí iad i sraith imeachtaí atá beartaithe do 2017. Braithfidh an rath a bheidh orthu ar spéis agus ar rannpháirtíocht lucht an tionscail turasóireachta.