Latest News

Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe


Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe

An bhfuil teach nó árasán folamh agat, nár mhór deisiú a dhéanamh air, ach níl an t-airgead agat? Má tá, seans go gcuirfidh tú spéis sa scéim thuas.

Faoin scéim seo, is féidir áiteanna cónaithe folmha a athchóiriú agus mar chúiteamh, cuirtear an réadmhaoin ar fáil don Chomhairle le haghaidh tithíocht shóisialta trí shocrú léasa.

Tá buntáistí ag gabháil leis seo d'úinéir na réadmhaoine, ar nós:

· Cíos ar féidir brath air

· Ní gá déileáil le tionóntaí

· Ní gá gnáth-chothabháil a dhéanamh air

· Ní gá cíos a bhailiú ná tionóntaí a aimsiú

· Ní chailltear teacht isteach nuair a bhíonn an teach folamh

Gheofar tuilleadh eolais, mar aon le foirm iarratais agus na sonraí iomlána ar ár suíomh gréasáin www.galwaycity.ie/housing

Más dóigh leat go n-oirfeadh an scéim seo duitse, cuir glao ar-

An Roinn Tithíochta
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Halla na Cathrach
Bóthar an Choláiste
Gaillimh

Teileafón 091 894371 nó ríomhphost: housing@galwaycity.ie