Latest News

DRÉACHT MHÁISTIRPHLEANANNA: (1) AN PHÁIRC THEAS (2) TAILTE BHAILE AN RÍ


DRÉACHT MHÁISTIRPHLEANANNA:  (1)	AN PHÁIRC THEAS    (2)	TAILTE BHAILE AN RÍ

COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE

DRÉACHT MHÁISTIRPHLEANANNA:

(1) AN PHÁIRC THEAS

(2) TAILTE BHAILE AN RÍ

 

Tá Dréacht-Mháistirphleananna ullmhaithe ag an gComhairle Cathrach do na háiteanna thuasluaite.  Mar chuid den phróiseas don chomhairliúchán poiblí, beidh na Dréachtphleananna ar taispeáint go poiblí ón 25 Bealtaine go dtí an 14 Iúil, 2017. Féadfar na dréachtcháipéisí a scrúdú ag an Deasc do Sheirbhísí Custaiméirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh le linn uaire oifige.

 

Iarrtar ar an bpobal a gcuid aighneachtaí maidir leis na Dréachtphleananna a dhéanamh agus iad a sheoladh lena mbreithniú roimh an 12 meán lae, Dé hAoine, an 14 Iúil 2017 chuig an Rannóg Caitheamh Aimsire & Áineasa, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó ríomhphost parks@galwaycity.ie

 

 

Tomás Ó Conaill,

Stiúrthóir Seirbhísí,

An Stiúrthóireacht Iompair, Caitheamh Aimsire & Áineasa agus Seirbhísí Corparáideacha.

 

Dáta:  25 Bealtaine, 2017