Latest News

Do Dhramhaíl a Bhainistiú agus ag tabhairt aire don Timpeallacht – Tionscnamh Frith-dhumpála 2017


Do Dhramhaíl a Bhainistiú agus ag tabhairt aire don Timpeallacht – Tionscnamh Frith-dhumpála 2017

Sheol an tAire Denis Naughton, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus an Comhshaoil feachtas Tionscnaimh Frith-dhumpála 2017 i mBéal Átha na Sluaighe Dé Luain an 13 Márta, 2017. Is é aidhm an tionscnaimh maoiniú a chur ar fáil do thograí chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach lena n-áirítear soláthar tacaíochta chun monatóireacht agus faire a dhéanamh ar cheantair a mbíonn go leor bruscair á chaitheamh ann agus cur chuige lánpháirtithe pobalbhunaithe agus éifeachach a fhorbairt chun déileáil leis an bhfadhb ollmhór seo.

Thug an Roinn le fios go raibh leithroinnt tosaigh de €650,000 á chur ar fáil chun tacú leis an tionscnamh sin agus go ndéanfaí é a sheachadadh trí oifigí WERLA (an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola).

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarratas chun feachtas feasachta comhshaoil/dramhaíola feadh na Cathrach a mhaoiniú i gcomhar le tionscnamh píolótach frithdhumpála i gceantar an Bhaile Bháin ar a dtugtar le chéile ' Do dhramhaíl a bhainistiú agus ag tabhairt aire don Timpeallacht

Ceadaíodh uasdeontas de €20,889 do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i ndáil leis an iarratas a cuireadh isteach faoin Tionscnamh Frithdhumpála 2017.

Sheol Méara Chathair na Gaillimhe Pearse Flannery an Feachtas go hoifigiúil in Ionad Acmhainne Pobail an Bhaile Bháin Dé Céadaoin, an 30 Lúnasa.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, d'fháiltigh an Méara Flannery roimh an bhfeachtas don chathair. Is é aidhm an fheachtais comhairle a thabhairt ar nithe dramhaíola agus comhshaoil, lena n-áirítear cur amú bia agus an úsáid chuí as na boscaí bruscair athchúrsála agus dramhaíola. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoin raon roghanna diúscartha dramhaíola atá ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gCathair na Gaillimhe, ina measc an Láithreán Conláiste Cathartha atá lonnaithe ag Eastát Tionsclaíochta an Leasa Bháin, Bóthar Thuama agus an tSeirbhís Bailithe Earraí Téagartha agus na Bainc Thabhartha atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach glaoch ar 091-536400 nó féach air www.galwaycity.ie.