Latest News

Comórtas Bhailte agus Ghairdíní Slachtmhara na Gaillimhe 2017 - Na Torthaí Fógartha


Comórtas Bhailte agus Ghairdíní Slachtmhara na Gaillimhe 2017 - Na Torthaí Fógartha

Tá na torthaí do Chomórtas Bhailte agus Ghairdíní Slachtmhara na Gaillimhe na bliana seo fógartha. Ba é Michael Duffy, 10 An Bábhún buaiteoir foriomlán an Ghairdín Tosaigh. Ba iad Phil & John Holland, 15 Bóthar Loch an tSáile an buaiteoir don iarrthóir a chur isteach ar an gcomórtas den chéad uair. Ba í Anna Marie O'Brien, 37A Páirc an Labhrais, agus ba é John Connaughton, 58 Corrán San Séamas a bhuaigh sa chatagóir do na Plásóga is Fearr.

Bronnadh an gradam don Cheantar Cónaithe is Fearr, 20-50 teach cónaithe ar Fhearann Dara. Bronnadh an gradam don Cheantar Cónaithe is fearr, 50-200 teach cónaithe ar an gCladach agus ainmníodh An Rinn Mhór mar an Ceantar Cónaithe is fearr ina bhfuil 200 teach cónaithe nó níos mó ann.

Bronnadh an gradam don Theach Lóistín Cláraithe is fearr ar Bhrú Barnacles. Seo a leanas roinnt de na buaiteoirí eile Páirc Mhuirlinne, Óstán an Ardoileáin, Eaglais an Aiséirí, Baile an Phoill, Ósta an Huntsman Inn, Iascaigh Intíre. Ar na torthaí sa chatagóir don ghairdín scoile is fearr bhí Scoil Náisiúnta Naomh Eoin Baiste agus bhuaigh Scoil an Linbh Íosa an taispeántas bláthanna is fearr. Ba é Gairdín Pobail Westside an buaiteoir sa chatagóir don tionscadal grúpa pobail is Fearr.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe moladh a thabhairt do na daoine go léir a ghlac páirt dá gcuid iarrachtaí chun feabhas a chur ar a gceantar áitiúil. Tugann an Chomhairle aitheantas don méid oibre a dhéantar ar bhonn deonach ar fud Chathair na Gaillimhe chun cuma na gceantar agus na n-eastát cónaithe a chothabháil agus a fheabhsú.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh tacaíocht agus leas leanúnach sa chomórtas áitiúil seo, a bhfuil sé mar aidhm leis sealbhóirí tí agus gnólachtaí a spreagadh chun mórtas níos fearr agus suim níos mó a bheith acu ina gcuid gairdíní féin, chun breisfhorbairt agus feabhas a chur ar Chathair na Gaillimhe. Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghlacadh le gach duine a thug tacaíocht dóibh maidir le comórtas 2017 agus ba mhaith linn tuilleadh teaghlaigh agus gnólachtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bhfeachtas na mBailte Slachtmhara i gCathair na Gaillimhe. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Fiona Coen, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ríomhphost fiona.coen@galwaycity.ie.