Latest News

Scéim Dámhachtana Deontais d’Fhéilte Pobail Áitiúla 2017


Scéim Dámhachtana Deontais d’Fhéilte Pobail Áitiúla 2017

Tá iarratais á lorg don Scéim Damhachtana Deontais d'Fhéilte Pobail Áitiúla 2017. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe maoiniú ar fáil chun tacú le féilte pobail áitiúla sa chathair arís i mbliana. Is é an cuspóir atá leis go mbeidh áitritheoirí áitiúla rannpháirteach ina gcomharsanachtaí féin ar fud na cathrach agus déanfar iad a spreagadh, tabharfar tacaíocht dóibh agus beifear á gceiliúradh.

Má tá imeacht á bheartú ag d'eagraíocht i do cheantar áitiúil, b'fhéidir go mbeadh sibh i dteideal deontas a fháil faoin scéim seo. Ní bhronnfar deontais d'imeachtaí ócáideacha nó "aon uaire" mar chuir i láthair ceoil, ceiliúradh ar lá náisiúnta nó laethanta spóirt.

Tá an scéim seo deartha go háirithe chun tacú le himeachtaí áitiúla ar mhionscála a bheidh eagraithe ag daoine áitiúla in 2017.

Is féidir na foirmeacha iarratais a fháil anois ó:

An Rannóg Pobail & Cultúir,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste, Gaillimh
091 536 406

nó is féidir iad a íoschóipeáil ó www.galwaycity.ie

Ba chóir foirmeacha iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an seoladh thuas roimh an 9 Meitheamh 2017

Eileen Ruane
Stiúrthóir Seirbhísí,
Forbairt Eacnamaíoch, Pobal agus Cultúr,
Comhshaol agus Athrú Aeráide