Latest News

Tairiscint maidir le hoibriú Botha ag Trá na mBan, Bóthar na Trá


Tairiscint maidir le hoibriú Botha ag Trá na mBan, Bóthar na Trá

Cuirfear fáilte roimh thairiscintí ó dhaoine cáilithe oiriúnacha d’oibriú agus do chothú Botha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag an suíomh thuas.

 

Táthar ag súil go mbeidh an bhoth oscailte ó Cháisc 2017 go dtí lár Dheireadh Fómhair 2017 agus go gcuirfear taenna, caife, deochanna neamh-mheisciúla agus milseogra ar fáil, cosúil leis na blianta roimhe seo. Caithfidh iad siúd a bheidh ag tairiscint sin a dhéanamh ar bhonn na n-uaireanta oscailte mar a leanas:

9am go 7pm – 7 lá sa tseachtain

 

Is féidir leis na daoine atá ag iarraidh tairisceana a chur isteach ar oibriú na háise amharc ar na doiciméid thairisceana ar www.galwaycity.ie nó doiciméid a fháil ón Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh le linn ghnáthuaireanta oifige.

 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le doiciméid tairisceana, a chaithfear cur isteach ar chóip chrua chuig an Roinn Áineasa agus Conláiste, ná 12 meán lae, Dé hAoine 31 Márta, 2017.

 

Tomás Ó Conaill,

Stiúrthóir Seirbhísí,

Stiúrthóireacht Iompair, Áineasa & Conláistí agus Seirbhísí Corparáideacha.