Latest News

Nuashonrú ar Thogra Feabhsúcháin Rochtana na Páirce Móire


Nuashonrú ar Thogra Feabhsúcháin Rochtana na Páirce Móire

Cheap Comhairle Cathrach na Gaillimhe AECOM i mí na Samhna 2016 chun tabhairt faoi Thogra Feabhsúcháin Rochtana na Páirce Móire. Áirítear leis an togra sin, bearta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun feabhas a chur ar rochtain do gach cineál bealach iompair go dtí ceantar na Páirce Móire. Áirítear leis na bearta sa ghearrthéarma síneadh a chur le dhá lána ar Bhóthar na Páirce Móire chomh fada le comharthaí tráchta na Páirce Móire agus athruithe ar leagan amach na lánaí ag dul chomh fada le hacomhal Chnoc Mhaoil Drise chun go mbeidh 2 lána ann ina bhféadfar casadh ar chlé uathu. Tá gealltanas tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidh na bearta sa ghearrthéarma sin curtha i gcrích faoin dara ráithe, 2017. Tá siad sin curtha i gcrích roimh an sprioc-am a bhí leagtha síos agus tá a bhformhór críochnaithe amach uilig. Tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh athbhreithniú ar na bearta sa ghearrthéarma seo sna seachtainí atá amach romhainn chun éifeachtacht na mbearta a scrúdú.

Liníocht

Tá tuilleadh Oibreacha sa Ghearrthéarma socraithe do na míonna atá amach romhainn, ina measc:

- Rialtóir Tráchta a athsholáthar ag Comhartha Tráchta Chnoc Mhaoil Drise

- Feabhsúcháin ar Bhóthar Dhabhach Uisce/ an t-acomhal ag Seanbhóthar Bhaile an Bhriotaigh

- Síneadh ar ar gCasadh ar Dheis ar an N6

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus a gcomhairleoirí, i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an IDA ag obair faoi láthair ar na Bearta Feabhsúcháin sa Mheántéarma.