How can we help you?
Gaeilge
Image Details:

'Kirwan's Lane'
Alex Zarodov

Latest News

Páirceáil Íoc agus Taispeáin - Dé Domhnaigh

Aug 1, 2017

Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil feidhm ar an Domhnach anois freisin le páirceáil Íoc agus Taispeáin, agus tú ag páirceáil ar an tsráid agus i gcarrchlóis.

Seo a leanas na huaireanta a ghearrfar táille maidir le gach páirceáil Íoc agus Taispeáint:

  • 8.30am-6.30pm ó Luan go Satharn
  • 1pm - 6pm ar an Domhnach.

Seo a leanas na táillí a ghearrfar ar pháirceáil Íoc agus Taispeáint ar an tsráid: 50 cent ar 15 nóiméad, €2 ar uair an chloig agus €4 ar dhá uair an chloig. 50 cent an táille íosta agus níl cead fanacht níos faide ná 2 uair an chloig.

Tá carrchlóis fhadtéarmacha lonnaithe ag an Rás-Raon Con, ar Bhóthar na Díge agus ag Ardeaglais na Gaillimhe agus gearrfar ráta lae €4, is cuma cén t-am a thiocfaidh tú nó cé chomh fada agus a bheidh tú ann.

Tá carrchlóis ghearrthéarmacha lonnaithe ag Sráid an Mhuilinn agus ag Bóthar Shandair agus tá feidhm leis an ráta €2 in aghaidh na huaire iontu.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag: http://www.galwaycity.ie/traffic-transport-parking/parking-in-galway-city