Latest News

CEADÚNAIS DO PHÁIRCEANNA IMEARTHA DON SÉASÚR 2017-2018 Tréimhse an Cheadúnais – 1 Lúnasa, 2017 go dtí an 30 Meitheamh, 2018


CEADÚNAIS DO PHÁIRCEANNA IMEARTHA DON SÉASÚR 2017-2018 Tréimhse an Cheadúnais – 1 Lúnasa, 2017 go dtí an 30 Meitheamh, 2018

CEADÚNAIS DO PHÁIRCEANNA IMEARTHA DON SÉASÚR 2017-2018
Tréimhse an Cheadúnais – 1 Lúnasa, 2017 go dtí an 30 Meitheamh, 2018

Fáilteofar roimh iarratais ar Cheadúnais do Pháirceanna Imeartha don séasúr 2017-2018 agus caithfear na cáipéisí cuí a chur isteach leis na foirmeacha.  Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ón Rannóg Caitheamh Aimsire & Taitneamhachta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh 091 536565 nó trí fhoirm iarratais a íoschóipeáil ón suíomh ag www.galwaycity.ie

Caithfear na foirmeacha iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:-

 

Gearóid Ó Conghaile,

An Rannóg Caitheamh Aimsire & Taitneamhachta,

Comhairle Cathrach na Gaillimhe,

Halla na Cathrach,

Bóthar an Choláiste,

Gaillimh

Is é an 4pm an 23 Meitheamh, 2017 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais