Latest News

Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1-2017 (Criosanna Malla in Eastáit Tithíochta)


Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1-2017 (Criosanna Malla in Eastáit Tithíochta)

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe,i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thráchtar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004) Fodhlíthe a dhéanamh, is é sin Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre(Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1-2017 (Criosanna Malla in EastáitTithíochta), maidir le luasteorainneacha 30km/u a chur i bhfeidhm in eastáit tithíochta ina limistéar riaracháin.

Beidh cóip de na Fodhlíthe beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigí na Comhairle Cathrach, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh idir 9am agus 4pm ón Aoine 26 Bealtaine 2017 go dtí an Mháirt 27 Meitheamh 2017.

Is féidir cóip de na Fodhlíthe beartaithe, nó aon chuid díobh, a fháil ach iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Is féidir le haon duine uiríll nó aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an duine a bhfuil a ainm sínithe thíos tráth nach déanaí ná 4pm Dé Céadaoin 12 Iúil 2017, agus cuirfidh an Chomhairle Cathrach aon uiríll nó aighneachtaí den sórt sin san áireamh sula ndéanfaidh sí na Fodhlíthe.

Na Fodhlíthe Bearaithe

Barda Láir

Barda Thoir

Barda Thiar

Thomas Connell,

Stiúrthóir Seirbhísí,

Stiúrthóireacht Iompar, Áineas & Conláiste agus Seirbhísí Corparáideacha,

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats,

Bóthar an Choláiste, Gaillimh.