Latest News

Deontais Fhéilte Pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Seolta


Deontais Fhéilte Pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Seolta

Tá Scéim Bhliantúil Ghradaim Deontais d'Fhéilte Pobail Áitiúla fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Beidh eagraíochtaí áitiúla atá i mbun imeachtaí a phleanáil sa chathair sna míonna atá amach romhainn i dteideal deontais faoin scéim seo.

Sna blianta roimhe seo, fuair féilte áitiúla ar fud na cathrach tacaíocht chun daoine áitiúla a spreagadh le bheith rannpháirteach agus gníomhach agus chun cur le spiorad pobail sna seaneastáit agus sna eastáit agus sna ceantair nuathógtha sa chathair.

In 2016, fuair imeachtaí agus féilte i nDabhach Uisce, ar an Rinn Mhóir, i dTír Oileáin agus i Westside maoiniú. Tá ciste iomlán de €8,000 ar fáil don bhliain seo agus iarrtar ar ghrúpaí áitiúla ar suim leo é iarratas a dhéanamh ar dheontas.

Ní bhronnfar deontais d'imeachtaí ócáideacha nó d'imeachtaí "aon uaire" mar chuir i láthair ceoil, ceiliúradh ar an lá náisiúnta nó laethanta spóirt ach is scéim sonrach í seo atá leagtha amach chun tacú le himeachtaí áitiúla ar mhionscála a bhíonn é eagrú ag daoine áitiúla in 2017.

Is féidir an fhoirm iarratais a fháil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar an idirlíon ag

http://www.galwaycity.ie/application-forms.

Tá leagan amach an-simplí ar an bhfoirm agus tá na critéir a bhainfear leas astu chun incháilitheacht a mheas curtha san áireamh freisin. Ba chóir foirmeacha iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais roimh Dé hAoine, an 8 Meithimh chuig an Rannóg Pobail & Cultúir i gComhairle Cathrach na Gaillimhe agus déanfar cinntí ar chúnamh deontais le linn mhí an Mheithimh 2017.