Latest News

Lárionad Cruthaitheach do Leanaí á Dhéanamh de Chaisleán an Léana Bháite


Lárionad Cruthaitheach do Leanaí á Dhéanamh de Chaisleán an Léana Bháite

É COMHAONTAITHE GO N-AISTREOFAR DÍLLEACHTLANN SHIÚRACHA NA TRÓCAIRE CHUIG COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE

 

Fógraíodh ag cruinniú míosúil na Comhairle i Halla na Cathrach, Gaillimh Dé Luain (11 Meán Fómhair) go raibh sé comhaontaithe go n-aistreofar úinéireacht Dhílleachtlann Naomh Áine ag an mBóthar Ard, Gaillimh ó Shiúracha na Trócaire chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Chuir Siúracha na Trócaire eolas faoin aistriúchán in iúl do chomhaltaí na comhairle agus tá siad ag cur suim airgid ar fáil freisin chun cuidiú leo Lárionad Cruthaitheach do Leanaí a chruthú.

 

Bhí Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun cainte le Siúracha na Trócaire, Proibhinse an Iarthair, le roinnt blianta anuas faoi úsáid Chaisleán an Léana Bháite ar an mBaile Ard sa todhchaí. Cuireadh na Comhaltaí Tofa ar an eolas go raibh 'Príomhranna Comhaontaithe' á dtabhairt chun críche faoi láthair idir Siúracha na Trócaire agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun úinéireacht Chaisleán an Léana Bháite a aistriú chomh maith le cuid de na tailte ag an mBaile Ard/Lána na Corónach Muire chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí úsáid á bhaint roimhe seo as an bhfoirgneamh seo ar thailte idir An Baile Ard agus Lána na Corónach Muire mar dhílleachtlann, teach altranais do leanaí agus ionad cúram sóisialta do leanaí agus do dhaoine óga faoin ainm 'St Anne's' ag Siúracha na Trócaire agus níos déanaí ag Bord Sláinte an Iarthair/Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - An tIarthar. Sa bhreis air sin, aistreoidh Siúracha na Trócaire suim airgid luach €750,000.00 chuig an gComhairle Cathrach chun an mhaoin a dheisiú agus a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe Caisleán an Léana Bháite a fhorbairt anois mar Lárionad Cruthaitheach agus Cultúir do Leanaí agus do Dhaoine Óga ina dtabharfar tacaíocht, go gcothófar agus go spreagfar obair chultúir agus ealaíonta leis na leanaí agus daoine óga agus ar a son freisin.

I bhfianaise cúlra an fhoirgnimh, go háirithe le linn an 20ú hAois, roghnaigh Siúracha na Trócaire agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe araon go mbeadh sé oiriúnach go gcruthófaí áit speisialta i gCaisleán an Léana Bháite chun leanaí agus daoine óga a chothú agus tacú leo a bheith rannpháirteach chun a gcuid samhlaíochta a fhorbairt agus mianta a gcroí a chur in iúl. Labhair an Príomhfheidhmeannach, Brendan McGrath le roinnt eagraíochtaí, ina measc An Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon do Leanaí Baboró, Branar, Téatar do Pháistí, Sorcas Pobail na Gaillimhe agus daoine eile a bhíonn ag obair sa réimse cruthaitheachta do leanaí agus sa réimse cultúir faoi bhaint a bheith acu féin le cruthú Lárionad Cruthaitheach do Leanaí ag Caisleán an Léana Bháite. Thacaigh siad go léir go fonnmhar leis an bhforbairt atá beartaithe.

Agus é ag labhairt faoin bhforbairt, deir Breandan McGrath gur forbairt shuntasach dhearfach atá anseo. Deir sé go dtugann sé seo deis chun Gaillimh a chur chun cinn mar fhórsa cultúir inbhuanaithe; tugtar aitheantas d'áit leanaí ag croílár forbartha na cathrach agus deir go bhfreastalófar ar riachtanais leanaí agus daoine óga chun a chinntiú go mbeidh eispéireas tacúil, samhlaíoch agus cothaitheach acu i spás cruthaitheach."