FÓGRA SUÍMH
FÓGRA FAOI ALT 179 DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000, ARNA LEASÚ & CUID 8, AIRTEAGAL 81 DE NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001, ARNA LEASÚ
De bhun riachtanais Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, tá Fógra á thabhairt leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tabhairt faoin bhforbairt seo a leanas:
OIBREACHA ATHSHLÁNAITHE AG TÚR TUMTHA NA CARRAIGE DUIBHE, SÉADCHOMHARTHA COSANTA.
Na hOibreacha a bheidh san áireamh:
Seo a leanas achoimre de na hoibreacha atá beartaithe:
a) Lámhráillí a fheistiú ag na céimeanna agus ag áiteanna eile a mbeadh contúirt ann go bhféadfaí titim ann:
b) Lámhráillí nua a sholáthar ar an mbealach go dtí an túr tumtha;
c) Lámhráillí nua a sholáthar in áiteanna ar leith den túr tumtha;
d) Na lámhráillí atá cheana féin ag an túr tumtha a ghlanadh agus a phéinteáil an athuair;
e) Céimeanna nua a chur in áit na gcéimeanna atá briste;
f) An t-urlár briste ar fad atá ar an deic a mheilt;
g) An treisiú faoi leibhéal deic 2 a nochtadh, an chruach a chóireáil agus coincréit a spraeáil;
h) An treisiú ag na colúin bhriste a nochtadh, an chruach a chóireáil agus coincréit a spraeáil;
i) Lámhráillí nua a chur in áit na lámhráillí atá briste;
j) Deic coincréite nua a dhóirteadh chun go mbeidh gach dromchla mín chomh maith leis an mbealach isteach chuige;
k) Geataí nua a sholáthar chun nach féidir teacht isteach via staighre inmheánach;
l) An phéint a ghlanadh ón struchtúr coincréite agus é a phéinteáil an athuair;
m) Comharthaí a sholáthar;
n) Scáthlán inaistrithe a sholáthar do ghardaí tarrthála (míonna an tsamhraidh agus sin amháin)
Beidh pleananna agus mioneolas faoin bhforbairt atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ar feadh tréimhse 6 seachtaine ag oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar atá sa liosta thíos;
An Oifig Phleanála,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
Beidh pleananna agus mioneolas faoin bhforbairt atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach ag an Oifig Phleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Gaillimh le linn gnáthuaire oifige (i.e. 9:00am go dtí 4:00 pm ó Luan go hAoine) ón 27úAibreán 2017 go dtí an 8úMeitheamh 2017.
Is féidir aighneachtaí agus tuairimí maidir leis an bhforbairt atá beartaithe a chur isteach i scríbhinn agus ba chóir iad a sheoladh chuig an bPleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Gaillimh, nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie, roimh 4:00 pm an 22úMeitheamh 2017.
Tabhair ar aird le do thoil nach mbeidh aon táille i gceist chun aighneacht nó tuairim a thabhairt.
Sínithe:
_______________________________
An tUasal Thomas Connell
Stiúrthóir Seirbhísí,
Stiúrthóireachta Iompair, Áineasa & Conláiste, agus Seirbhísí Corparáideacha.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
Dáta: 27úAibreán 2017